Jump to content

Niamh/8

From Wikisource
181461Niamh — An BoscaPeadar Ua Laoghaire
[ 36 ]

CAIBIDIOL VIII.

AN BOSCA.

Ċomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur ṫré ċéile go dtí go dtáinig aimsir codlata. Nuair a ḃíodar go léir imṫiġṫe a ċodla ċuir an t-Abb fios ar Aṁlaoiḃ. Ṫáinig Aṁlaoiḃ.

“Seo, a ṁic,” arsa'n t-Abb, “eoċair an ċórṫa iarainn atá sa n-érdam duit, agus taḃair ċugam anseo an bosca iarainn atá istiġ sa ċórṫa. Istiġ sa ḃosca iarainn san iseaḋ 'tá an ċailís óir úd a ṫug Brian dúinn. Déarfaiḋ an t-Easbog so a ṫáinig ó'n Róiṁ Aifrean Árd anso amáireaċ dúinn i láṫair an ríġ, agus ní mór an ċailis óir sin a ṫaḃairt dó ċun an Aifrinn sin do ráḋ.”

D'imṫiġ Aṁlaoiḃ agus do rug sé an eoċair leis. Níor ḃ'ḟada gur ṫáinig sé agus an bosca iarainn aige.

“Cuir ansan ar an gclár é, a ṁic,” arsa'n t-Abb.

[ 37 ]Do ċuir. Do ṫug an t-Abb leis eoċair eile. D'osgail sé an bosca. D'ḟeuċ sé isteaċ ann. Ċuir sé a láṁ isteaċ ann. Do lúb a ċosa féi, agus ḃí sé i rioċt tuitim aċ gur rug Aṁlaoiḃ air.

“Cad a ṫáinig ort, a Aṫair?” arsa Aṁlaoiḃ.

Níor laḃair sé. Ṡín sé a ṁéar ċun an ḃosca. D'ḟeuċ Aṁlaoiḃ isteaċ sa ḃosca. Ḃí an bosca folaṁ!

Do stad an ḃeirt ar feaḋ tamail ṁaiṫ agus iad ag feuċaint ar an mbosca. D'ḟeuċ an t-Abb isteaċ ann cúpla uair. Ba ḋóiċ le duine air gur ḃ' aṁlaiḋ nár ḟéad sé raḋarc a ṡúl féin do ċreideaṁaint. Ansan do ḋún sé an bosca airís agus ċuir sé an eoċair 'n-a ṗóca.

“Beir leat é, a Aṁlaoiḃ, ar seisean, “agus cuir isteaċ airís é sa ċórṫa iarainn, díreaċ sa n-áit 'na ḃfuarais é, agus cuir an glas ar an gcórṫa agus taḃair ċúġam an eoċair. Agus feuċ. Ná laḃair amaċ as do ḃéal le h-aoinne beó ar an sgéal. Tá an ċailís imṫiġṫe. Níor ḃ’ ḟéidir í ġuid as an mbosca san gan an dá eoċair a ḋ'ḟáġail, eoċair an ċórṫa agus eoċair an ḃosca san. Ó'n lá ċuireas an ċailís isteaċ sa ḃosca san, agus an bosca isteaċ sa ċórṫa, tá an dá eoċair agam féin. Níor sgaras le h-aon eoċair acu go dtí gur ṫugas duit-se eoċair an ċórṫa ó ċiainiḃ, agus an uair úd a fuaramair an íṁáġ ó Ġormḟlaiṫ. Níor sgaras i n-aon ċor le h-eoċair an ḃosca. Ní féidir liom an sgéal a ṫuisgint. Ná laḃair le h-aoinne 'n-a ṫaoḃ. Cuir amaċ an ċailís óir eile atá againn, i gcóir an Aifrinn amáireaċ.”

D'imṫiġ Aṁlaoiḃ agus ḋein sé mar a dúḃraḋ leis. Cuir sé an bosca folaṁ, agus an glas air, isteaċ sa ċórṫa láidir iarainn mar a raiḃ sé ċeana, agus ṫug sé eoċair an ċórṫa ṫar n-ais ag triall ar an Abb.

