ameasg ríġṫe agus daoine, ar fuid na h-Éirean go léir. Ḃí ḟios aige, d'á ḃríġ sin, nár ḃ'ḟéidir í ḋíol gan í ċur amaċ a' h-Éirinn. Tré ċeannaiġe éigin Loċlanaċ a caiṫfí san do ḋéanaṁ. Ḃí gaċ aon ḃaoġal, dar leis go raiḃ san déanta ċeana. Ḃí an iomad aimsire fáġalta ag an mbiṫeaṁnaċ, agus do réir an ḃuib a ḃuail sé ar Ṁeargaċ níor ḃiṫeaṁnaċ é do ṫaḃarfaḋ aon ḟaillíġ sa n-aimsir a tugaḋ dó. Má ḃí an ċailís imṫiġṫe ṫar faraige ní raiḃ ann aċ fiantas, dar leis, ḃeiṫ ag cuiṁneaṁ ar ṫeaċt suas léi go deó. “Aċ ní'l agam le déanaṁ aċ ḃeiṫ ag faire ċúġam,” ar seisean i n’ aigne féin.
“Ní ċuirfinn ṫar mo leasṁáṫair é!” ar seisean, a' maċtnaṁ eile. “Is aici ḃí an ċailís i gcoimeád sar ar cuireaḋ síos í go h-Inis Caṫaiġ. Agus is cuiṁin liom go maiṫ náċ le h-aon deaġ-ṫoil a sgar sí leis an seóid uasail. Aċ cé r' ḃ' é an manaċ? Agus cá ḃfuair sé an aibíd agus an coċal má ba ṁanaċ bréige é? Conus a fuair sé amaċ gur ḃ' é Meargaċ a ḋein an eoċair? Ní dóċa go gcuirfeaḋ sí féin aibíd agus coċal uimpi — aċ cad é sin agam 'á ráḋ! D'aiṫneóċ' an gaḃa í láiṫreaċ. Má 'sí a ḋein an gníoṁ, agus go deiṁin, a rígan, ní ċuirfinn-se ṫort é, ḃí duine éigin aici ċun na h-oibre ḋéanaṁ di. Cé r' ḃ' é an duine sin? — Ní ḟeadar an tsaoġal. Ní'l agam aċ ḃeiṫ ag faire ċúġam.— Aċ caiṫfear feuċaint ad’ ḋiaiġ go géar, a rígan, i neiṫiḃ eile leis. Ní gan ċúis a ṫug an Legáid an foláraṁ deirineaċ so ḋom agus é ag imṫeaċt, tar éis an ḟoláraiṁ ċéadna ṫaḃairt dom tamal roimis sin. Ó, ambasa ní ḋéanfaiḋ sé an gnó ḋom aon ṁíogarnaċ a ṫeaċt orm.”