Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/54

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
50
NIAṀ

agus órlaċ i ndiaiġ a gcúil. Ḃí na fir ag tuitim ar gaċ taoḃ. Ní buailtí buille ná tuiteaḋ fear leis, ba ḋóiċ leat. Do ṡocaruiġ Brian agus Murċaḋ agus tuille againn ar ḃriseaḋ isteaċ tré n-a lár. Do ḋúnamair ċun a ċéile agus ḃrúġmair isteaċ. Do leagamair raint acu agus ḃriseamair bearna ionta, agus ḃíomair ag brúṫ amaċ tríd an mbeárnain. Le n-a linn sin cad a ċífinn tamal beag uaim ar ár láiṁ ċlé aċ Loċlanaċ mór mileata agus bearna briste amaċ aige tré n-ár sluaġ féin, agus é féin agus na Loċlanaiġ a ḃí i n' aice ag gaḃáil amaċ go tiuġ ann, agus iad ag leagaḋ ár ndaoine rómpa agus ar gaċ taoḃ díoḃ. Ḃí an Loċlanaċ níob' aoirde go mór 'ná aon ḟear eile a ḃí i n’ aice, de Ġaeḋal ná de Loċlanaċ. Gaċ aon uair a ṫagaḋ a ċlaiḋeaṁ anuas do ṫuiteaḋ fear. Ní raiḃ aoinne ábalta ar ṡeasaṁ 'n-a láṫair. Ċonaic Murċaḋ é. Do léim sé siar as an mbearnain a ḃí déanta againne, agus siúd fé ḋéin an ḟir ṁóir é. Do leanas féin e. Ḃí an dá ċlaiḋeaṁ aige 'n-a ḋá láiṁ. Ṫug sé aġaiḋ ar an ḃfear mór. Do ṫóg an fear mór a ċlaiḋeaṁ agus ṫaraing sé a ḃuille. Do ġaiḃ Murċaḋ an buille ar an gclaiḋeaṁ a ḃí sa láiṁ ċlé aige, agus sa n-am gcéadna díreaċ do ċuaiḋ claiḋeaṁ na láiṁe deise tré ċroíḋe an ḟir ṁóir. Ní ḟeaca riaṁ gníoṁ ċóṁ deas. Aon ġníoṁ aṁáin ab eaḋ an dá ġníoṁ, an ċosaint leis an láiṁ ċlé agus an sáḋ leis an láiṁ ndeis. Dá ḃfeicfeá an fear mór déarfá gur ḃ'uaṫḃásaċ an neart nár ḃfoláir a ḃeiṫ sa ċuislinn a ġlac an buille agus nár lúb fé'n mbuille. Déarfá gur ṁór an gníoṁ a ḋein an fear a ċosain an buille sin. Aċ ḋein sé an gníoṁ eile le linn an ġníṁ sin a ḋéanaṁ. Ċuir sé an claiḋeaṁ eile tré ċroíḋe an ḟir ṁóir. Ní raiḃ aon ċoinne i n-aon ċor ag an ḃfear mór go dtiocfaḋ an ċosaint agus an sáḋ i n-aonḟeaċt air. Ní raiḃ aon ċuinne aige go raiḃ sé i gcuislinn an ḟir a ḃí os a ċóṁair an ċosaint a ḋéanaṁ, gan bac d'aon tsáḋ