CAIBIDIOL IX.
“IS ÉAGSAṀLAĊ NA DAOINE IAD!”
Aċ do críoċnuiġeaḋ an dínnér agus ṫáinig deire na cainte agus d'eiriġ an ċuideaċta. D'iar Brian ar an Legáid teaċt ag triall air féin go Ceann Cora ar ċuaird ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ san isteaċ le n-a ċaoṫaṁlaċt. Dúḃairt an Legáid go n-oirfeaḋ dó raint laeṫanta ṫaḃairt sa ṁainistir, i ḃfoċair Ċolla, ag socaruġaḋ agus ag léiriuġaḋ a lán neiṫe a ḃain le gnóṫaíḃ Eagailse agus le gnóṫaíḃ Creidiṁ, ní h-aṁáin sa ṁainistir sin Ínse Caṫaiġ aċ i mainistiriḃ agus i n-eaglaisiḃ na Múṁan go léir. Go mbéaḋ an ċuid ba ḃruideaṁla de ġnó Ínse Caṫaiġ déanta aige lastiġ de ṡeaċtṁain. Ansan, dá mb' é toil an ríġ é, go dtaḃarfaḋ sé cuaird go Ceann Cora. Do socaruiġeaḋ ar ṡeaċtṁain ó'n lá san dó ċun na cuairde sin do ṫaḃairt. Ansan d'imṫiġ Brian agus a ċualaċt aḃaile agus d'ḟan an Legáid sa ṁainistir, é féin agus an ċualaċt ḃeag a ṫáinig leis ó'n Róiṁ.
Ar ball, nuair a ḃí Colla agus an Legáid i ḃfoċair a ċéile 'n-a n-aonar do ġlaoiḋ Colla ar Aṁlaoiḃ.
[ 43 ]Ṫáinig Aṁlaoiḃ.
“Seo, a Aṁlaoiḃ,” arsa Colla, ag síneaḋ na h-eoċraċ ċuige, “imṫiġ agus taḃair ċúġainn anso an bosca iarainn úd n-a raiḃ an ċailís óir ann.”
D'imṫiġ Aṁlaoiḃ agus ṫug sé leis an bosca, agus ċuir sé ar an mbórd é i ḃfianaise na beirte.
“Imṫiġ-se a ċodla anois, a ṁic ó,” arsa Colla leis. “Ní foláir nó tá codla ort agus tuirse tar éis an lae.”
Ansan d'osgail Colla an bosca iarainn agus ṫaisbeáin sé do'n Legáid é, agus d'inis sé ḋó cúrsaí na cailíse.
“Is cuiṁin liom an ċailís sin go h-áluinn,” arsa'n Legáid. “Ḃí sí am' láiṁ agam go minic. Cailís ana ḋaor ab eaḋ í. Anoir ó Ċaṫair Ċonstantín a cuireaḋ ar dtúis í ó'n Ímpire, mar ḃronntanas ċun an Ṗápa. Mise adúḃairt gur ċeart í ċur anso go h-Éirinn ag triall ar Ḃrian. Is mór an truaġ í ḃeiṫ imṫiġṫe.”
Ansan do ċeistiġ sé Colla go dlúṫ i dtaoḃ na n-eoċraċ, agus conus a ḃí coimeád orṫa, agus cé r' ḃ'é an gaḃa a ḋein iad, agus cé r' ḃ'é an gaḃa a ḋein an bosca iarainn. D'imṫiġ sé féin amaċ ċun an érdaim go ḃfeicfeaḋ sé an córṫa daingean n-a raiḃ an bosca iarainn fé ġlas istiġ ann. Nuair a ḃí gaċ aon rud feiciṫe, trialta, iniúċta go maiṫ aige ṫáinig sé ṫar n-ais agus do ṡuiġ sé agus ḋein sé a ṁaċtnaṁ. Nuair a ḃí a ṁaċtnaṁ déanta aige do laḃair sé.
“Inis dom, a Ċolla,” ar seisean, “cá raiḃ an ċailís sar ar tugaḋ do'n ṁainistir seo í.”
“Ḃí sí ṫoir i gCeann Cora gan aṁras,” arsa Colla.
“Cé aige go raiḃ sí i gcoimeád i gCeann Cora?” arsa'n Legáid.
“Is dóċa go raiḃ sí i gcoimeád ag an mBanríġin, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla.
Do stad an Legáid agus ḋein sé maċtnaṁ eile. Do laḃair sé airís. [ 44 ]“Cá ḃfuil an gaḃa a ḋein na h-eoċraċa so?” ar seisean.
