Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
37
NIAṀ

Do ċuir. Do ṫug an t-Abb leis eoċair eile. D'osgail sé an bosca. D'ḟeuċ sé isteaċ ann. Ċuir sé a láṁ isteaċ ann. Do lúb a ċosa féi, agus ḃí sé i rioċt tuitim aċ gur rug Aṁlaoiḃ air.

“Cad a ṫáinig ort, a Aṫair?” arsa Aṁlaoiḃ.

Níor laḃair sé. Ṡín sé a ṁéar ċun an ḃosca. D'ḟeuċ Aṁlaoiḃ isteaċ sa ḃosca. Ḃí an bosca folaṁ!

Do stad an ḃeirt ar feaḋ tamail ṁaiṫ agus iad ag feuċaint ar an mbosca. D'ḟeuċ an t-Abb isteaċ ann cúpla uair. Ba ḋóiċ le duine air gur ḃ' aṁlaiḋ nár ḟéad sé raḋarc a ṡúl féin do ċreideaṁaint. Ansan do ḋún sé an bosca airís agus ċuir sé an eoċair 'n-a ṗóca.

“Beir leat é, a Aṁlaoiḃ, ar seisean, “agus cuir isteaċ airís é sa ċórṫa iarainn, díreaċ sa n-áit 'na ḃfuarais é, agus cuir an glas ar an gcórṫa agus taḃair ċúġam an eoċair. Agus feuċ. Ná laḃair amaċ as do ḃéal le h-aoinne beó ar an sgéal. Tá an ċailís imṫiġṫe. Níor ḃ’ ḟéidir í ġuid as an mbosca san gan an dá eoċair a ḋ'ḟáġail, eoċair an ċórṫa agus eoċair an ḃosca san. Ó'n lá ċuireas an ċailís isteaċ sa ḃosca san, agus an bosca isteaċ sa ċórṫa, tá an dá eoċair agam féin. Níor sgaras le h-aon eoċair acu go dtí gur ṫugas duit-se eoċair an ċórṫa ó ċiainiḃ, agus an uair úd a fuaramair an íṁáġ ó Ġormḟlaiṫ. Níor sgaras i n-aon ċor le h-eoċair an ḃosca. Ní féidir liom an sgéal a ṫuisgint. Ná laḃair le h-aoinne 'n-a ṫaoḃ. Cuir amaċ an ċailís óir eile atá againn, i gcóir an Aifrinn amáireaċ.”

D'imṫiġ Aṁlaoiḃ agus ḋein sé mar a dúḃraḋ leis. Cuir sé an bosca folaṁ, agus an glas air, isteaċ sa ċórṫa láidir iarainn mar a raiḃ sé ċeana, agus ṫug sé eoċair an ċórṫa ṫar n-ais ag triall ar an Abb.

Ar maidin amáireaċ a ḃí ċúġainn do cuireaḋ gaċ aon rud i dtreó i gcóir an Aifrinn Aoird. Do ġluais an