Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/62

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
58
NIAṀ

ṁalairt sin. Ḃí fir óga ann agus nuair a ċonacadar é féin agus Niaṁ ag rince dúḃradar d'á luaṫaċt a críoċnófaí 'n-a ṡagart é gur ḃ' eaḋ b'ḟearr é. Ḃéaḋ sé as an slíġ ansan. Agus ḃí cailíní óga uaisle ann agus bíoḋ go ndúḃradar 'n-a n-aigne féin gur ṁór an truaġ sagart a ḋéanaṁ dé, b'ḟearr leó seaċt n-uaire é ḋ'ḟeisgint 'n-a ṡagart 'ná é ḋ'ḟeisgint ag Niaṁ.

Ċóṁ fada agus a ṫeiḋean sgéal de'n tsórd san ní h-é mo ṫuairim go ḃfuil aon aṫaruġaḋ tagaiṫe ar Gaeḋlaiḃ Éirean. Fé-s na foltaiḃ breaġṫa fada troma, nó fé-s na hataíḃ ar na cloigeanaiḃ beárrṫa agus fé-s na sgiaṫógaiḃ agus na cleití, tá an nádúr céadna díreaċ ionainn ċóṁ fada agus a ṫeiḋean sgéal de'n tsórd san.

Aċ do ġluais an oíḋċe, ar cos-anáirde, díreaċ fé mar a ġluaiseoċ' oíḋċe de'n tsórd anois. Ṫáinig an lá agus do sgaip an ċuideaċta, gaċ aoinne fé ḋéin a ṫíġe féin. Ṫug Taḋg Mór ua Cealla agus Niaṁ aġaiḋ siar óṫuaiḋ ar Uíḃ Máine. Ḃí, mar a dúḃraḋ, teipiṫe glan ar Niaṁ an dá ṁaċtnaṁ úd a ṫaḃairt d'á ċéile. Isé rud a ḋein sí 'ná iad araon do ḋíbirt ar fad as a h-aigne agus as a croíḋe, agus í fein do ṫaḃairt suas do Ḋia.

“Is cuma liom an doṁan,” ar sise 'n-a h-aigne féin agus í ag socaruġaḋ a h-aṫar agus 'ġá ollaṁuġaḋ i gcóir an ḃóṫair. “Is cuma liom an doṁan ó tá m'aṫair agam. Ní ḟéadfaiḋ sagart ná bráṫair m'aṫair a ḃaint díom. Is fearr d' fear é 'ná aoinne acu íseal ná uasal. Is measa liom a lúidín 'ná dá n-imṫíġeaḋ sé siúd, agus an ċuid eile acu, le fánaiġ na h-aḃan! Cad é sin dóṁ-sa cad é an cor a ṫaḃarfaiḋ sé siúd dó féin! Má déintear sagart dé tá súil agam go ndéanfaiḋ sé sagart maiṫ. Ní baoġal dó go ndéanfad-sa aon ċur isteaċ air ná go dtiocfad idir é agus Dia. Ní ró ṁaiṫ a ṫaiṫnean an sgéal i n-aon ċor liom. Dá mbéinn i gcás Ċolla ba ḋóiċ liom gur ḃ'ḟearr