“Tá sé ṫuas i Luimneaċ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla. “Isé ḋein an dá eoċair sin dom, agus isé ḋein an bosca iarainn dom. Ceárdaiḋe ana slaċtṁar, ana eólgui- seaċ, iseaḋ é. Tá inntleaċt aige náċ gnáṫ a ḃeiṫ ag ceárdaiḋṫiḃ d'á ṡórd. Bíon sé ag obair do Ḃrian ag déanaṁ arm dó, agus deirtear gur fearr leis na fir na h-airm a ḋeinean sé 'ná na h-airm a ḋeinean aon ċeárdaiḋe eile d'á ḃfuil ag obair ag Brian. Cruaḋan sé an faoḃar ar ċuma éigin náċ eól d' aoinne aċ dó féin, agus gleusan sé na h-airm i dtreó gur fearr a féadtar iad do ḃeartuġaḋ agus úsáid a ḋéanaṁ díoḃ 'ná mar a féadtar an ṁeáġċaint ċéadna iarainn agus aḋmaid do ḃeartuġaḋ ċun gníṁ ins na h-airm a ḋeinean aon ġaḃa eile, agus gur fearr a ċoimeádaid siad an faoḃar 'ná mar a ċoimeádaid aon airm eile é.”
“Is dóċa,” arsa'n Legáid, “ó tá an buaḋ san aige ar na gaiḃníḃ eile, gur fear saiḋḃir é.”
“Iseaḋ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla. “Fear ana ṡaiḋḃir iseaḋ é. Nuair a fuair Brian amaċ an t-eólus go léir a ḃeiṫ aige ar ḋéanaṁ na n-arm ṫug sé fearan tailiṁ saor dó lasmuiċ de'n ċaṫair, ar bruaċ na Sionainne, ar ċoinġíoll ná déanfaḋ sé aon arm d'aon ríġ eile aċ do Ḃrian féin.”
“Cad é an ainim atá air, a Ċolla?” arsa'n Legáid.
“Níor airiġeas riaṁ an ainim a tugaḋ air nuair a baisteaḋ é. Ní'l ag an bpoibiliḋeaċt air aċ leas-ainim. ‘Meargaċ na lann,’ a tugtar air, mar ġeall, is dóċa, ar ḟeaḃas na n-arm a ḋeinean sé. Tugtar ‘Meargaċ Gaḃa’ air, leis, agus ‘Meargaċ Maol’, agus ‘Meargaċ Duḃ’ agus ‘Meargaċ,’ gan aon rud a ċur leis.”
Ḋeineadar raint eile cainte ar ġnó na mainistreaċ, agus ansan ċuadar a ċodla. [ 45 ]D'imṫiġ an tseaċtṁain. Do ġluais an Legáid agus a ċualaċt soir go Ceann Cora. Ċuaiḋ Colla agus Taḋg Óg ua Cealla agus Aṁlaoiḃ soir i n-aonḟeaċt leó. Ḃí cuideaċta ṁór cruinniġṫe rómpa ṫoir. Ḃí a lán de ríogra agus d'uaisliḃ Múṁan agus Laiġean ann. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla ann agus cuid de ríogra Conaċt le n-a ċois. Ḃí Niaṁ ann. An áit 'n-a mbíoḋ Taḋg Mór ua Cealla ba ġnáṫ go mbíoḋ a inġean ann. Ḃí tréiṫe móra maiṫe sa ríogan óg san agus ba ṁór é uraim na ndaoine go léir di mar ġeall ar na tréiṫiḃ sin. Ḃí sé i mbeulaiḃ daoine gur ḃ'í an Ḃanríġin, Gormḟlaiṫ, an ḃean dob' áilne ar biṫ an uair sin, aċ fé mar a ḃí Niaṁ ag eiriġe suas ḃí daoine 'ġá ráḋ go mbuaḋfaḋ a h-áilneaċt ar áilneaċt Ġormḟlaiṫ féin um an dtaca 'n-a mbeaḋ sí ag imṫeaċt as na déagaiḃ. Ḃí rí i ngar do ḃeiṫ ag imṫeaċt asta le linn na haimsire