Niamh/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Niamh by Peadar Ua Laoghaire
Diabhal Coimhdeachta
[ 59 ]

CAIBIDIOL XII.

DIAḂAL COÍṀDEAĊTA.

Ṫug Colla agus an Legáid agus Taḋg Óg ua Cealla agus Aṁlaoiḃ aġaiḋ siar ar Inis Caṫaiġ. Ar loing iseaḋ ċuadar síos ó Luimneaċ. An ḟaid a ḃíodar ar an slíġ ḃí an ḃeirt ógánaċ ṫuas ar bórd agus ḃí Colla agus an t-Easbog ṫíos i seómra leó féin. Ḃíodar ag caint.

“Ní maiṫ a ṫaiṫnean an Ḃanríġin liom, a Ċolla,” arsa'n Legáid. “Cuirean sí i gcuiṁne ḋom focal adúḃairt duine d' ḃúr naoiṁ.”

“Má ċuir sí caint naoiṁ i gcuiṁne ḋuit, a Aṫair,” arsa Colla, “nár ċóir go dtaiṫnfeaḋ sí leat?”

“Sdó, isé rud adúḃairt an naoṁ 'ná gur ‘mairg a ḋ'ḟeuċfaḋ go dlúṫ i n-aġaiḋ mná le h-eagla go ḃfeicfeaḋ sé a diaḃal coíṁdeaċta.’ Tá ‘diaḃal coíṁdeaċta’ ag Gormḟlaiṫ. Ċonac é go minic i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe aréir. Tá eagal orm go ḃfuil ḟios aici go ḃfeaca é. An airiġean tú leat mé, a Ċolla,” ar seisean. “Taḃarfaiḋ an ḃean san niṁ do Ḃrian nó do Ṁurċaḋ nó dóiḃ araon mura ndéanfar iad do ċosaint go maiṫ uirṫi!”

“Ní ḟeicim conus a ḃéaḋ aon tairḃṫe ag teaċt ċúiċi ó n-a mbás san, a Aṫair,” arsa Colla.

“B'ḟéidir,” arsa'n Legáid, “go ḃfeicean sí féin é, nó b'ḟéidir gur dóiċ léi go ḃfeicean. Ba ċeart rud éigin a ḋéanaṁ a ċuirfeaḋ as a cumas aon díoḃáil a ḋéanaṁ do'n ríġ. Ḃéaḋ an sgéal go h-olc ag Éire agus ag an Eaglais [ 60 ]i n-Éirinn anois dá n-imṫiġeaḋ aon rud ar Ḃrian, go ceann tamail eile pé 'n-Éirinn é.”

“Cad is dóiċ leat ba ċeart a ḋéanaṁ, aṪiġearna Easboig?” arsa Colla.

“Ná féadfaí gan leigint do Ḃrian bia ná deoċ do ġlacaḋ a' láiṁ aoinne aċ duine áiriġṫe éigin go mbéaḋ iontaoiḃ as?”

“Is dóċa go ḃféadfaí,” arsa Colla.

“Deintear san láiṫreaċ. Ní gáḋ aon droċ aṁras a ċur ar aoinne. Ní'l aon ríġ ná déinean a leiṫéid. Tá mná ann, a Ċolla, agus tá eólus acu ar conus duine ċur ċun báis le niṁ ar ċuma ná fágfaḋ aon ċaoi ar ṫrúig ḃáis an duine sin a ḋ'ḟáġail amaċ go deó. Do ċonac-sa cuid des na mnáiḃ sin. Ċonac an diaḃal coíṁdeaċta a ḃíoḋ acu, díreaċ mar a ċonac diaḃal coíṁdeaċta Ġormḟlaiṫ aréir. Ċonac an duine ar a raiḃ an paor. Níor ró ḟada an aimsir 'n-a ḋiaiġ san go dtí go raiḃ an duine sin as an slíġ. Ná dein aon riġneas.”

“Ní ḋéanfad, a Aṫair,” arsa Colla. “Raġad soir go Ceann Cora amáireaċ agus laḃarfad le Murċaḋ. Ar ṁiste ḋom a ráḋ, a Aṫair, gur tusa ṫug an foláraṁ dom?”

“Ní miste,” arsa'n Legáid, “aċ dein mar seo é. Abair go ndúḃart ná fuil aon ríġ ná déinean beart mar a deirim ċun é féin a ċosaint ar niṁ.”

“Tá go maiṫ, a Aṫair,” arsa Colla. “Conus a ṫaiṫn an ċuid eile de'n ċuideaċtain leat, a Aṫair?” ar seisean.

