Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/43

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
39
NIAṀ

n-aġaiḋ na ngeinte fiaine. Dúḃairt sé gur ṫuig muintir na h-Euróipe go léir an níḋ sin, agus go raḃdar ag faire ar Ḃrian agus ar an obair a ḃí aige 'á ḋéanaṁ, agus gur ṁór acu Brian agus gur ṁór acu an obair.

Nuair a ḃí a ċaint ráiḋte ag an Abb agus gaċ gnó creidiṁ déanta do rugaḋ an Legáid mór-tímpal an oileáin agus do taisbeánaḋ dó gaċ aon rud ab ḟiú a ḋ'ḟeisgint ann, go mór mór gaċ níḋ go raiḃ aon ḃaint ag ainim ná ag beaṫa Ṡeanáin naoṁṫa leis. Ansan do taisbeánaḋ dó gaċ lot agus gaċ raobaḋ-roilge d'ár ḋein na Loċlanaiġ an ḟaid a ḃíodar ann, agus gaċ níḋ d'á raiḃ déanta ag Brian agus ag muintir na tíre agus ag an Abb agus ag na manaiġ ċun gaċ díoḃála do leiġeas.

An ḟaid a ḃíṫeas ag gaḃáil tímpal ar an gcuma san, ag taisbeáint agus ag feisgint, ḃí rud ages na manaiġ 'á ḋéanaṁ sa tseómra ṁór, seómra an ḃíḋ. Ḃí dínnér acu d'á ollaṁuġaḋ dínnér do'n Legáid agus do'n ríġ, agus dos na maiṫiḃ móra tuaṫa agus eagailse a ḃí i n-aonḟeaċt leó. Ar ball, nuair a ḃí an dínnér ollaṁ, ċuaiḋ Aṁlaoiḃ amaċ agus do ṫug sé cogar do'n Abb. Do laḃair an t-Abb leis an ríġ agus leis an Legáid, agus ṫáinig an ċuideaċta go léir isteaċ sa tseómra ṁór. Ḃí an seómra gleusta riarṫa go h-áluinn, fé ḃórdaiḃ fada, agus bia agus deoċ go flúirseaċ ar na bórdaiḃ sin. Do ṡuiġ Brian sa ċaṫaoir ríoga. Do ṡuiġ an Legáid ar ḋeis an ríġ. Do ṡuiġ Murċaḋ, an ríġḋaṁna, ar ġualainn ċlé an ríġ. Do ṡuiġ an ċuid eile des na h-uaisliḃ, do réir a ndán agus a n-uaisleaċta, do réir na nós agus na riaġal a ḃí i ḃfeiḋm i n-Éirinn riaṁ roimis sin. Ḃí ḟios a gaċ duine de'n ċuideaċtain cá raiḃ a inead féin cun suiḋte, agus ċuaiḋ sé agus ṡuiġ sé sa n-inead san.

Ḃí an tráṫnóna go suairc acu go léir. Ḃí a lán ndóṫin bíḋ agus díġe acu. Nuair airiġ muintir na tíre mór-tímpal,