easba meaḃraċ orṫa. Ní'l ins na sgiaṫógaiḃ sin aċ nós a ḃainean leis an aimsir seo;” déarfaidís, “Mo ṫruaġ na fir! Agus mo ṫruaġ an ċlann!”
Ansan dá n-abraḋ duine leó, “Isiad na fir féin fé ndeár é. Ní laḃarfaḋ aon ḟear acu le cailín mura ḃfeicfeaḋ sé an sgiaṫóg san ar a ceann!” Ní ḋéanfaidís aċ a ráḋ “Tá an saoġal ar buile!” agus imṫeaċt.
Aċ ní fearr ḃeiṫ ag caint air. Ní baoġal go dtiocfaiḋ siad. Ní h-ar neiṫiḃ de'n tsórd san a ḃí an ḃeirt ag cuiṁneaṁ an oíḋċe úd. Ḃí a ṁalairt de ċúram orṫa. Ḃí Gormḟlaiṫ ag cuiṁneaṁ ar Árdríġeaċt na h-Éirean, agus ar Ḃrian, agus ar Ṁurċaḋ, agus ar a mac féin, agus ar conus a ṫiocfaḋ sí ar Ṁurċaḋ do ċur ó'n Árdríġeaċt agus ar an Árdríġeaċt do ċur i n-áiriġṫe d'á mac féin. Ḃí Niaṁ agus a driṫáir agus an ċuid eile des na mnáiḃ óga agus des na fearaiḃ óga ag rince, agus an ceól d'á spreagaḋ ḋóiḃ, agus gur ḋóiċ le duine orṫa ná raiḃ aon níḋ fé ḃun Dé ar an dtalaṁ so déanaṁ aon ċúraim dóiḃ aċ an ceól agus an rince agus an t-aoiḃneas a ḃí ansúd 'n-a dtímpal. Aċ ḃí. Ḃí Niaṁ ag rince le n-a driṫáir ar feaḋ tamail, agus le Murċaḋ ar feaḋ tamail. Agus ḃí sí ag rince le h-Aṁlaoiḃ, le h-aḋḃar an tsagairt ar feaḋ tamail. Ḃí sí ċóṁ séiṁ, ċóṁ gealġáiriteaċ le h-Aṁlaoiḃ agus a ḃí sí le h-aoinne des na h-uaisliḃ óga a ḃí ag rince léi. Aċ an dá ṁaċtnaṁ úd, d'á ṁéid a ḋein sí breiṫniuġaḋ orṫa iseaḋ ba ġlaine a ṫeip uirṫi iad do ṫaḃairt d'á ċéile. Agus bíoḋ gur ċoimeád sí a h-aigne aici féin go beaċt ḃí daoine láiṫreaċ, agus níor ḃeagán daoine é, a ċuiṁniġ 'n-a n-aigne, nuair a ċonacadar an ḃeirt agus iad araon ċóṁ daṫaṁail, ċóṁ séiṁ, ċóṁ h-uasal ar gaċ aon tsaġas cuma, gur ḃ' áluinn ar fad an lánṁa a ḋéanfaidís, agus gur ṁór go léir an truaġ sagart a ḋéanaṁ d'Aṁlaoiḃ. Ḃí daoine ann, áṁṫaċ, adúḃairt a