Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
45
NIAṀ

D'imṫiġ an tseaċtṁain. Do ġluais an Legáid agus a ċualaċt soir go Ceann Cora. Ċuaiḋ Colla agus Taḋg Óg ua Cealla agus Aṁlaoiḃ soir i n-aonḟeaċt leó. Ḃí cuideaċta ṁór cruinniġṫe rómpa ṫoir. Ḃí a lán de ríogra agus d'uaisliḃ Múṁan agus Laiġean ann. Ḃí Taḋg Mór ua Cealla ann agus cuid de ríogra Conaċt le n-a ċois. Ḃí Niaṁ ann. An áit 'n-a mbíoḋ Taḋg Mór ua Cealla ba ġnáṫ go mbíoḋ a inġean ann. Ḃí tréiṫe móra maiṫe sa ríogan óg san agus ba ṁór é uraim na ndaoine go léir di mar ġeall ar na tréiṫiḃ sin. Ḃí sé i mbeulaiḃ daoine gur ḃ'í an Ḃanríġin, Gormḟlaiṫ, an ḃean dob' áilne ar biṫ an uair sin, aċ fé mar a ḃí Niaṁ ag eiriġe suas ḃí daoine 'ġá ráḋ go mbuaḋfaḋ a h-áilneaċt ar áilneaċt Ġormḟlaiṫ féin um an dtaca 'n-a mbeaḋ sí ag imṫeaċt as na déagaiḃ. Ḃí rí i ngar do ḃeiṫ ag imṫeaċt asta le linn na haimsire sin 'n-ar ṫáinig sí féin agus a h-aṫair go Ceann Cora, go ríġṫeiġlaċ Ḃriain, ċun Legáid an Ṗápa ḋ'ḟeisgint. I n- éaġmais a h-áilneaċta ḃí mórán de ṫréiṫiḃ maiṫe eile inti. Ḃí an Creideaṁ ana láidir istiġ 'n-a croíḋe. Ḃí gráḋ aici do'n Ċreideaṁ agus do gaċ níḋ a ḃain leis an gCreideaṁ, agus do ġealaḋ a croíḋe i gcóṁnuiġe dos na daoine a ḃíoḋ dílis do'n Ċreideaṁ, agus do ṫaisbeánaḋ sí é nuair ba ċeart é ṫaisbeáint. Ḃí na daoine boċta go léir buiḋeaċ di, agus do tugtí fé ndeara go mbíoḋ sí ċóṁ fial sa déirc leis an Loċlanaċ a ḃéaḋ 'n-a ġátar agus ḃíoḋ sí, náċ mór, leis an Éireanaċ a ḃéaḋ 'n-a ġátar. Ḃí a ciall agus a tuisgint ċóṁ géarċúiseaċ san gur ḃ' ar éigin a ḃíoḋ aon rud ar aigne a h-aṫar ná h-innseaḋ sé ḋi agus ná cuireaḋ sé 'n-a cóṁairle. Aċ ḃí aon tréiṫ aṁáin inti do ṫaraing uraim na ndaoine ċúiċi ṫar gaċ tréiṫ eile d'á raiḃ inti. B'é tréiṫ é sin 'ná an cion a ḃí aici ar a h-aṫair. Dar léi, ní raiḃ fear eile beó i n-Éirinn a ḃí ċóṁ maiṫ leis, na ċóṁ h-uasal leis, ná ċóṁ ríoga leis, ná ċóṁ fial leis, ná ċóṁ mórċroíḋeaċ leis, ná ċóṁ breaġ d'ḟear leis.