Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/45

From Wikisource
This page has not been proofread.
41
NIAṀ

mar Arailt úd sa ċaṫ. Ansan do tugaḋ cúntas dó ar ċaṫ Ḃealaiġ Leaċta; agus ar an gcaṫ ag Fán Conraḋ; agus ar an gcaṫ mór fíoċṁar fuilteaċ a troideaḋ i nGleann Ṁáma, mar ar ṫuit ċúig ṁíle fear des na fearaiḃ ba ṫréine ar ṡlóiġtiḃ Loċlan; agus gur ḃ'é an caṫ san Ġleanna Ṁáma do ṁill ar fad cóṁaċt Loċlanaċ i n-Éirinn agus do ċuir Leaṫ Ṁoġa, gan ċosnaṁ, fé láiṁ Ḃriain.

Do tugaḋ an uile ṡaġas cúntais ar na gníoṁarṫaiḃ móra san do'n Legáid, agus ḃí a lán daoine ag caint ag taḃairt na gcúntaisí ḋó. An rud nár ċuiṁin le duine ba ċuiṁin le duine eile é, agus an rud a ṫeiḋeaḋ amú' ar ḋuine ṫugaḋ duine eile sa ċeart leis é.

Do tugaḋ an méid seo fé ndeara, áṁṫaċ. Na fir ba ṫréine gníoṁ i ngaċ caṫ des na caṫanaiḃ úd, níor ḃ' iad ab aoirde glór sa n-innsint. Is ar éigin a laḃair Brian ná Murċaḋ aon ḟocal sa n-innsint. Do ṫuig an Legáid an níḋ sin. Fear géarċúiseaċ ab eaḋ é.

Ḃí na manaiġ ag friṫálaṁ ar na h-uaisliḃ, agus ḃí an deacon, Aṁlaoiḃ, an Loċlanaċ óg, ins gaċ aon ċúinne ag freagairt do na manaċaiḃ fé mar a ġlaoidís, agus ag déanaṁ gaċ aon tsaġas friṫálṁa fé mar a h-órduiġtí ḋó. Ḃí sé ag éisteaċt leis an gcaint go léir i dtaoḃ na gcaṫana móra, agus ní ḟéadfaḋ aoinne a ḋ'innsint ó n-a ċúntanós ciacu ṫuig sé an ċaint nó nár ṫuig, nó cé'cu ba Loċlanaċ é nó nár ḃ'eaḋ. Ḋein sé an gnó a ḃí idir láṁaiḃ aige agus ḋein sé go maiṫ é, agus ḃí a aigne ċóṁ daingean ar an ngnó san go ndéarfaḋ duine ná raiḃ blúire suime aige sa ċaint a ḃí ar siúḃal. Ḃí Taḋg Óg ua Cealla ag déanaṁ an ḟriṫálṁa, leis, agus ḃí sé ag éisteaċt leis an gcaint a ḃí siúḃal. Nuair airiġeaḋ sé an ċaint b'ḟearr leis go mór gan Aṁlaoiḃ a ḃeiṫ ag éisteaċt léi. Aċ nuair ḟeuċaḋ sé ar Aṁlaoiḃ agus nuair a ċíoḋ sé an neaṁṡuim, dar leis, ḃíoḋ a aigne sásta. Ṫuigeaḋ sé ná bíoḋ aon ċorḃuais