Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/48

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
44
NIAṀ

“Cá ḃfuil an gaḃa a ḋein na h-eoċraċa so?” ar seisean.

“Tá sé ṫuas i Luimneaċ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla. “Isé ḋein an dá eoċair sin dom, agus isé ḋein an bosca iarainn dom. Ceárdaiḋe ana slaċtṁar, ana eólgui- seaċ, iseaḋ é. Tá inntleaċt aige náċ gnáṫ a ḃeiṫ ag ceárdaiḋṫiḃ d'á ṡórd. Bíon sé ag obair do Ḃrian ag déanaṁ arm dó, agus deirtear gur fearr leis na fir na h-airm a ḋeinean sé 'ná na h-airm a ḋeinean aon ċeárdaiḋe eile d'á ḃfuil ag obair ag Brian. Cruaḋan sé an faoḃar ar ċuma éigin náċ eól d' aoinne aċ dó féin, agus gleusan sé na h-airm i dtreó gur fearr a féadtar iad do ḃeartuġaḋ agus úsáid a ḋéanaṁ díoḃ 'ná mar a féadtar an ṁeáġċaint ċéadna iarainn agus aḋmaid do ḃeartuġaḋ ċun gníṁ ins na h-airm a ḋeinean aon ġaḃa eile, agus gur fearr a ċoimeádaid siad an faoḃar 'ná mar a ċoimeádaid aon airm eile é.”

“Is dóċa,” arsa'n Legáid, “ó tá an buaḋ san aige ar na gaiḃníḃ eile, gur fear saiḋḃir é.”

“Iseaḋ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla. “Fear ana ṡaiḋḃir iseaḋ é. Nuair a fuair Brian amaċ an t-eólus go léir a ḃeiṫ aige ar ḋéanaṁ na n-arm ṫug sé fearan tailiṁ saor dó lasmuiċ de'n ċaṫair, ar bruaċ na Sionainne, ar ċoinġíoll ná déanfaḋ sé aon arm d'aon ríġ eile aċ do Ḃrian féin.”

“Cad é an ainim atá air, a Ċolla?” arsa'n Legáid.

“Níor airiġeas riaṁ an ainim a tugaḋ air nuair a baisteaḋ é. Ní'l ag an bpoibiliḋeaċt air aċ leas-ainim. ‘Meargaċ na lann,’ a tugtar air, mar ġeall, is dóċa, ar ḟeaḃas na n-arm a ḋeinean sé. Tugtar ‘Meargaċ Gaḃa’ air, leis, agus ‘Meargaċ Maol’, agus ‘Meargaċ Duḃ’ agus ‘Meargaċ,’ gan aon rud a ċur leis.”

Ḋeineadar raint eile cainte ar ġnó na mainistreaċ, agus ansan ċuadar a ċodla.