“Go maiṫ,” arsa'n Legáid. “Tá nósa agus béasa agus slíġṫe agaiḃ ná fuil taiṫíġe agam-sa ar a sórd. Aċ measaim, dá mbéaḋ taiṫíġe agam orṫa ná faġainn aon loċt orṫa. Bainid siad geit a’ duine nuair a ċíon sé iad an ċéad uair. Níor ċuir aon rud riaṁ oiread iongnaḋ orm agus do ċuireaḃair go léir orm i dtusaċ na h-oíḋċe aréir. [ 61 ]Is dóiċ liom go raḃaḃair go léir ar leaṫ-ṁeisge. Ḃí teinneas am' ċeann ó'n ngleó agus ó'n ḃfoṫram a ḃí ar siúḃal. Ansan, ar leagaḋ na súl ḃíoḃair go léir ar ḃúr nglúiniḃ ċun beannaċt an Ṗápa ḋ' ḟáġail uaim airís! Mura mbéaḋ feaḃas na h-aiṫne atá agam oraiḃ déarfainn gur ag magaḋ fúm a ḃíoḃair.”

“Ḃíomair lom dáiríriḃ, a Aṫair,” arsa Colla. “Neart ár gCreidiṁ a ċuir ḟiaċaiḃ orainn é sin a ḋéanaṁ.”

“Is fíor san,” arsa'n Legáid. “Tuigim anois go maiṫ é. Ag maċtnaṁ dom ar an sgéal isé rud adeirim liom féin 'ná gur ṁaiṫ an ḃail ar ċuid againn ṫeas dá mbéaḋ cuid d' ḃúr ḃfoṫram againn agus cuid de neart ḃúr gCreidiṁ, ar sgáṫ an ḟoṫraim.”

Ṫánadar ċun na mainistreaċ. D'eiriġ Colla go moċ ar maidin amáireaċ a ḃí ċúġainn ċun dul ṫar n-ais airís láiṫreaċ go Ceann Cora.

“Raġad-sa leat ċóṁ fada le Luimneaċ, a Ċolla,” arsa'n Legáid. “Tá raint gnóṫa agam le déanaṁ ann ameasg na sagart atá ann. Taḃair ḋom an eoċair úd an ḃosca iarainn n-a raiḃ an ċailís agat ann.”

Ṫug Colla an eoċair dó agus do ġluaiseadar. D'ḟan an Legáid i Luimneaċ agus ṫáinig Colla go Ceann Cora. Ḋein an Legáid an gnó a ḃí le déanaṁ aige ameasg na sagart. Ansan ċuir sé tuairisg Ṁeargaiġ, an gaḃa a ḃíoḋ ag déanaṁ na n-arm do Ḃrian. Do stiúruiġeaḋ é ċun na h-áite 'n-a raiḃ a ċeárta ag an ngaḃa. Ní ceárta a ḃí aige aċ fiċe ceárta, agus gaiḃní ag obair agus builg d'á séideaḋ agus iaran d'á losgaḋ agus d'á léasaḋ le h-órdaiḃ agus le casúraiḃ ins gaċ aon ċúinne. Ḃí claiḋṁte agus tuaġana agus pící agus sleáġana agus clogaid, agus gaċ aon tsaġas gleus cogaiḋ, caiṫte anso agus ansúd, cuid des na neiṫiḃ sin geall le ḃeiṫ críoċnuiġṫe, agus gan cuid acu aċ ar éigin tusnuiġṫe. Ḃí Meargaċ Gaḃa ag imṫeaċt [ 62 ]anonn 's anall ameasg an luċt oibre agus a ṡúil ar gaċ aon rud agus é ag órdúċán agus ag stiúrúċán, ag molaḋ agus ag cáineaḋ, fé mar a déintí an obair ċun a ṫoile nó ar a ṁalairt de ċuma.

Ṫáinig an Legáid ċun cainte leis.

“Ta obair ṁór 'á ḋéanaṁ anso, a ḋuin'uasail,” arsa'n Legáid.

“Tá fáġaltas oibre 'á ḋéanaṁ ann, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Meargaċ.

Ansan do rug sé an Legáid mór-ṫímpal tríd an obair agus ḃí sé ag taisbeáint gaċ aon rud dó agus ag míniuġaḋ gaċ aon rud dó. Fé ḋeire do ṫaraing an Legáid an eoċair as a ṗóca agus ṫaisbeáin sé ḋó í.

