Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/130

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
126
NIAṀ


CAIBIDIOL III.

“LADY, DOST THOU NOT FEAR TO STRAY.”

Cuid de'n ċéad ġnó a ḋein Brian, ċóṁ luaṫ agus ḃí sé socair daingean sa n-Árdríġeaċt, ab eaḋ na h-eaglaisí a ḃí loitiṫe i ndiaiġ na Loċlanaċ do ḋeisiuġaḋ agus do ṡlánuġaḋ agus do ċur i dtreó airís. Ċuir sé suas as eaglais ṁór i gCill Dálua; agus an eaglais i n-Inis Caṫaiġ; agus ḋein sé aṫnuaċaint ar an eaglais i dTuaim Gréine. Ḋein sé bóiṫre móra ó ṫaoḃ taoḃ agus ó ċeann ceann d' oileán na h-Éirean, agus ḋein sé droċaid ḃreaġṫa leaṫana láidire ins na h-áiteanaiḃ 'n-a dtéiḋeaḋ na bóiṫre sin treasna aiḃní, i dtreó gur ḋein sé tairḃṫe ana ṁór do'n ṗoibiliḋeaċt, mar gur ċuir sé ar ċumas daoine dul ar ċuardaiḃ fada gan an iomad trioblóide. Ḃí áṫas mór ar an bpoibiliḋeaċt mar ġeall ar na h-oibreaċaiḃ sin.

Ḋein sé dúna agus daingeana láidire, leis, i n-a lán áiteana, agus ċuir sé buiḋeana maiṫe láidire fear isteaċ ins na dúnaiḃ sin agus ins na daingeanaiḃ sin, mar luċt coimeádta, i dtreó go mbeidís ann i gcóṁnúiġe ċun na tíre do ċosaint agus ċun smaċt an Árdríġ do ċur i ḃfeiḋm ar aon duine, nó ar aon aicme daoine, do ṁeasfaḋ an smaċt san do ṁilleaḋ. Do neartuiġ sé ar an gcuma san ríġṫeiġlaċ Ċaisil, agus ríġṫeiġlaċ Ċeanḟeaḃrad, agus an ríġṫeiġlaċ i n-Inis Loċa Cé, agus an ríġṫeiġlaċ i n-Inis Loċa Guir, agus an ríġṫeiġlaċ i nDún gCrot, agus mórán eile de ḋúnaiḃ agus de ríġṫeiġlaċaiḃ ar fuid na h-Éirean, agus ċuir sé na buiḋeana fear isteaċ ionta ċun iad a ċoimeád agus do ċosaint. Do neartuiġ san a ċóṁaċt féin