Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/131

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
127
NIAṀ

go mór ar fuid na h-Éirean go léir, i dteannta sgáṫ agus eagla do ċur ar a naṁaid, amuiċ agus i mbaile.

Ċuir sé luċt léiġinn agus eóluis ag sgrúdaḋ agus ag breiṫniuġaḋ na sean dliġṫe agus 'ġá dtaḃairt ċun soluis, an ċuid acu a ḃí imṫiġṫe a' cuiṁne; agus fé mar a ċonaic sé gáḋ leó, ċuir se i ḃfeiḋm airís aon ċuid acu a ḃí imṫiġṫe a' feiḋm le faillíġ nó de ṫoraḋ aimsire. Níor ró ḋeacair dó san a ḋéanaṁ. Ḃí a leiṫéid d'uraim i gcóṁnuiġe riaṁ ag an nGaeḋal do ḋlíġ na ríġeaċta nár ġáḋ a ḋéanaṁ aċ a ċur i n-iúil dó go raiḃ an dlíġ ann ċun a ċur ḟiaċaiḃ air an dlíġ do ċóṁlíonaḋ. Bíon iongnaḋ anois ar sgoláirṫíḃ nuair a ċíd siad ná raiḃ aicme áiriġṫe, ceapaiṫe ċun na dlíġ ċur i ḃfeiḋm, i n-Éirinn fadó. Is dóiċ leó, agus is fíor ḋóiḃ é, gur ḃ obair ḃaoṫ dlíġ ḋéanaṁ dos na daoine atá ar an saoġal anois, ná ḃeiṫ ag braṫ air go ndéanfaidís an dlíġ sin do ċóṁlíonaḋ, mura gceapfaí aicme láidir ċun a ċur ḟiaċaiḃ orṫa an dlíġ ċóṁlíonaḋ. Ní ṫuigid siad conus a féadaḋ dliġṫe déanaṁ i n-Éirinn fadó agus ansan a ḋ'ḟágáilt fé-s na daoine féin na dliġṫe do ċóṁlíonaḋ. Do féadtí san do ḋéanaṁ mar, ċóṁ luaṫ agus ṫuigeaḋ an ṗoibiliḋeaċt an dlíġ ḃeiṫ ann, do ċuireaḋ toil ṗoibiliḋe na ndaoine ḟiaċaiḃ ar gaċ duine fé leiṫ an dlíġ do ċóṁlíonaḋ. B'ḟearr le gaċ duine fé leiṫ, go mór, an dlíġ do ċóṁlíonaḋ 'ná fulang leis an ndroċ ṁeas ṗoibiliḋe a ḃéaḋ air dá ḃfeiceaḋ na daoine é ag taḃairt droċ meas nó tarcaisne do'n dlíġ. Tá soluídí maiṫe againn ar ḟeiḋm de'n tsórd san sa n-aimsir seo féin. Má ṫéiḋean nós áiriġṫe i ḃfeiḋm ar an bpoibiliḋeaċt anois féin feuċ cá ḃfuil an duine fé leiṫ go mbeiḋ sé de ṁisneaċ aige an nós san do ḃriseaḋ! Aigne ṗoibiliḋe na ndaoine isí ċuireaḋ dliġṫe i ḃfeiḋm i n-Éirinn fadó, agus is fearr a ċuireaḋ sí i ḃfeiḋm iad, agus is iomláine, 'ná mar a ṫagan le neart armála dliġṫe ċur i ḃfeiḋm anois.