Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/46

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
42
NIAṀ

ag an gcaint 'á ċur ar Aṁlaoiḃ. Ansan airís, ní ró ṁaiṫ a ṫaiṫneaḋ an neaṁṡuim sin leis. Ṫuigeaḋ sé i n' aigne dá mba Loċlanaċ é féin agus go mbéaḋ caint de'n tsórd san ar siúḃal 'n-a láṫair ná féadfaḋ sé fulang léi pé díċeal a ḋéanfaḋ sé air. Do ṫaiṫn leis nár ġoill an ċaint ar Aṁlaoiḃ, aċ 'n-a ṫaoḃ san ba ṁó an meas a ḃéaḋ aige ar a ċaraid, ba ḋóiċ leis, dá ngoilleaḋ an ċaint air agus dá gcuireaḋ sí fearg air. Níor ġoill, agus níor ċuir.


CAIBIDIOL IX.

“IS ÉAGSAṀLAĊ NA DAOINE IAD!”

Aċ do críoċnuiġeaḋ an dínnér agus ṫáinig deire na cainte agus d'eiriġ an ċuideaċta. D'iar Brian ar an Legáid teaċt ag triall air féin go Ceann Cora ar ċuaird ċóṁ luaṫ agus ṫiocfaḋ san isteaċ le n-a ċaoṫaṁlaċt. Dúḃairt an Legáid go n-oirfeaḋ dó raint laeṫanta ṫaḃairt sa ṁainistir, i ḃfoċair Ċolla, ag socaruġaḋ agus ag léiriuġaḋ a lán neiṫe a ḃain le gnóṫaíḃ Eagailse agus le gnóṫaíḃ Creidiṁ, ní h-aṁáin sa ṁainistir sin Ínse Caṫaiġ aċ i mainistiriḃ agus i n-eaglaisiḃ na Múṁan go léir. Go mbéaḋ an ċuid ba ḃruideaṁla de ġnó Ínse Caṫaiġ déanta aige lastiġ de ṡeaċtṁain. Ansan, dá mb' é toil an ríġ é, go dtaḃarfaḋ sé cuaird go Ceann Cora. Do socaruiġeaḋ ar ṡeaċtṁain ó'n lá san dó ċun na cuairde sin do ṫaḃairt. Ansan d'imṫiġ Brian agus a ċualaċt aḃaile agus d'ḟan an Legáid sa ṁainistir, é féin agus an ċualaċt ḃeag a ṫáinig leis ó'n Róiṁ.

Ar ball, nuair a ḃí Colla agus an Legáid i ḃfoċair a ċéile 'n-a n-aonar do ġlaoiḋ Colla ar Aṁlaoiḃ.