sin 'n-ar ṫáinig sí féin agus a h-aṫair go Ceann Cora, go ríġṫeiġlaċ Ḃriain, ċun Legáid an Ṗápa ḋ'ḟeisgint. I n- éaġmais a h-áilneaċta ḃí mórán de ṫréiṫiḃ maiṫe eile inti. Ḃí an Creideaṁ ana láidir istiġ 'n-a croíḋe. Ḃí gráḋ aici do'n Ċreideaṁ agus do gaċ níḋ a ḃain leis an gCreideaṁ, agus do ġealaḋ a croíḋe i gcóṁnuiġe dos na daoine a ḃíoḋ dílis do'n Ċreideaṁ, agus do ṫaisbeánaḋ sí é nuair ba ċeart é ṫaisbeáint. Ḃí na daoine boċta go léir buiḋeaċ di, agus do tugtí fé ndeara go mbíoḋ sí ċóṁ fial sa déirc leis an Loċlanaċ a ḃéaḋ 'n-a ġátar agus ḃíoḋ sí, náċ mór, leis an Éireanaċ a ḃéaḋ 'n-a ġátar. Ḃí a ciall agus a tuisgint ċóṁ géarċúiseaċ san gur ḃ' ar éigin a ḃíoḋ aon rud ar aigne a h-aṫar ná h-innseaḋ sé ḋi agus ná cuireaḋ sé 'n-a cóṁairle. Aċ ḃí aon tréiṫ aṁáin inti do ṫaraing uraim na ndaoine ċúiċi ṫar gaċ tréiṫ eile d'á raiḃ inti. B'é tréiṫ é sin 'ná an cion a ḃí aici ar a h-aṫair. Dar léi, ní raiḃ fear eile beó i n-Éirinn a ḃí ċóṁ maiṫ leis, na ċóṁ h-uasal leis, ná ċóṁ ríoga leis, ná ċóṁ fial leis, ná ċóṁ mórċroíḋeaċ leis, ná ċóṁ breaġ d'ḟear leis. [ 46 ]Ḃí féasta mór i gCeann Cora an lá san. Ḃí cuideaċta ríoga bailiġṫe ann, agus ḃí dóṫin na cuideaċtan de ríġ i mBrian. Do ṫuig gaċ aoinne go raiḃ, agus ḃí daoine ann a déarfaḋ náċ i gCeann Cora ba ḃeart an ċuideaċta san a ḃeiṫ i ḃfoċair a ċéile an uair sin aċ ṫíos i dTeaṁair, agus náċ ar Leaṫ Ṁoġa ba ċeart Brian a ḃeiṫ 'n-a ríġ aċ gur i n-a Árdríġ ar Éirinn ba ċeart é ḃeiṫ. Do h-airiġeaḋ cogarnaċ de'n tsórd san ar siúḃal go minic i gcaiṫeaṁ an tráṫnóna agus i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe. D'airiġ Brian an ċogarnaċ, aċ níor leig sé air gur airiġ. D'airiġ Murċaḋ an ċogarnaċ, agus dúḃairt sé leis an ḃfear a laḃair ciall a ḃeiṫ aige. D'airiġ Gormḟlaiṫ an ċogarnaċ. Do ċruaḋaiḋ a gnúis agus do las solus 'n-a súiliḃ, agus níor ṡolus fóġanta é.
Ḃí cogarnaċ eile, leis, ar siúḃal. Ḃí Niaṁ agus a h-aṫair 'n-a suiġe i n-aice ċéile, agus is ar éigin ḟéadaḋ an ċuideaċta gan ḃeiṫ ag feuċaint orṫa. Is beag ná go mbuaḋaḋ an iongnaḋ ar na béasaiḃ acu, agus ná go ḃfeuċaidís níba ṁó 'ná mar ba ċeart i dtreó na beirte, ḃí a leiṫéid sin de ṡolus áilneaċta i n-aġaiḋ na h-inġíne. Ansan do fuaradar go léir amaċ, sa ċogarnaċ dóiḃ, gur Mórling ab ainim di agus gur ḃ' aṁlaiḋ a tugaḋ Niaṁ Ċinn Óir mar leas-ainim uirṫi nuair a ḃí sí 'n-a leanḃ. Ṫuigeadar go léir 'n-a n-aigne nár ḃ'aon iongnaḋ i n-aon ċor gur tugaḋ an leas-ainim sin uirṫi, mar gur ḃ'í an “Niaṁ Ċinn Óir” i gceart í.
