Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/50

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
46
NIAṀ

Ḃí féasta mór i gCeann Cora an lá san. Ḃí cuideaċta ríoga bailiġṫe ann, agus ḃí dóṫin na cuideaċtan de ríġ i mBrian. Do ṫuig gaċ aoinne go raiḃ, agus ḃí daoine ann a déarfaḋ náċ i gCeann Cora ba ḃeart an ċuideaċta san a ḃeiṫ i ḃfoċair a ċéile an uair sin aċ ṫíos i dTeaṁair, agus náċ ar Leaṫ Ṁoġa ba ċeart Brian a ḃeiṫ 'n-a ríġ aċ gur i n-a Árdríġ ar Éirinn ba ċeart é ḃeiṫ. Do h-airiġeaḋ cogarnaċ de'n tsórd san ar siúḃal go minic i gcaiṫeaṁ an tráṫnóna agus i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe. D'airiġ Brian an ċogarnaċ, aċ níor leig sé air gur airiġ. D'airiġ Murċaḋ an ċogarnaċ, agus dúḃairt sé leis an ḃfear a laḃair ciall a ḃeiṫ aige. D'airiġ Gormḟlaiṫ an ċogarnaċ. Do ċruaḋaiḋ a gnúis agus do las solus 'n-a súiliḃ, agus níor ṡolus fóġanta é.

Ḃí cogarnaċ eile, leis, ar siúḃal. Ḃí Niaṁ agus a h-aṫair 'n-a suiġe i n-aice ċéile, agus is ar éigin ḟéadaḋ an ċuideaċta gan ḃeiṫ ag feuċaint orṫa. Is beag ná go mbuaḋaḋ an iongnaḋ ar na béasaiḃ acu, agus ná go ḃfeuċaidís níba ṁó 'ná mar ba ċeart i dtreó na beirte, ḃí a leiṫéid sin de ṡolus áilneaċta i n-aġaiḋ na h-inġíne. Ansan do fuaradar go léir amaċ, sa ċogarnaċ dóiḃ, gur Mórling ab ainim di agus gur ḃ' aṁlaiḋ a tugaḋ Niaṁ Ċinn Óir mar leas-ainim uirṫi nuair a ḃí sí 'n-a leanḃ. Ṫuigeadar go léir 'n-a n-aigne nár ḃ'aon iongnaḋ i n-aon ċor gur tugaḋ an leas-ainim sin uirṫi, mar gur ḃ'í an “Niaṁ Ċinn Óir” i gceart í.

I n-éaġmais na cogarnaiġe ḃí gleó cainte sa ċuideaċtain a ḃí árd go leór. Do cíoraḋ agus do slámaḋ agus do cuireaḋ tré ċéile airís gaċ gníoṁ des na gníoṁarṫaiḃ móra a deineaḋ ins na caṫanaiḃ úd, ó ċaṫ Ḃealaiġ Leaċta go caṫ Ġleanna Ṁáma. Na fir, sa ċuideaċtain, ná raiḃ i gcaṫ acu ḃíodar i gcaṫ éigin eile acu, agus an t-é ná féadaḋ tuairisg a ṫaḃairt ar ċaṫ acu ṫugaḋ sé tuairisg ar ċaṫ