Niamh/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Ceann Leóin
[ 52 ]

CAIBIDIOL XI.

CEANN LEÓIN

Sgian tré ċroíḋe Ġormḟlaiṫ ab eaḋ an uile ḟocal de'n ċaint sin a laḃair Dúlainn an ḟaid a ḃí an cúntas san aige 'á ṫaḃairt ar ċaiṫ Gleanna Ṁáma. Ba ṁaiṫ léi, gan aṁras, ḃeiṫ 'n-a h-Árdrígain ar Éirinn, aċ má 'seaḋ ní raiḃ aon lorg aici ar Ḃrian a ḃeiṫ i n' Árdríġ. Ḃí ḟios aici, dá dtagaḋ Brian ċun an h-Árdríġeaċta nár ró ḟada 'n-a ḋiaiġ san go dtí go mbéaḋ Murċaḋ i n' Árdríġ. Ḃí a leiṫéid sin d'ḟuaṫ aici do Ṁurċaḋ gur ṫúisge léi í féin agus ar ḃain léi ḃeiṫ sínte fé'n ḃfód 'ná é ḋ'ḟeisgint i n' Árdríġ. Ḃí gaċ aon tsúil aici go dtuigfeaḋ sé féin agus Brian i gcaṫ Ġleanna Ṁáma agus go mbéaḋ buaḋ ag na Loċlanaiġ ann. Ansan, dar léi, d'iompóċ' cóṁaċt Loċlan 'n-a lá neart ar Ṁ'lṡeaċlainn. Ní ḃéaḋ aon ḃreiṫ aige ar ṡeasaṁ 'n-a gcoinniḃ. Ní ḟéadfaḋ sé neart fear [ 53 ]Éirean do ċur le ċéile 'n-a gcoinniḃ. Do buaḋfaí air. Do buaḋfaí ar ríġṫiḃ Éirean 'n-a nduine a's 'n-a nduine, fé mar a buaḋaḋ orṫa ċeana. Ansan do ḃéaḋ an láṁ uaċtair ag Loċlanaiġ agus ḃéaḋ mac Ġormḟlaiṫ i n' Árdríġ ar Éirinn. Siné a ḃí uaiṫi. Ċuir caṫ Ġleanna Ṁáma an méid sin go léir ar neaṁníḋ, agus má b'ḟíor caint Ḋúlainn b'é Murċaḋ fé ndeár san. Má ḃí fuaṫ aici do Ṁurċaḋ roimis sin do ṁéadaiġ an ċaint sin an fuaṫ. Sgian tré n-a croíḋe ab eaḋ an uile ḟocal de'n ċaint.

Is ró ḃeag d'á ċuiṁneaṁ, áṁṫaċ, a ḃí ag Dúlainn féin ná ag aoinne de'n ṁuintir a ḃí ag éisteaċt leis an gcaint go raiḃ an ċaint ag gearaḋ an ċroíḋe aici ar an gcuma san. Ḃí a gnúis ċóṁ séiṁ, ċoṁ glan, ċóṁ ríoga, ċóṁ solusṁar, ċóṁ caoin, ċóṁ cneasta san aici gur ḋóiċ le duine uirṫi ná raiḃ aon níḋ ar an dtalaṁ so ba ṁó ṫug de ṡásaṁ aigne ḋi 'ná mar a ṫug an caṫ san Ġleanna Ṁáma ḋi.

Aċ d'á ṁéid gearaḋ a ḋein an cúntas ar a croíḋe ḃí aon níḋ aṁáin ag baint leis an gcaṫ agus ṫug sé raint sóláis di. Má deineaḋ uisge-fé-ṫalaṁ riaṁ do ḋein sí é ċun cóṁaċt na Loċlanaċ do neartuġaḋ i gcóir an ċaṫa san. Aċ do ḋein sí an t-uisge-fe-ṫalaṁ riaṁ ċóṁ cliste sin nár ṫáinig aon ṗioc d'á eólus ċun Briain ná ċun Murċaḋ, ná ċun aoinne a ṫaḃarfaḋ dóiḃ aon ċogar dé. Ḃí iongnaḋ ar gaċ aoinne neart na Loċlanaċ a ḃeiṫ ċóṁ mór sa ċaṫ agus é ḃeiṫ gleusta ċóṁ maiṫ, agus an oiread san d'ḟearaiḃ cróḋa mileata a ḃeiṫ tagaiṫe ann ó ḋúṫaíḃ iasaċta a ḃí aḃfad ó'n áit agus aḃfad ó ċéile, aċ níor ċuiṁniġ aoinne, lasmuiċ de'n ṁuintir a ḃí 'n-a cóṁairle agus ag déanaṁ a h-oibre, go raiḃ aon ḃaint ag Gormḟlaiṫ leis an níḋ sin.