Ar maidin amáireaċ a ḃí ċúġainn do cuireaḋ gaċ aon rud i dtreó i gcóir an Aifrinn Aoird. Do ġluais an [ 38 ]tuairisg, um ṫráṫnóna an lae roimis sin, go raiḃ Legáid an Ṗápa tagaiṫe go h-Inis Caṫaiġ agus go raiḃ Brian agus a ṫeiġlaċ tagaiṫe ann ag cur fáilte roimis an Legáid, agus go raiḃ an t-Aifrean Árd le ráḋ, agus beannaċt an Ṗápa le taḃairt do'n ríġ agus dos na manaiġ agus do'n ṗobul. Aḃfad sar a dtáinig am an Aifrinn ḃí na daoine cruinniġṫe isteaċ ar an oileán ó'n dtír mór-ṫímpal i dtreó gur ḋóiċ leat go raiḃ an t-oileán clúdaiġṫe acu.

Dúḃraḋ an t-Aifrean. Do tugaḋ beannaċt an Ṗápa do'n ṗobul agus do'n ríġ, agus do ṫug Colla seanamóin áluinn uaiḋ. Fear ana léiġeanta, ana ḋeaġ-laḃarṫa, ab eaḋ é. Ḃí ruiṫ cainte aige agus uċtaċ láidir, ceólṁar, binn, agus dá mbéaḋ sé ag caint go h-oíḋċe ba ḃreáġ leis an bpobul ḃeiṫ ag éisteaċt leis. D'inis sé ḋóiḃ conus mar a ṫáinig an t-Easbog san ó'n Róiṁ, ó'n bPápa, agus conus mar a ċuir an Pápa a ḃeannaċt ó ċroíḋe ar Ḃrian agus ar a ṡlóiġtiḃ agus ar Ċlannaiḃ Gaeḋal go léir mar ġeall ar na gníoṁarṫa móra a ḃí acu 'á ḋéanaṁ i n-aġaiḋ naṁad an Ċreidiṁ. D'inis sé conus mar a ḃí aiṫne an uair sin ar Ḃrian, ní h-aṁáin ar fuid na h-Éirean go léir aċ ar fuid na h-Euróipe go léir, mar go raiḃ gníoṁarṫa Ḃriain i gcoinniḃ na Loċlanaċ ag sáḃáil na h-Euróipe ó léirsgrios de ṡaġas an léirsgriosa úd a ṫáinig uirṫi nuair a ṫáinig na geinte fiaine adtuaiḋ agus ġaḃdar de ċosaiḃ i gcóṁaċt agus i ngradam agus i nósṁaireaċt ímpireaċta na Róṁánaċ. Dúḃairt sé, mura mbéaḋ Brian go mbéaḋ Éire ag na Loċlanaiġ um an dtaca san mar áit ḃunaiġ ċun a neart do ċruinniuġaḋ agus do ġleusaḋ, i dtreó go ḃféadfaidís a gcóṁaċt do leaṫaḋ óḋeas ar ċríoċaiḃ na h-Euróipe ar fad, agus ná raiḃ ṫeas ná ṫuaiḋ sa n-Euróip an uair sin aon tsaġas cóṁaċta a ḋ'ḟéadfaḋ cosg do ċur leó, murar ḃ' ionan a's sé ċéad blian roimis sin nuair a ḃí cóṁaċt na Róṁánaċ ann ċun seasaiṁ éigin a ḋéanaṁ i [ 39 ]n-aġaiḋ na ngeinte fiaine. Dúḃairt sé gur ṫuig muintir na h-Euróipe go léir an níḋ sin, agus go raḃdar ag faire ar Ḃrian agus ar an obair a ḃí aige 'á ḋéanaṁ, agus gur ṁór acu Brian agus gur ṁór acu an obair.

Nuair a ḃí a ċaint ráiḋte ag an Abb agus gaċ gnó creidiṁ déanta do rugaḋ an Legáid mór-tímpal an oileáin agus do taisbeánaḋ dó gaċ aon rud ab ḟiú a ḋ'ḟeisgint ann, go mór mór gaċ níḋ go raiḃ aon ḃaint ag ainim ná ag beaṫa Ṡeanáin naoṁṫa leis. Ansan do taisbeánaḋ dó gaċ lot agus gaċ raobaḋ-roilge d'ár ḋein na Loċlanaiġ an ḟaid a ḃíodar ann, agus gaċ níḋ d'á raiḃ déanta ag Brian agus ag muintir na tíre agus ag an Abb agus ag na manaiġ ċun gaċ díoḃála do leiġeas.

