Jump to content

Niamh/10

From Wikisource
181463Niamh — Dúlainn ÓgPeadar Ua Laoghaire
[ 48 ]

CAIBIDIOL X.

DÚLAINN ÓG.

Ṫáinig an t-am ċun dul isteaċ i halla an rince. D'iar Brian ar an Legáid aṫluġaḋ. Do ḋein. D'ḟreagair an ċuideaċta go léir. Ansan d'eiriġ an ríġ agus an ċuideaċta agus ċuadar do dtí an halla mór, halla an rince. Ṫáinig an t-aos ceóil. Do spreagaḋ suas an ceól. Do leaṫ an ċuideaċta iad féin mór-ṫímpal an halla. Ba ġearr go [ 49 ]raiḃ na daoine óga ag rince agus na seandaoine ag caint 'n-a mbuiḋniḃ beaga anso agus ansúd. Ḃí Brian agus an Legáid i n-aice 'ċéile agus iad ag caint ar a lán neiṫe a ḃain le gnóṫaíḃ ríġeaċta na h-Éirean agus le gnóṫaíḃ Creidiṁ i n-Éirinn. Ḃí Gormḟlaiṫ agus Colla agus Taḋg Mór ua Cealla i n-aice 'ċéile agus iad ag tráċt ar a lán neiṫe nár ċuir aoinne acu puínn suime ionta. Ṫáinig Dúlainn Óg ag triall orṫa agus níor ḃ' ḟada go raiḃ caint a ndóṫin ag an gceaṫrar san, Dúlainn ag áireaṁ na ngníoṁarṫa a ḋein Brian agus na ngníoṁarṫa a ḋein Murċaḋ ar na Loċlanaiġ i gcaṫ Gleanna Ṁáma, agus Colla ag ceistiúċán air. Ḃíoḋ Dúlainn i n-aice Ṁurċaḋ i gcóṁnuiġe ins na caṫanaiḃ, agus nuair ḃíoḋ an naṁaid 'n-a dtímpal ṫugaidís a ḋá ndrom le n-a ċéile agus ċosnaidís iad féin go dtí go dtagaḋ congnaṁ ċúċa. Ní h-ar a ġníoṁarṫaiḃ féin, áṁṫaċ, a ḋeineaḋ Dúlainn puinn cainte. Ar ġníoṁarṫaiḃ Ṁurċaḋ ba ṁaiṫ leis ḃeiṫ ag caint.

“Lá uaṫḃásaċ ab eaḋ an lá san Ġleanna Ṁáma,” ar seisean. “Ná fir ba ṫréine a ḃí ar ċlannaiḃ Loċlan ḃíodar sa ċaṫ san. Ḃíodar lán deiṁniġṫeaċ go mbuaḋfaidís. Ḃíodar socair air. Ḃíodar ceapaiṫe air. Ḃí a n-aigne socair go daingean acu ar ḃuaċtaint nó ar ṫuitim. Ní ḟeaca riaṁ a leiṫéid de neaṁṡuim i mbás agus ċonac i n-ár naṁaid an lá san. Ċóṁ tiuġ agus ṫuigeaḋ an fear ḃíoḋ fear i n' inead. Tá an méid seo agam-sa le ráḋ, agus deirim é mar do ċonaic mo ḋá ṡúil é. Mura mbéaḋ Murċaḋ ḃí Gleann Ṁáma ag na Loċlanaiġ.”

“Is mór an focal é sin, a Ḋúlainn,” arsa Gormḟlaiṫ.

