Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/59

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
55
NIAṀ

ṫrom ċiarḋuḃ ċas lastíos de'n ḃéal. Idir ġruaig agus mailí agus fáibre éadain agus súile agus srón agus croméal agus béal agus fiacala agus féasóg agus ceann ar fad, ḃí rud éigin sa ḃfear san a ċuir i n-iúil duit, ar an gcéad aṁarc, gur ṁaiṫ an ḃail ort é ḃeiṫ 'n-a ċaraid agat, agus dá mbéaḋ sé 'n-a naṁaid agat gur ṁaiṫ an ḃail ort ḃeiṫ aḃfad uaiḋ. Ḃí cosaṁlaċt ṁór idir a ċeann agus ceann leóin, agus ansan, ba léir go raiḃ cruaḋas agus anam agus neart agus fuinneaṁ an leóin 'n-a ċaḃail agus 'n-a ġéagaiḃ, agus dá mba naṁaid é go mbeaḋ sé ċóṁ tapaiḋ agus ċóṁ marḃuiġṫeaċ leis an león. Ḃí aiṫne ṁaiṫ ag na Loċlanaiġ air agus siní aiṫne a ḃí acu air, go raiḃ sé ċóṁ tapaiḋ agus ċóṁ marḃuiġṫeaċ leis an león.

Ní gáḋ léiriuġaḋ cruinn a ḋéanaṁ ar na h-uaisliḃ eile a ḃí ag caint agus ag cóṁráḋ anso agus ansúd ar fuid an halla ṁóir. Ḃí an folt mór fada trom ar gaċ aoinne, ag tuitim siar síos ar a ṡlinneánaiḃ. Ṫug san feuċaint ana uasal dos na fearaiḃ. Ḃí cuid des na foltaiḃ oḋar agus ḃí cuid acu liaṫ, agus cuid acu, ar na fearaiḃ críona, ċóṁ geal le mustairt, aċ ní raiḃ aoinne maol. Ċoimeádaidís an ġruaig go dtéidís sa ċré, mar ní ċaiṫidís ċoíḋċe hata ná caipín ná aon ċlúdaċ eile ar a gceann. Isiad na hataí seo a caiṫtear anois a ḃainean an ġruaig de ḋaoine. Dá dtugtí mar ṫaiṫíġe do ċeann an duine ó ṫusaċ a óige imṫeaċt gan aon ċlúdaċ aċ an ġruaig a ċuir Dia air d'ḟásfaḋ an ġruaig láidir trom agus ċoimeádfaḋ sí a greim an ḟaid a ṁairfeaḋ an duine. Sin mar a déintí i n-Éirinn fadó. Níor ċuir daoine hataí ná caipíní orṫa go dtí gur ṫusnuiġ nósa Ṡasana ar ṫeaċt ċúġainn anall. Is 'mó droċ nós náċ hataí ná caipíní a ṫug muintir Ṡasana ċúġainn.

Dá ḃféadaḋ duine againne dul isteaċ an oíḋċe úd sa halla mór úd Ḃriain, i ríġṫeiġlaċ Ċeann Cora, ċuirfeaḋ na foilt ṁóra ṫroma úd iongnaḋ orainn ar an gcéad aṁarc.