An ḟaid a ḃíṫeas ag gaḃáil tímpal ar an gcuma san, ag taisbeáint agus ag feisgint, ḃí rud ages na manaiġ 'á ḋéanaṁ sa tseómra ṁór, seómra an ḃíḋ. Ḃí dínnér acu d'á ollaṁuġaḋ dínnér do'n Legáid agus do'n ríġ, agus dos na maiṫiḃ móra tuaṫa agus eagailse a ḃí i n-aonḟeaċt leó. Ar ball, nuair a ḃí an dínnér ollaṁ, ċuaiḋ Aṁlaoiḃ amaċ agus do ṫug sé cogar do'n Abb. Do laḃair an t-Abb leis an ríġ agus leis an Legáid, agus ṫáinig an ċuideaċta go léir isteaċ sa tseómra ṁór. Ḃí an seómra gleusta riarṫa go h-áluinn, fé ḃórdaiḃ fada, agus bia agus deoċ go flúirseaċ ar na bórdaiḃ sin. Do ṡuiġ Brian sa ċaṫaoir ríoga. Do ṡuiġ an Legáid ar ḋeis an ríġ. Do ṡuiġ Murċaḋ, an ríġḋaṁna, ar ġualainn ċlé an ríġ. Do ṡuiġ an ċuid eile des na h-uaisliḃ, do réir a ndán agus a n-uaisleaċta, do réir na nós agus na riaġal a ḃí i ḃfeiḋm i n-Éirinn riaṁ roimis sin. Ḃí ḟios a gaċ duine de'n ċuideaċtain cá raiḃ a inead féin cun suiḋte, agus ċuaiḋ sé agus ṡuiġ sé sa n-inead san.

Ḃí an tráṫnóna go suairc acu go léir. Ḃí a lán ndóṫin bíḋ agus díġe acu. Nuair airiġ muintir na tíre mór-tímpal, [ 40 ]ar gaċ taoḃ de'n aḃainn, an Legáid agus an ríġ agus na maiṫe móra go léir a ḃeiṫ ag teaċt ċun na mainistreaċ, ṫusnuiġ na báid ar ṫeaċt ċun an oileáin agus fáġaltas feóla, agus aráin, agus ime, agus uaċtair, agus b' ḟéidir fáġaltas fíona, ar gaċ bád acu. Ní raiḃ aon aṁgar sa tseómra ṁór. Níor ġáḋ do Ċolla aon eagla ḃeiṫ air go raġaḋ d'á ċuid lóin bíḋ ná díġe, pé tarang a déanfaí orṫa.

Ḃí an ċuideaċta go soilḃir agus go séiṁ. Ḋeineadar a lán cainte agus a lán suilt i gcaiṫeaṁ an tráṫnóna i dteannta a ndóṫin a ḋ' iṫe agus a ḋ 'ól. Do tráċtaḋ airís, fé mar a tráċtṫí i gcóṁnuiġe an uair sin ins gaċ cruinniuġaḋ de'n tsórd, ar na caṫanaiḃ móra a ḃí buaiḋte ag Brian agus ag Dá gCais i gcoinniḃ na Loċlanaċ. Aoinne go raiḃ aon rud le ráḋ aige i dtaoḃ na gcaṫana san ba ṁaiṫ leis laḃairt an uair sin ó ḃí Legáid an Ṗápa ag éisteaċt leis. Do h-innseaḋ do'n Legáid conus mar a cuireaḋ teiṫeaḋ ar na Loċlanaiġ ar an Móin Móir. Conus mar a ċuir Maṫúin, driṫáir Ḃriain, an ruag orṫa ag Loċ Gair. Conus mar a ċuir an ḃeirt driṫár, Maṫúin agus Brian, ár agus dearg-ruaṫar orṫa sa ċaṫ a buaileaḋ ag Sulċoid, mar ar marḃuiġeaḋ trí ṁíle acu, agus conus mar a leanaḋ isteaċ go caṫair Luimníġe an méid acu nár ṫuit sa ċaṫ, agus conus mar a tógaḋ an ċaṫair agus mar a sgartálaḋ agus do loisgeaḋ í. Do h-innseaḋ dó conus mar a ṫáinig Maġnus mac Arailt agus slóiġte móra Loċlanaċ aige, agus conus mar a ḋein sé mainistir Ínse Caṫaiġ do robáil agus do losgaḋ. Ansan do h-innseaḋ dó conus mar a ḃí daingean láidir déanta ḋóiḃ féin ag na Loċlanaiġ sa ṁainistir sin 'n-a raiḃ an ċuideaċta 'n-a suiḋe an uair sin, agus conus mar a ṫáinig Brian agus Dál gCais agus conus mar a ḃriseadar an daingean agus ċuireadar na Loċlanaiġ ċun báis, agus conus mar a ṫuig an Maġnus [ 41 ]mar Arailt úd sa ċaṫ. Ansan do tugaḋ cúntas dó ar ċaṫ Ḃealaiġ Leaċta; agus ar an gcaṫ ag Fán Conraḋ; agus ar an gcaṫ mór fíoċṁar fuilteaċ a troideaḋ i nGleann Ṁáma, mar ar ṫuit ċúig ṁíle fear des na fearaiḃ ba ṫréine ar ṡlóiġtiḃ Loċlan; agus gur ḃ'é an caṫ san Ġleanna Ṁáma do ṁill ar fad cóṁaċt Loċlanaċ i n-Éirinn agus do ċuir Leaṫ Ṁoġa, gan ċosnaṁ, fé láiṁ Ḃriain.