“Is eagal liom, a ríġ,” ar sise le Dúlainn, “go ḃfuil an iomad de ċreideaṁaint an lae sin agat d'á ṫaḃairt do Ṁurċaḋ, agus go ḃfuil éagcóir agat d'á ḋéanaṁ ort féin [ 54 ]sa sgéal. Dá mb' iad na Loċlanaiġ féin iad déarfaidís, dá laḃraidís, ná fuil fear ar ṡlóiġtiḃ Ḃriain is truime buille i gcaṫ 'ná Dúlainn Óg. Tá aiṫne ṁaiṫ acu ort, a ríġ, agus déarfaḋ cuid acu gur fearr d'ḟear ṫú 'ná Murċaḋ féin, agus gur maiṫ an ḃail ar Ṁurċaḋ go minic tusa ḃeiṫ i n' aice sa spéirlinn.”

“Na daoine do laḃarfaḋ ar an gcuma san, a rígan,” arsa Dúlainn, “daoine iseaḋ iad nár ṫeangḃaiḋ riaṁ i gcaṫ le Murċaḋ agus nár ṁoṫuiġ a neart. Na daoine do ṫeangḃaiḋ leis agus do ṁoṫuiġ an neart atá 'n-a ċuislinn ní puínn acu a ṫáinig uaiḋ ċun an sgéil a ḋ' innsint. Gan aṁras do ḋeineas mo ġníoṁ agus ḃuaileas mo ḃuille nuair a ḃí naṁaid ar m'aġaiḋ amaċ, aċ ní'l aon ċomórtas idir mo ḃuille agus buille Ṁurċaḋ.’

Níor ḃ' aon iongnaḋ go ndúḃairt Gormḟlaiṫ an ċaint adúḃairt sí i dtaoḃ an ḟir a ḃí os a cóṁair an uair sin. Fear córaċ, deaġ-ċúmṫa ab eaḋ é. Ḃí ualaċ trom gruaige ar a ċeann agus í ag tuitim anuas ar a ṡlinneánaiḃ. Gruaig ċiarḋuḃ ab eaḋ í, agus ḃíoḋ sí ag criṫ agus ag taiṫneaṁ sa tsolus le gaċ focal d'á laḃraḋ sé. Ḃí ḋá ṁalainn ṫroma ḋúḃa os cionn a ḋá ṡúl agus ḃí an dá ṡúil sin suiḋte 'n-a ċeann, gan iad ró ṁór ná ró ḃeag, agus an t-é a ḋ'ḟeuċfaḋ díreaċ 'n-a gcoinniḃ níor ṁaiṫ leis fearg a ḋ'ḟeisgint ionta. Ba ḋóiċ leat go mbíoḋ sgáil éigin, agus solus éigin, coitċianta ag lasaḋ agus ag aṫaruġaḋ ionta, fé mar a béaḋ gaoṫ agus sgamail agus solus, lá cruaiḋ Márta. Ḃí fáibre doiṁinn idir an dá ṁalainn fé mar a ḃéaḋ i n-éadan leóin, agus srón ṁór ḟada ṡeaḃcaiḋe ċaoldromaċ anuas ó'n ḃfáibre, agus béal láidir daingean lastíos de'n tsróin sin, béal a ḃí lán d'ḟiacalaiḃ breaġṫa geala a ḃí do réir a ċéile go cruinn, agus gur ḋóiċ leat go ndeinidís solus uaṫa féin nuair a ġáireaḋ sé. Ḃí an croméal trom ciarḋuḃ os cionn an ḃéil agus an ḟéasóg [ 55 ]ṫrom ċiarḋuḃ ċas lastíos de'n ḃéal. Idir ġruaig agus mailí agus fáibre éadain agus súile agus srón agus croméal agus béal agus fiacala agus féasóg agus ceann ar fad, ḃí rud éigin sa ḃfear san a ċuir i n-iúil duit, ar an gcéad aṁarc, gur ṁaiṫ an ḃail ort é ḃeiṫ 'n-a ċaraid agat, agus dá mbéaḋ sé 'n-a naṁaid agat gur ṁaiṫ an ḃail ort ḃeiṫ aḃfad uaiḋ. Ḃí cosaṁlaċt ṁór idir a ċeann agus ceann leóin, agus ansan, ba léir go raiḃ cruaḋas agus anam agus neart agus fuinneaṁ an leóin 'n-a ċaḃail agus 'n-a ġéagaiḃ, agus dá mba naṁaid é go mbeaḋ sé ċóṁ tapaiḋ agus ċóṁ marḃuiġṫeaċ leis an león. Ḃí aiṫne ṁaiṫ ag na Loċlanaiġ air agus siní aiṫne a ḃí acu air, go raiḃ sé ċóṁ tapaiḋ agus ċóṁ marḃuiġṫeaċ leis an león.