“Is mór an focal é, a rígan, agus is fíor é. D'adṁuiġ na Loċlanaiġ féin é, an méid a ḃí beó ḋíoḃ tar éis an ċaṫa. Ḃí an caṫ ar siúḃal ar feaḋ cúpla uair a' ċloig nó mar sin. Ḃíomair ag brúṫ orṫa agus ḃíodar-san ag brúṫ orainn, agus ḃí sé ag teip ar aon taoḃ an taoḃ eile do ċur oiread [ 50 ]agus órlaċ i ndiaiġ a gcúil. Ḃí na fir ag tuitim ar gaċ taoḃ. Ní buailtí buille ná tuiteaḋ fear leis, ba ḋóiċ leat. Do ṡocaruiġ Brian agus Murċaḋ agus tuille againn ar ḃriseaḋ isteaċ tré n-a lár. Do ḋúnamair ċun a ċéile agus ḃrúġmair isteaċ. Do leagamair raint acu agus ḃriseamair bearna ionta, agus ḃíomair ag brúṫ amaċ tríd an mbeárnain. Le n-a linn sin cad a ċífinn tamal beag uaim ar ár láiṁ ċlé aċ Loċlanaċ mór mileata agus bearna briste amaċ aige tré n-ár sluaġ féin, agus é féin agus na Loċlanaiġ a ḃí i n' aice ag gaḃáil amaċ go tiuġ ann, agus iad ag leagaḋ ár ndaoine rómpa agus ar gaċ taoḃ díoḃ. Ḃí an Loċlanaċ níob' aoirde go mór 'ná aon ḟear eile a ḃí i n’ aice, de Ġaeḋal ná de Loċlanaċ. Gaċ aon uair a ṫagaḋ a ċlaiḋeaṁ anuas do ṫuiteaḋ fear. Ní raiḃ aoinne ábalta ar ṡeasaṁ 'n-a láṫair. Ċonaic Murċaḋ é. Do léim sé siar as an mbearnain a ḃí déanta againne, agus siúd fé ḋéin an ḟir ṁóir é. Do leanas féin e. Ḃí an dá ċlaiḋeaṁ aige 'n-a ḋá láiṁ. Ṫug sé aġaiḋ ar an ḃfear mór. Do ṫóg an fear mór a ċlaiḋeaṁ agus ṫaraing sé a ḃuille. Do ġaiḃ Murċaḋ an buille ar an gclaiḋeaṁ a ḃí sa láiṁ ċlé aige, agus sa n-am gcéadna díreaċ do ċuaiḋ claiḋeaṁ na láiṁe deise tré ċroíḋe an ḟir ṁóir. Ní ḟeaca riaṁ gníoṁ ċóṁ deas. Aon ġníoṁ aṁáin ab eaḋ an dá ġníoṁ, an ċosaint leis an láiṁ ċlé agus an sáḋ leis an láiṁ ndeis. Dá ḃfeicfeá an fear mór déarfá gur ḃ'uaṫḃásaċ an neart nár ḃfoláir a ḃeiṫ sa ċuislinn a ġlac an buille agus nár lúb fé'n mbuille. Déarfá gur ṁór an gníoṁ a ḋein an fear a ċosain an buille sin. Aċ ḋein sé an gníoṁ eile le linn an ġníṁ sin a ḋéanaṁ. Ċuir sé an claiḋeaṁ eile tré ċroíḋe an ḟir ṁóir. Ní raiḃ aon ċoinne i n-aon ċor ag an ḃfear mór go dtiocfaḋ an ċosaint agus an sáḋ i n-aonḟeaċt air. Ní raiḃ aon ċuinne aige go raiḃ sé i gcuislinn an ḟir a ḃí os a ċóṁair an ċosaint a ḋéanaṁ, gan bac d'aon tsáḋ [ 51 ]ḋéanaṁ. Ċuir an ċosaint iongnaḋ air, agus ċuir an sáḋ alltaċt ar fad air. Ní raiḃ uain aige, sar ar imṫiġ an t'anam as, aċ ar a ráḋ, ‘Is tú an fear is fearr a ḃuail riaṁ umam!’ Ċuir an gníoṁ dúbalta san sgannra ar na Loċlanaiġ eile a ḃí ar an láṫair. Do ṫaraingeadar siar. Ṫáinig buile misniġ ar ár ḃfearaiḃ féin agus ḃrúġdar amaċ. Ḃriseamair an tarna bearna róṁainn amaċ. Cad a ċífinn ansan aċ ár neart féin ag géilleaḋ do neart na Loċlanaċ, tamal soir óḋeas ar ár ndeis. Siúd siar Murċaḋ agus mé féin airís agus soir óḋeas ċun na h-áite 'n-a raiḃ na Gaeḋil ag dul i ndiaiġ a gcúil. Ċóṁ luaṫ agus ċonacadar ag teaċt sinn ṫáinig náire orṫa agus ṡeasuiġdar an fód. Um an dtaca 'n-ar ṡroiseamair iad is ag brúṫ amaċ a ḃíodar i n-inead ḃeiṫ ag dul i ndiaiġ a gcúil. Ḃíodar ar buile ċúċa féin a ráḋ go ḃfeacaiḋ Murċaḋ ag dul i ndiaiġ a gcúil iad. Ṫáinig, ba ḋóiċ leat dúbailt nirt ionta. Ḃrúġdar rómpa an naṁaid, agus ba ḋeacair é. Ḃí na fir ag tuitim ċóṁ tiuġ le grean ar gaċ taoḃ. Ḃí na cuirp 'n-a gcruaċaiḃ anáirde ar a ċéile. Is anáirde ar na cruaċaiḃ sin a ċaiṫeamair seasaṁ agus sinn ag brúṫ ar an naṁaid agus 'ġá leagaḋ. Ḃrúġmair róṁainn iad. Ċuireamar cruaċ dínn. Ansan ċuireamair cruaċ eile ḋínn. Ṁeasas go gcaiṫfimís iad go léir a ṁarḃuġaḋ sar a n-iompóċaidís uainn. Fé ḋeire d'iom- puíġdar. Do ṫeiṫeadar, agus do leanaḋ iad agus do marḃuiġeaḋ oiread acu sa ruagairt agus do marḃuiġeaḋ sa ċaṫ. Mura mbéaḋ Murċaḋ ḃéaḋ a ṁalairt de sgéal againn. Mura mbéaḋ Murċaḋ do ruiṫfeaḋ leis an ḃfear mór úd. D'iompóċ' na Loċlanaiġ isteaċ lastiar dínn nuair a ḃeimís imṫiġṫe amaċ tríd an mbearnain úd. Ḃéaḋ an ruag ar ár muintir féin ar ṫaoḃ na láṁa deise agus ar ṫaoḃ na láṁa clé. Ansan d'iompóċ' neart ár naṁad go léir orainn agus ní ṫiocfaḋ duine againn beó as an gcaṫ. [ 52 ]Ansan ḃéaḋ seilḃ ag Loċlanaċaiḃ i n-Éirinn agus ḃéaḋ sé fuar ag M'lṡeaċlainn ḃeiṫ ag cur 'n-a gcoinniḃ. Mura mbéaḋ Murċaḋ ḃéaḋ Éire ag Loċlanaċaiḃ anois! Deirim leat go mbéaḋ. Agus deirim rud eile. Tá sé buailte isteaċ am' aigne agus deirim go láidir é. Ní ḃeiḋ Éire ó ḃaoġal i gceart go dtí go mbeiḋ Brian i n' Árdríġ!”

“Oċón, a Ḋúlainn,” arsa Gormflaiṫ, “measaim gur maiṫ an ḃail ort gan M'lṡeaċlainn a ḃeiṫ ag éisteaċt leat.”

“Ba ċuma liom an tsaoġal, a rígan,” arsa Dúlainn, “aċ go ḃfeicfinn tu féin ṫíos i dTeaṁair ad' Árdrígain ar Éirinn go léir ó Ḋonċaḋ Dí go Tiġ Ṁáire!”