Do tugaḋ an uile ṡaġas cúntais ar na gníoṁarṫaiḃ móra san do'n Legáid, agus ḃí a lán daoine ag caint ag taḃairt na gcúntaisí ḋó. An rud nár ċuiṁin le duine ba ċuiṁin le duine eile é, agus an rud a ṫeiḋeaḋ amú' ar ḋuine ṫugaḋ duine eile sa ċeart leis é.

Do tugaḋ an méid seo fé ndeara, áṁṫaċ. Na fir ba ṫréine gníoṁ i ngaċ caṫ des na caṫanaiḃ úd, níor ḃ' iad ab aoirde glór sa n-innsint. Is ar éigin a laḃair Brian ná Murċaḋ aon ḟocal sa n-innsint. Do ṫuig an Legáid an níḋ sin. Fear géarċúiseaċ ab eaḋ é.

Ḃí na manaiġ ag friṫálaṁ ar na h-uaisliḃ, agus ḃí an deacon, Aṁlaoiḃ, an Loċlanaċ óg, ins gaċ aon ċúinne ag freagairt do na manaċaiḃ fé mar a ġlaoidís, agus ag déanaṁ gaċ aon tsaġas friṫálṁa fé mar a h-órduiġtí ḋó. Ḃí sé ag éisteaċt leis an gcaint go léir i dtaoḃ na gcaṫana móra, agus ní ḟéadfaḋ aoinne a ḋ'innsint ó n-a ċúntanós ciacu ṫuig sé an ċaint nó nár ṫuig, nó cé'cu ba Loċlanaċ é nó nár ḃ'eaḋ. Ḋein sé an gnó a ḃí idir láṁaiḃ aige agus ḋein sé go maiṫ é, agus ḃí a aigne ċóṁ daingean ar an ngnó san go ndéarfaḋ duine ná raiḃ blúire suime aige sa ċaint a ḃí ar siúḃal. Ḃí Taḋg Óg ua Cealla ag déanaṁ an ḟriṫálṁa, leis, agus ḃí sé ag éisteaċt leis an gcaint a ḃí siúḃal. Nuair airiġeaḋ sé an ċaint b'ḟearr leis go mór gan Aṁlaoiḃ a ḃeiṫ ag éisteaċt léi. Aċ nuair ḟeuċaḋ sé ar Aṁlaoiḃ agus nuair a ċíoḋ sé an neaṁṡuim, dar leis, ḃíoḋ a aigne sásta. Ṫuigeaḋ sé ná bíoḋ aon ċorḃuais [ 42 ]ag an gcaint 'á ċur ar Aṁlaoiḃ. Ansan airís, ní ró ṁaiṫ a ṫaiṫneaḋ an neaṁṡuim sin leis. Ṫuigeaḋ sé i n' aigne dá mba Loċlanaċ é féin agus go mbéaḋ caint de'n tsórd san ar siúḃal 'n-a láṫair ná féadfaḋ sé fulang léi pé díċeal a ḋéanfaḋ sé air. Do ṫaiṫn leis nár ġoill an ċaint ar Aṁlaoiḃ, aċ 'n-a ṫaoḃ san ba ṁó an meas a ḃéaḋ aige ar a ċaraid, ba ḋóiċ leis, dá ngoilleaḋ an ċaint air agus dá gcuireaḋ sí fearg air. Níor ġoill, agus níor ċuir.