Ní gáḋ léiriuġaḋ cruinn a ḋéanaṁ ar na h-uaisliḃ eile a ḃí ag caint agus ag cóṁráḋ anso agus ansúd ar fuid an halla ṁóir. Ḃí an folt mór fada trom ar gaċ aoinne, ag tuitim siar síos ar a ṡlinneánaiḃ. Ṫug san feuċaint ana uasal dos na fearaiḃ. Ḃí cuid des na foltaiḃ oḋar agus ḃí cuid acu liaṫ, agus cuid acu, ar na fearaiḃ críona, ċóṁ geal le mustairt, aċ ní raiḃ aoinne maol. Ċoimeádaidís an ġruaig go dtéidís sa ċré, mar ní ċaiṫidís ċoíḋċe hata ná caipín ná aon ċlúdaċ eile ar a gceann. Isiad na hataí seo a caiṫtear anois a ḃainean an ġruaig de ḋaoine. Dá dtugtí mar ṫaiṫíġe do ċeann an duine ó ṫusaċ a óige imṫeaċt gan aon ċlúdaċ aċ an ġruaig a ċuir Dia air d'ḟásfaḋ an ġruaig láidir trom agus ċoimeádfaḋ sí a greim an ḟaid a ṁairfeaḋ an duine. Sin mar a déintí i n-Éirinn fadó. Níor ċuir daoine hataí ná caipíní orṫa go dtí gur ṫusnuiġ nósa Ṡasana ar ṫeaċt ċúġainn anall. Is 'mó droċ nós náċ hataí ná caipíní a ṫug muintir Ṡasana ċúġainn.

Dá ḃféadaḋ duine againne dul isteaċ an oíḋċe úd sa halla mór úd Ḃriain, i ríġṫeiġlaċ Ċeann Cora, ċuirfeaḋ na foilt ṁóra ṫroma úd iongnaḋ orainn ar an gcéad aṁarc. [ 56 ]Aċ ar an dtarna h-aṁarc d' adṁóċaimís ó ċroíḋe gur deineaḋ éagcóir ana ṫrom ar ċeann an Éireanaiġ nuair a baineaḋ dé an folt áluinn uasal a ċuir Dia ag fás air. Dá ḃféadaḋ Dúlainn Óg teaċt ar an saoġal airís agus feuċaint ar na plaoisgíní beárrṫa atá orainne, ar na cluasaiḃ gan sgáṫ agus ar an mbaic muiníl gan díon ó'n ḃfuaċt, agus ar an rud i ḃfuirm cana stáin, aċ é ḃeiṫ duḃ, atá ṫuas ar an gcloigean mar hata, cad é an seirḃṫean a ċuirfidís air! “Ó!” a dearfaḋ sé, “cad 'tá imṫiġṫe ar ár slioċt! An iad so na daoine a ṫáinig uainne! Nó an daor-aicme éigin iad a ḋ' ḟás i n-Éirinn i n-ár ndiaiġ! Séanaim iad! Ní linn i n-aon ċor iad!”

