Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/56

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
52
NIAṀ

Ansan ḃéaḋ seilḃ ag Loċlanaċaiḃ i n-Éirinn agus ḃéaḋ sé fuar ag M'lṡeaċlainn ḃeiṫ ag cur 'n-a gcoinniḃ. Mura mbéaḋ Murċaḋ ḃéaḋ Éire ag Loċlanaċaiḃ anois! Deirim leat go mbéaḋ. Agus deirim rud eile. Tá sé buailte isteaċ am' aigne agus deirim go láidir é. Ní ḃeiḋ Éire ó ḃaoġal i gceart go dtí go mbeiḋ Brian i n' Árdríġ!”

“Oċón, a Ḋúlainn,” arsa Gormflaiṫ, “measaim gur maiṫ an ḃail ort gan M'lṡeaċlainn a ḃeiṫ ag éisteaċt leat.”

“Ba ċuma liom an tsaoġal, a rígan,” arsa Dúlainn, “aċ go ḃfeicfinn tu féin ṫíos i dTeaṁair ad' Árdrígain ar Éirinn go léir ó Ḋonċaḋ Dí go Tiġ Ṁáire!”


CAIBIDIOL XI.

CEANN LEÓIN

Sgian tré ċroíḋe Ġormḟlaiṫ ab eaḋ an uile ḟocal de'n ċaint sin a laḃair Dúlainn an ḟaid a ḃí an cúntas san aige 'á ṫaḃairt ar ċaiṫ Gleanna Ṁáma. Ba ṁaiṫ léi, gan aṁras, ḃeiṫ 'n-a h-Árdrígain ar Éirinn, aċ má 'seaḋ ní raiḃ aon lorg aici ar Ḃrian a ḃeiṫ i n' Árdríġ. Ḃí ḟios aici, dá dtagaḋ Brian ċun an h-Árdríġeaċta nár ró ḟada 'n-a ḋiaiġ san go dtí go mbéaḋ Murċaḋ i n' Árdríġ. Ḃí a leiṫéid sin d'ḟuaṫ aici do Ṁurċaḋ gur ṫúisge léi í féin agus ar ḃain léi ḃeiṫ sínte fé'n ḃfód 'ná é ḋ'ḟeisgint i n' Árdríġ. Ḃí gaċ aon tsúil aici go dtuigfeaḋ sé féin agus Brian i gcaṫ Ġleanna Ṁáma agus go mbéaḋ buaḋ ag na Loċlanaiġ ann. Ansan, dar léi, d'iompóċ' cóṁaċt Loċlan 'n-a lá neart ar Ṁ'lṡeaċlainn. Ní ḃéaḋ aon ḃreiṫ aige ar ṡeasaṁ 'n-a gcoinniḃ. Ní ḟéadfaḋ sé neart fear