Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/132

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
128
NIAṀ

Ná measaḋ aoinne, áṁṫaċ, ná bristí dliġṫe i n-Éirinn fadó. Do bristí go deiṁin. Aċ nuair a ṫagaḋ an t-é ar a ndéintí an éagcóir, os cóṁair an ḃreiṫiṁ, agus nuair a ṫugaḋ an breiṫeaṁ a ḃreiṫ, do glactí an ḃreiṫ ar gaċ taoḃ agus do déintí d'á réir. Ḃí sé daingean i n-aigne na ndaoine, aoinne ná taisbeánfaḋ an uraim sin do'n dlíġ ná béaḋ an raṫ air. Níor ró ḋeacair dliġṫe fóġanta do ċur i ḃfeiḋm ameasg daoine de'n tsórd san.

Ḋein Brian níḋ eile do ċaḃruiġ go mór leis ċun na ndliġṫe do ċur i ḃfeiḋm. Ó'n lá a ġlac sé arm gaisge, agus gan é aċ ċúig bliana déag, do ṫaisbeáin sé, 'n-a ġníoṁarṫaiḃ agus 'n-a ḃéasaiḃ agus ins gaċ aon tsaġas deiġleála idir é féin agus daoine eile, go raiḃ beann ṫar bár aige ar an gceart, ná déanfaḋ sé éagcóir ar aon Ċríostaiḋe, pé 'cu caraid nó naṁaid é, pé 'cu íseal nó uasal é. Do tugaḋ an méid sin fé ndeara. Ansan, fé mar a leaṫ cóṁaċt Ḃriain agus fé mar a ṁéaduiġ a ċreideaṁaint, do ḋein daoine eile, uasal agus íseal, aiṫris air. Ar ball, ḃí acu go léir, nó dúḃradar go léir go raiḃ acu, beann ṫar bár ar an gceart, fé mar a ḃí ag Brian. Do glacaḋ an ceart 'n-a nós acu. Ansan ḃí neart an nóis ag cur le neart an ċirt. Ḃí neart eile ag cur leis an dá neart san. B'é neart é sin 'ná neart an Ċreidiṁ.

Ná bíoḋ aon iongnaḋ ar aoinne gan aon ġáḋ a ḃeiṫ le neart armála ċun dliġṫe ċur i ḃfeiḋm nuair a ḃí na trí nirt sin, neart cirt, agus neart nóis, agus neart Creidiṁ, ag oibriuġaḋ as acfuinn a ċéile ċun dliġṫe ċur i ḃfeiḋm.

Tugaimís fé ndeara cad a ṫuig amaċ do Ḃrian i n-aon ṗúnc aṁáin de'n ċeart agus de'n ḃeann a ḃí aige ar an gceart. Ċonaic gaċ aoinne go raiḃ aon ḃeart aṁáin éagcóra na ceadóċaḋ Brian ar an tsaġas cleas ná résún. B'í beart éagcóra í sin 'ná masla ṫaḃairt do ṁnaoi.