Dá ḃféadaḋ Niaṁ, nó Gormḟlaiṫ, nó aoinne eile des na ríganaiḃ uaisle a ḃí sa halla mór úd Ḃriain an oíḋċe úd, teaċt ar an saoġal airís agus feuċaint ar na mnáiḃ atá anois againn, ar na sgiaṫógaiḃ móra leaṫana a ḃíon ar ṁullaċ a gcinn acu, agus ar na cleitíḃ a ḃíon sáiḋte ina na sgiaṫógaiḃ sin, agus ar na ribíníḃ a ḃíon asta, cad déarfaidís? Déarfaidís an rud úd adúḃairt Caṫal leis an gcleasaiḋe. “Airiú, a ṁic léiginn,” arsa Caṫal, “cad fé ndeara duit ḃeiṫ as do ṁeaḃair!”

Dá dtagaḋ Gormḟlaiṫ nó Niaṁ ċuġainn ċeiṫre fiċid blian ó ṡin ní ḃéaḋ an sgéal ċóṁ h-olc agus 'tá sé anois. Ċífidís an uair sin na clócaí breaġṫa fada dúḃa ar na mnáiḃ, agus na caipíní deasa sásta maiseaṁla ar na clócaíḃ sin, i dtreó dá mb' ar óinsiġ féin a ḃéaḋ clóca acu, agus an caipín ar a ceann aici, gur ḋóiċ leat gur ḃean ċiallṁar í. Aċ anois, nuair a ċífidís na sgiaṫóga agus na cleití agus na ribíní, agus an ġluaiseaċt éaganta, cad a ḃéaḋ le ráḋ acu? “Ó!” a déarfaidís, “náċ mór an truaġ na mná san go léir a ḃeiṫ as a meaḃair! Cad fé ndeara iad a ḃeiṫ ar an gcuma san?” Ansan, nuair a déarfaí leó, “Ní h-as a meaḃair atáid siad i n-aon ċor. Ní'l aon [ 57 ]easba meaḃraċ orṫa. Ní'l ins na sgiaṫógaiḃ sin aċ nós a ḃainean leis an aimsir seo;” déarfaidís, “Mo ṫruaġ na fir! Agus mo ṫruaġ an ċlann!”

Ansan dá n-abraḋ duine leó, “Isiad na fir féin fé ndeár é. Ní laḃarfaḋ aon ḟear acu le cailín mura ḃfeicfeaḋ sé an sgiaṫóg san ar a ceann!” Ní ḋéanfaidís aċ a ráḋ “Tá an saoġal ar buile!” agus imṫeaċt.

Aċ ní fearr ḃeiṫ ag caint air. Ní baoġal go dtiocfaiḋ siad. Ní h-ar neiṫiḃ de'n tsórd san a ḃí an ḃeirt ag cuiṁneaṁ an oíḋċe úd. Ḃí a ṁalairt de ċúram orṫa. Ḃí Gormḟlaiṫ ag cuiṁneaṁ ar Árdríġeaċt na h-Éirean, agus ar Ḃrian, agus ar Ṁurċaḋ, agus ar a mac féin, agus ar conus a ṫiocfaḋ sí ar Ṁurċaḋ do ċur ó'n Árdríġeaċt agus ar an Árdríġeaċt do ċur i n-áiriġṫe d'á mac féin. Ḃí Niaṁ agus a driṫáir agus an ċuid eile des na mnáiḃ óga agus des na fearaiḃ óga ag rince, agus an ceól d'á spreagaḋ ḋóiḃ, agus gur ḋóiċ le duine orṫa ná raiḃ aon níḋ fé ḃun Dé ar an dtalaṁ so déanaṁ aon ċúraim dóiḃ aċ an ceól agus an rince agus an t-aoiḃneas a ḃí ansúd 'n-a dtímpal. Aċ ḃí. Ḃí Niaṁ ag rince le n-a driṫáir ar feaḋ tamail, agus le Murċaḋ ar feaḋ tamail. Agus ḃí sí ag rince le h-Aṁlaoiḃ, le h-aḋḃar an tsagairt ar feaḋ tamail. Ḃí sí ċóṁ séiṁ, ċóṁ gealġáiriteaċ le h-Aṁlaoiḃ agus a ḃí sí le h-aoinne des na h-uaisliḃ óga a ḃí ag rince léi. Aċ an dá ṁaċtnaṁ úd, d'á ṁéid a ḋein sí breiṫniuġaḋ orṫa iseaḋ ba ġlaine a ṫeip uirṫi iad do ṫaḃairt d'á ċéile. Agus bíoḋ gur ċoimeád sí a h-aigne aici féin go beaċt ḃí daoine láiṫreaċ, agus níor ḃeagán daoine é, a ċuiṁniġ 'n-a n-aigne, nuair a ċonacadar an ḃeirt agus iad araon ċóṁ daṫaṁail, ċóṁ séiṁ, ċóṁ h-uasal ar gaċ aon tsaġas cuma, gur ḃ' áluinn ar fad an lánṁa a ḋéanfaidís, agus gur ṁór go léir an truaġ sagart a ḋéanaṁ d'Aṁlaoiḃ. Ḃí daoine ann, áṁṫaċ, adúḃairt a [ 58 ]ṁalairt sin. Ḃí fir óga ann agus nuair a ċonacadar é féin agus Niaṁ ag rince dúḃradar d'á luaṫaċt a críoċnófaí 'n-a ṡagart é gur ḃ' eaḋ b'ḟearr é. Ḃéaḋ sé as an slíġ ansan. Agus ḃí cailíní óga uaisle ann agus bíoḋ go ndúḃradar 'n-a n-aigne féin gur ṁór an truaġ sagart a ḋéanaṁ dé, b'ḟearr leó seaċt n-uaire é ḋ'ḟeisgint 'n-a ṡagart 'ná é ḋ'ḟeisgint ag Niaṁ.