I n-éaġmais na cogarnaiġe ḃí gleó cainte sa ċuideaċtain a ḃí árd go leór. Do cíoraḋ agus do slámaḋ agus do cuireaḋ tré ċéile airís gaċ gníoṁ des na gníoṁarṫaiḃ móra a deineaḋ ins na caṫanaiḃ úd, ó ċaṫ Ḃealaiġ Leaċta go caṫ Ġleanna Ṁáma. Na fir, sa ċuideaċtain, ná raiḃ i gcaṫ acu ḃíodar i gcaṫ éigin eile acu, agus an t-é ná féadaḋ tuairisg a ṫaḃairt ar ċaṫ acu ṫugaḋ sé tuairisg ar ċaṫ [ 47 ]eile acu, agus uaireanta d'eiríġeaḋ argóint ṫeiṫ idir ḃeirt a ḃí sa n-aon ċaṫ aṁáin, duine acu 'ġá áiteaṁ gur 'n-a leiṫéid seo ċuma do buaḋaḋ an caṫ, agus an duine eile 'ġá áiteaṁ nár ḃ'eaḋ aċ i 'n-a leiṫéid siúd eile de ċuma. Ansan b'ḟéidir go laḃarfaḋ an tríṁaḋ duine agus go ndéarfaḋ se go raiḃ an éagcóir ag an mbeirt, agus go dtaḃarfaḋ sé a ṁalairt ar fad de ṫuairisg ar an gcuma 'n-ar buaḋaḋ an caṫ. Ḃí oiread san neiṫe tuitiṫe amaċ sa Ṁúṁain i gcaiṫeaṁ beagán blianta roimis sin nár ḃaoġal do'n ċuideaċtain aon toċt a ṫeaċt orṫa le h-easba aḋḃar cainte. Níor ṫáinig aon toċt orṫa. Ḃí gleó agus argóint agus áiteaṁ agus aiġneas acu go tiuġ, agus má ḃí ní baoġal ná go raiḃ sult agus greann agus gáirí go tiuġ acu, leis, agus iad ag maoiḋeaṁ go h-árd agus go suairc agus go móraigeanta mar ġeall ar an gcuma 'n-a raiḃ Clanna Gaeḋal i n-uaċtar agus Loċlanaiġ ar lár.
Fé mar a ṫáinig a ndóṫin a ḃeiṫ iṫte agus ólta ag an gcuideaċtain ḃí an ċaint agus an sult agus an gleó ag dul i n-aoirde. Fé ḋeire do ḃuail Brian an cluigín. Do stad an gleó. Ḃí gaċ aoinne ciúin. Do laḃair Brian. D'iar se ar an gcuideaċtain sláinte an Ṗápa ḋ' ól. Do ṁol sé an Creideaṁ agus do ṁol sé Ceann Soḟeicse an Ċreidiṁ, agus do ġeall sé, uaiḋ féin, agus ṫar ċeann a raiḃ láiṫreaċ d' uaisliḃ Gaeḋal, agus tar ċeann a raiḃ beó de ṡíolraċ Gaeḋal, go mbéaḋ slioċt Gaeḋal dílis do'n Ċreideaṁ, le congnaṁ Dé, an ḟaid a ḃéaḋ grian ar spéir agus daoine ar talaṁ.
Do h-ólaḋ sláinte an Ṗápa agus do guiḋeaḋ faid saoġail ċuige. Ansan do laḃair an Legáid. Dúḃairt sé airís os cóṁair na cuideaċtan san an ċaint adúḃairt sé ṫíos i n-Inis Caṫaiġ. D'inis sé conus mar a ḃí an Euróip go léir ag faire an uair sin ar Ḃrian agus ar Ġaeḋlaiḃ agus ar an ngleic uaṫḃásaċ a ḃí acu 'á ḋéanaṁ le [ 48 ]cóṁaċtaiḃ Loċlan; gur ḃ'í an ġleic uaṫḃásaċ san a ḃí ag sáḃáil na h-Euróipe agus ag sáḃáil na h-Eagailse ar fuid na h-Euróipe, ó'n leirsgrios a ḋéanfaḋ na Loċlanaiġ orṫa mura mbéaḋ an cosg a ḃí d'á ċur le n-a réim agus le n-a neart anseo in Éirinn. Dúḃairt sé go mbéaḋ an Pápa agus cléir na Róṁa agus an Eaglais ar fuid na h-Euróipe ag guiḋe ċun Dé do ġnáṫ 'ġá iaraiḋ ar Ḋia na Glóire caḃruġaḋ go láidir leis na Gaeḋlaiḃ agus le Brian sa ġleic sin, agus an buaḋ a ḃí acu d'á ṫuilleaṁ ċóṁ maiṫ do ṫaḃairt dóiḃ sa deire go h-iomlán.
Do ṫug an ċuideaċta trí gárṫa molta do'n Ṗápa. Ansan do ṫugadar trí gárṫa molta do Ḃrian. Ansan d'iaradar d'aon guṫ ar an Legáid an ḃeannaċt a ṫaḃairt airís dóiḃ. Ḃí iongnaḋ air nuair a h-iaraḋ san air, aċ nuair a ċonaic sé Brian agus Murċaḋ agus an ċuideaċta go léir ar a nglúiniḃ ṫug sé ḋóiḃ an ḃeannaċt. Dúḃairt sé i n' aigne féin áṁṫaċ: “Is éagsaṁlaċ na daoine iad! Gleó agus aiġneas agus glór árd agus éirleaċ cainte — agus ansan — beannaċt an Ṗápa! Is éagsaṁlaċ na daoine iad!”