Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/64

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
60
NIAṀ

i n-Éirinn anois dá n-imṫiġeaḋ aon rud ar Ḃrian, go ceann tamail eile pé 'n-Éirinn é.”

“Cad is dóiċ leat ba ċeart a ḋéanaṁ, aṪiġearna Easboig?” arsa Colla.

“Ná féadfaí gan leigint do Ḃrian bia ná deoċ do ġlacaḋ a' láiṁ aoinne aċ duine áiriġṫe éigin go mbéaḋ iontaoiḃ as?”

“Is dóċa go ḃféadfaí,” arsa Colla.

“Deintear san láiṫreaċ. Ní gáḋ aon droċ aṁras a ċur ar aoinne. Ní'l aon ríġ ná déinean a leiṫéid. Tá mná ann, a Ċolla, agus tá eólus acu ar conus duine ċur ċun báis le niṁ ar ċuma ná fágfaḋ aon ċaoi ar ṫrúig ḃáis an duine sin a ḋ'ḟáġail amaċ go deó. Do ċonac-sa cuid des na mnáiḃ sin. Ċonac an diaḃal coíṁdeaċta a ḃíoḋ acu, díreaċ mar a ċonac diaḃal coíṁdeaċta Ġormḟlaiṫ aréir. Ċonac an duine ar a raiḃ an paor. Níor ró ḟada an aimsir 'n-a ḋiaiġ san go dtí go raiḃ an duine sin as an slíġ. Ná dein aon riġneas.”

“Ní ḋéanfad, a Aṫair,” arsa Colla. “Raġad soir go Ceann Cora amáireaċ agus laḃarfad le Murċaḋ. Ar ṁiste ḋom a ráḋ, a Aṫair, gur tusa ṫug an foláraṁ dom?”

“Ní miste,” arsa'n Legáid, “aċ dein mar seo é. Abair go ndúḃart ná fuil aon ríġ ná déinean beart mar a deirim ċun é féin a ċosaint ar niṁ.”

“Tá go maiṫ, a Aṫair,” arsa Colla. “Conus a ṫaiṫn an ċuid eile de'n ċuideaċtain leat, a Aṫair?” ar seisean.

“Go maiṫ,” arsa'n Legáid. “Tá nósa agus béasa agus slíġṫe agaiḃ ná fuil taiṫíġe agam-sa ar a sórd. Aċ measaim, dá mbéaḋ taiṫíġe agam orṫa ná faġainn aon loċt orṫa. Bainid siad geit a’ duine nuair a ċíon sé iad an ċéad uair. Níor ċuir aon rud riaṁ oiread iongnaḋ orm agus do ċuireaḃair go léir orm i dtusaċ na h-oíḋċe aréir.