Ċóṁ fada agus a ṫeiḋean sgéal de'n tsórd san ní h-é mo ṫuairim go ḃfuil aon aṫaruġaḋ tagaiṫe ar Gaeḋlaiḃ Éirean. Fé-s na foltaiḃ breaġṫa fada troma, nó fé-s na hataíḃ ar na cloigeanaiḃ beárrṫa agus fé-s na sgiaṫógaiḃ agus na cleití, tá an nádúr céadna díreaċ ionainn ċóṁ fada agus a ṫeiḋean sgéal de'n tsórd san.

Aċ do ġluais an oíḋċe, ar cos-anáirde, díreaċ fé mar a ġluaiseoċ' oíḋċe de'n tsórd anois. Ṫáinig an lá agus do sgaip an ċuideaċta, gaċ aoinne fé ḋéin a ṫíġe féin. Ṫug Taḋg Mór ua Cealla agus Niaṁ aġaiḋ siar óṫuaiḋ ar Uíḃ Máine. Ḃí, mar a dúḃraḋ, teipiṫe glan ar Niaṁ an dá ṁaċtnaṁ úd a ṫaḃairt d'á ċéile. Isé rud a ḋein sí 'ná iad araon do ḋíbirt ar fad as a h-aigne agus as a croíḋe, agus í fein do ṫaḃairt suas do Ḋia.

“Is cuma liom an doṁan,” ar sise 'n-a h-aigne féin agus í ag socaruġaḋ a h-aṫar agus 'ġá ollaṁuġaḋ i gcóir an ḃóṫair. “Is cuma liom an doṁan ó tá m'aṫair agam. Ní ḟéadfaiḋ sagart ná bráṫair m'aṫair a ḃaint díom. Is fearr d' fear é 'ná aoinne acu íseal ná uasal. Is measa liom a lúidín 'ná dá n-imṫíġeaḋ sé siúd, agus an ċuid eile acu, le fánaiġ na h-aḃan! Cad é sin dóṁ-sa cad é an cor a ṫaḃarfaiḋ sé siúd dó féin! Má déintear sagart dé tá súil agam go ndéanfaiḋ sé sagart maiṫ. Ní baoġal dó go ndéanfad-sa aon ċur isteaċ air ná go dtiocfad idir é agus Dia. Ní ró ṁaiṫ a ṫaiṫnean an sgéal i n-aon ċor liom. Dá mbéinn i gcás Ċolla ba ḋóiċ liom gur ḃ'ḟearr [ 59 ]liom a ċúram a ḃeiṫ ar ḋuine éigin eile. — Go gcuiriḋ Dia ar ár leas sinn go léir!”