“Feuċ, a ḋuin'uasail,” ar seisean, “b'ḟéidir go ḃféadfá macṡaṁail do'n eoċair sin a ḋéanaṁ dom.”

“Ambasa aċ féadfad agus fáilte, a Ṫiġearna Easboig, arsa'n gaḃa. “Tá aiṫne ṁaiṫ agam ar an eoċair sin. Is mé a ḋein an eoċair sin do Ċolla. Fuair sé cailís ana ḋaor ó Ḃrian, agus d'iar sé orm-sa bosca iarainn a ḋéanaṁ do'n ċailís, agus glas a ċur ar an mbosca nár ḃ'ḟeídir a ḋ' osgailt aċ leis an aon eoċair aṁáin a ḋéanfainn féin do'n ġlas. Aċ ṁeasas gur ċuaiḋ an eoċair sin amú,” a Ṫiġearna Easboig,” ar seisean. “Ṫáinig teaċtaire anso ċúġam, tá suim aimsire ó ṡin ann, ó Ċolla féin, agus dúḃairt sé liom gur cailleaḋ an eoċair agus ná féadfaí an bosca ḋ' osgailt, agus d' ḟiafraiḋ sé ḋíom an ḃféadfainn, ó m' ċuiṁne, macṡaṁaila ḋéanaṁ do'n eoċair. Dúḃart go ḃféadfainn agus do ḋeineas.”

“Cé r' ḃ' é an teaċtaire?” arsa'n Legáid.

“Duine des na manaiġ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa'n gaḃa.

“Ḃuail anso a leiṫ, a ḋuin'uasail, i dtreó ná h- aireóċaiḋ aoinne sinn.” [ 63 ]Ḋruideadar i leiṫ taoiḃ.

“Níor cailleaḋ an eoċair i n-aon ċor, a ḋuin'uasail,” arsa'n Legáid, “agus níor ċuir Colla aon teaċtaire ċúġat-sa 'ġá iaraiḋ ort macṡaṁail a ḋéanaṁ do'n eoċair. An t-é a ṫáinig ċúġat biṫeaṁnaċ ab eaḋ é. Tá an ċailís imṫiġṫe.”

“An ċailís imṫiġṫe!” arsa'n gaḃa.

“Tá sí imṫiġṫe,” arsa'n Legáid. Agus d'inis sé tríd síos dó conus mar a ḃí an ċailís le taḃairt dó féin ċun an Aifrinn Aoird do ráḋ os cóṁair Ḃriain agus na n-uasal, agus conus mar a fuaraḋ an bosca iarainn folaṁ nuair a h-osgalaḋ é.

Do stad an gaḃa. Níor ḟan focal ann. Ṫuig sé láiṫreaċ gur ḋein sé árd ḋearṁad nuair a ḋein sé an macṡaṁail do'n eoċair gan dul síos agus laḃairt ar dtúis le Colla féin. Ṫug an ḃeirt raint aimsire gan laḃairt. Do laḃair an Legáid.

“An aiṫneófá an teaċtaire an dóiċ leat?” ar seisean.

“'Sé mo ṫuairim go n-aiṫneóċainn, a Ṫiġearna Easboig,” arsa'n gaḃa. “Duine des na manaiġ ab eaḋ é.”

“Téanam ort síos anois agus ġeóḃmíd raḋarc ar na manaiġ go léir. Buailfimíd eatarṫa agus iad ag déanaṁ a ngnóṫa. Ní neósfaimíd d' aoinne cad 'tá uainn. Ní h-aon iongnaḋ mise agus tusa ḃeiṫ ag gaḃáil tríd an mainistir. Déarfar gur gnó éigin a ḃainean le d' ċeírd a ḃeiḋ agam 'á ṫaḃairt duit le déanaṁ.

Ċuir an gaḃa fear eile os cionn na h-oibre, agus do ġluais sé fein agus an Legáid síos go h-Inis Caṫaiġ. Ḃuaileadar tríd an mainistir. Ḃíodar ag feuċaint ar ḋóirsiḃ agus ar ġlasaiḃ agus ar ḃacánaiḃ agus ar ṫuisleanaiḃ. Ḃí an Legáid ag cur fios ar an manaċ so agus ar an manaċ úd agus é ag déanaṁ gaċ aon tsaġas ceistiúċáin orṫa, agus ḃí an gaḃa ag faire ċuige. Ṫánadar [ 64 ]ċun an érdaim. Do glaoḋaḋ ar an ndeacon. Ní raiḃ sé ann. Do riṫ teaċtaire anso a's teaċtaire ansúd ar a lorg. Ní raiḃ sé le fáġail. Do glaoḋaḋ ar Ṫaḋg Óg ua Ċealla. Ṫáinig sé. Do fiafraiġeaḋ dé cá raiḃ a ċomrádaiḋe.

