Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/44

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
40
NIAṀ

ar gaċ taoḃ de'n aḃainn, an Legáid agus an ríġ agus na maiṫe móra go léir a ḃeiṫ ag teaċt ċun na mainistreaċ, ṫusnuiġ na báid ar ṫeaċt ċun an oileáin agus fáġaltas feóla, agus aráin, agus ime, agus uaċtair, agus b' ḟéidir fáġaltas fíona, ar gaċ bád acu. Ní raiḃ aon aṁgar sa tseómra ṁór. Níor ġáḋ do Ċolla aon eagla ḃeiṫ air go raġaḋ d'á ċuid lóin bíḋ ná díġe, pé tarang a déanfaí orṫa.

Ḃí an ċuideaċta go soilḃir agus go séiṁ. Ḋeineadar a lán cainte agus a lán suilt i gcaiṫeaṁ an tráṫnóna i dteannta a ndóṫin a ḋ' iṫe agus a ḋ 'ól. Do tráċtaḋ airís, fé mar a tráċtṫí i gcóṁnuiġe an uair sin ins gaċ cruinniuġaḋ de'n tsórd, ar na caṫanaiḃ móra a ḃí buaiḋte ag Brian agus ag Dá gCais i gcoinniḃ na Loċlanaċ. Aoinne go raiḃ aon rud le ráḋ aige i dtaoḃ na gcaṫana san ba ṁaiṫ leis laḃairt an uair sin ó ḃí Legáid an Ṗápa ag éisteaċt leis. Do h-innseaḋ do'n Legáid conus mar a cuireaḋ teiṫeaḋ ar na Loċlanaiġ ar an Móin Móir. Conus mar a ċuir Maṫúin, driṫáir Ḃriain, an ruag orṫa ag Loċ Gair. Conus mar a ċuir an ḃeirt driṫár, Maṫúin agus Brian, ár agus dearg-ruaṫar orṫa sa ċaṫ a buaileaḋ ag Sulċoid, mar ar marḃuiġeaḋ trí ṁíle acu, agus conus mar a leanaḋ isteaċ go caṫair Luimníġe an méid acu nár ṫuit sa ċaṫ, agus conus mar a tógaḋ an ċaṫair agus mar a sgartálaḋ agus do loisgeaḋ í. Do h-innseaḋ dó conus mar a ṫáinig Maġnus mac Arailt agus slóiġte móra Loċlanaċ aige, agus conus mar a ḋein sé mainistir Ínse Caṫaiġ do robáil agus do losgaḋ. Ansan do h-innseaḋ dó conus mar a ḃí daingean láidir déanta ḋóiḃ féin ag na Loċlanaiġ sa ṁainistir sin 'n-a raiḃ an ċuideaċta 'n-a suiḋe an uair sin, agus conus mar a ṫáinig Brian agus Dál gCais agus conus mar a ḃriseadar an daingean agus ċuireadar na Loċlanaiġ ċun báis, agus conus mar a ṫuig an Maġnus