Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/135

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
131
NIAṀ

Táimíd anois ag dul sa deiċṁaḋ céad blian ó fuair Brian agus a ṡlóiġte an buaḋ san. Do ċoimeád ár sínsear cuiṁne air. Ṫugadar dúinne an cuiṁne sin le coimeád. Is ceart dúinn greim daingean a ċoimeád air. Caiṫtear go minic ins na súiliḃ orainn ná fuil aon níḋ ag baint le n-ár sínsear gur féidir dúinn aon ṁaoiḋeaṁ ró ṁór a ḋéanaṁ as. Tá againn, i sgéal na mná óige sin, cúis ṁaoiḋte agus aḋḃar creideaṁna ná fuil a leiṫéid le fáġail i seanaċus aon tíre eile fé luiġe na gréine indiu. Tá ceangailte orainn, ní h-aṁáin cuiṁne ċoimeád ar an aḋḃar creideaṁna san, aċ fós beart a ḋéanaṁ d'á réir.


CAIBIDIOL IV.

UISGE-FÉ-ṪALAṀ.

Ḃíoḋ Murċaḋ go minic aḃfad ó Ċeann Cora ag feuċaint i ndiaiġ gnóṫaí na h-Árdríġeaċta fé ċóṁairle a aṫar. Nuair a ḃíoḋ sé imṫiġṫe ó Ċeann Cora ḃíoḋ sgannra air le h-eagla go ndéanfaí aon droċ ġníoṁ a gan ḟios dó. Ḃí an fear friṫálṁa ceapaiṫe aige ċun friṫálṁa ar an Árdríġ, mar ba ċeart agus mar ba ġnáṫ do réir nósa na h-aimsire sin. Aċ cá ḃ' ḟios dó, dar leis, ná go nglacfaḋ an fear friṫálṁa breab dá ndéintí breab ṁaiṫ a ṫairisgint dó. Ṫuig sé i n-aigne gur i gcoinniḃ mná a ḃí ar an ḃfear an cluiċe ḋ'imirt, i gcoinniḃ na mná ba ḃreaġṫa agus ba ṁeasa agus ba ġéire d'á raiḃ i n-Éirinn an uair sin. Cá ḃ'ḟios dó, dar leis, cad iad na cleasa ḋ'imireóċ' sí ar an ḃfear dá mba rud é go dtuigfeaḋ sí nár ḃ'ḟéidir é ḃreabaḋ. Ċonaic an Legáid a diaḃal coíṁdeaċta. Cá ḃ'ḟios cad é an congnaṁ a ṫaḃarfaḋ an diaḃal coíṁdeaċta san di n-aon droċ ġnó a ḃeartóċ' sí a ḋéanaṁ.