Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
59
NIAṀ

liom a ċúram a ḃeiṫ ar ḋuine éigin eile. — Go gcuiriḋ Dia ar ár leas sinn go léir!”


CAIBIDIOL XII.

DIAḂAL COÍṀDEAĊTA.

Ṫug Colla agus an Legáid agus Taḋg Óg ua Cealla agus Aṁlaoiḃ aġaiḋ siar ar Inis Caṫaiġ. Ar loing iseaḋ ċuadar síos ó Luimneaċ. An ḟaid a ḃíodar ar an slíġ ḃí an ḃeirt ógánaċ ṫuas ar bórd agus ḃí Colla agus an t-Easbog ṫíos i seómra leó féin. Ḃíodar ag caint.

“Ní maiṫ a ṫaiṫnean an Ḃanríġin liom, a Ċolla,” arsa'n Legáid. “Cuirean sí i gcuiṁne ḋom focal adúḃairt duine d' ḃúr naoiṁ.”

“Má ċuir sí caint naoiṁ i gcuiṁne ḋuit, a Aṫair,” arsa Colla, “nár ċóir go dtaiṫnfeaḋ sí leat?”

“Sdó, isé rud adúḃairt an naoṁ 'ná gur ‘mairg a ḋ'ḟeuċfaḋ go dlúṫ i n-aġaiḋ mná le h-eagla go ḃfeicfeaḋ sé a diaḃal coíṁdeaċta.’ Tá ‘diaḃal coíṁdeaċta’ ag Gormḟlaiṫ. Ċonac é go minic i gcaiṫeaṁ na h-oíḋċe aréir. Tá eagal orm go ḃfuil ḟios aici go ḃfeaca é. An airiġean tú leat mé, a Ċolla,” ar seisean. “Taḃarfaiḋ an ḃean san niṁ do Ḃrian nó do Ṁurċaḋ nó dóiḃ araon mura ndéanfar iad do ċosaint go maiṫ uirṫi!”

“Ní ḟeicim conus a ḃéaḋ aon tairḃṫe ag teaċt ċúiċi ó n-a mbás san, a Aṫair,” arsa Colla.

“B'ḟéidir,” arsa'n Legáid, “go ḃfeicean sí féin é, nó b'ḟéidir gur dóiċ léi go ḃfeicean. Ba ċeart rud éigin a ḋéanaṁ a ċuirfeaḋ as a cumas aon díoḃáil a ḋéanaṁ do'n ríġ. Ḃéaḋ an sgéal go h-olc ag Éire agus ag an Eaglais