sa sgéal. Dá mb' iad na Loċlanaiġ féin iad déarfaidís, dá laḃraidís, ná fuil fear ar ṡlóiġtiḃ Ḃriain is truime buille i gcaṫ 'ná Dúlainn Óg. Tá aiṫne ṁaiṫ acu ort, a ríġ, agus déarfaḋ cuid acu gur fearr d'ḟear ṫú 'ná Murċaḋ féin, agus gur maiṫ an ḃail ar Ṁurċaḋ go minic tusa ḃeiṫ i n' aice sa spéirlinn.”
“Na daoine do laḃarfaḋ ar an gcuma san, a rígan,” arsa Dúlainn, “daoine iseaḋ iad nár ṫeangḃaiḋ riaṁ i gcaṫ le Murċaḋ agus nár ṁoṫuiġ a neart. Na daoine do ṫeangḃaiḋ leis agus do ṁoṫuiġ an neart atá 'n-a ċuislinn ní puínn acu a ṫáinig uaiḋ ċun an sgéil a ḋ' innsint. Gan aṁras do ḋeineas mo ġníoṁ agus ḃuaileas mo ḃuille nuair a ḃí naṁaid ar m'aġaiḋ amaċ, aċ ní'l aon ċomórtas idir mo ḃuille agus buille Ṁurċaḋ.’
Níor ḃ' aon iongnaḋ go ndúḃairt Gormḟlaiṫ an ċaint adúḃairt sí i dtaoḃ an ḟir a ḃí os a cóṁair an uair sin. Fear córaċ, deaġ-ċúmṫa ab eaḋ é. Ḃí ualaċ trom gruaige ar a ċeann agus í ag tuitim anuas ar a ṡlinneánaiḃ. Gruaig ċiarḋuḃ ab eaḋ í, agus ḃíoḋ sí ag criṫ agus ag taiṫneaṁ sa tsolus le gaċ focal d'á laḃraḋ sé. Ḃí ḋá ṁalainn ṫroma ḋúḃa os cionn a ḋá ṡúl agus ḃí an dá ṡúil sin suiḋte 'n-a ċeann, gan iad ró ṁór ná ró ḃeag, agus an t-é a ḋ'ḟeuċfaḋ díreaċ 'n-a gcoinniḃ níor ṁaiṫ leis fearg a ḋ'ḟeisgint ionta. Ba ḋóiċ leat go mbíoḋ sgáil éigin, agus solus éigin, coitċianta ag lasaḋ agus ag aṫaruġaḋ ionta, fé mar a béaḋ gaoṫ agus sgamail agus solus, lá cruaiḋ Márta. Ḃí fáibre doiṁinn idir an dá ṁalainn fé mar a ḃéaḋ i n-éadan leóin, agus srón ṁór ḟada ṡeaḃcaiḋe ċaoldromaċ anuas ó'n ḃfáibre, agus béal láidir daingean lastíos de'n tsróin sin, béal a ḃí lán d'ḟiacalaiḃ breaġṫa geala a ḃí do réir a ċéile go cruinn, agus gur ḋóiċ leat go ndeinidís solus uaṫa féin nuair a ġáireaḋ sé. Ḃí an croméal trom ciarḋuḃ os cionn an ḃéil agus an ḟéasóg