“Dúḃairt sé go raiḃ sé ag dul suas go Luimneaċ i n-aonḟeaċt leat-sa, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Taḋg. “Ní ḟeaca-sa ó ṡin é. An aṁlaiḋ nár ṫáinig sé anuas i n-aonḟeaċt liḃ?” ar seisean.

“Níor ṫáinig,” arsa'n Legáid, “nó má ṫáinig ní ḟeacamair-ne ag teaċt é.”

Le n-a linn sin ṫáinig Colla. Do fiafraiġeaḋ dé an ḃfeacaiḋ sé Aṁlaoiḃ i n-aon ḃall.

“Nuair a ṡroiseas Ceann Cora,” arsa Colla, “ḃí sé ann róṁam. Dúḃairt sé go raiḃ teaċtaireaċt éigin aige 'á ḃreiṫ uait-se, ag triall ar an ríġ, a Ṫiġearna Easboig. Is dóċa go mbeiḋ sé anso sar a' fada.”

“Is dóċa é,” arsa'n Legáid. Ní dúḃairt sé a ṫuille. Ḃí ḟios aige go ndúḃairt Aṁlaoiḃ bréag i dtaoḃ na teaċtaireaċta; nár ṫug sé féin aon teaċtaireaċt dó le breiṫ ag triall ar an ríġ.

“Tá gnóṫaí móra ar siúḃal ṫoir i gCeann Cora,” arsa Colla.

“Cad iad na gnóṫaí iad, a Aṫair?” arsa'n Legáid, agus ċuir gaċ aoinne a ḃí láiṫreaċ cluas air féin.

“Tá,” arsa Colla, “maiṫe móra a ḃeiṫ tagaiṫe ann ó leaṫ Ċuinn agus iad a ḃeiṫ 'ġá iaraiḋ ar Ḃrian an Árdríġeaċt do ġlacaḋ.”

“An aṁlaiḋ atá M'lṡeaċlainn tar éis ḃáis?” arsa'n Legáid.

“Ní h-aṁlaiḋ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Colla, “aċ deir an ṁuintir a ṫáinig go ḃfuil Leaṫ Ċuinn go léir corṫa de Ṁ'lṡeaċlainn agus náċ foláir é ċur i leiṫ taoiḃ agus Árdríġ ḋéanaṁ de Ḃrian.”

[ 65 ]“Is olc agus is dian olc an sgéal é sin,” arsa'n Legáid. “Éireóċaiḋ cogaḋ fuilteaċ as san má ġéillean Brian dóiḃ. Cad deir Murċaḋ?”

“Ní deir sé puínn,” arsa Colla. “Deir sé náċ ceart géilleaḋ i n-aon ċor dóiḃ aċ ar aon ċoinġíoll aṁáin.”

“‘Ar aon ċoinġíoll aṁáin.’ Cad ċuige an coinġíoll? Cad é an coinġíoll é? Conus ḟéadfaḋ aon ċoingíoll ceart a ṫaḃairt do Ḃrian ċun na h-Árdríġeaċta!” arsa'n Legáid.

“Deir Murċaḋ,” arsa Colla, “náċ ceart do Ḃrian toiliuġaḋ i n-aon ċor ċun na h-Árdríġeaċta do ġlacaḋ mura n-iaraiḋ Leaṫ Ċuinn agus Éire go léir d'aon ġuṫ air í ġlacaḋ. Agus deir Gormḟlaiṫ go ḃfuil an ceart aige.”

“Tá, an ceart aige,” arsa'n Legáid. “Aċ conus a ġeóḃfar amaċ an t-aonġuṫ san? Má ṫugan Brian aon ċluas do ċóṁairle na n-uasal san aireófar láiṫreaċ é ar fuaid na h-Éirean go léir. Glacfaid cáirde Ṁ'lṡeaċlainn arm. Glacfaid cáirde Ḃriain arm. Beiḋ se 'n-a ċogaḋ ḋearg againn. Ní mór dom dul ċun cainte le Brian agus le Murċaḋ. Téanam ort airís, a Ċolla. Go gcuiriḋ Dia ár ríġṫe ar a leas!”