Is dóiċ liom go raḃaḃair go léir ar leaṫ-ṁeisge. Ḃí teinneas am' ċeann ó'n ngleó agus ó'n ḃfoṫram a ḃí ar siúḃal. Ansan, ar leagaḋ na súl ḃíoḃair go léir ar ḃúr nglúiniḃ ċun beannaċt an Ṗápa ḋ' ḟáġail uaim airís! Mura mbéaḋ feaḃas na h-aiṫne atá agam oraiḃ déarfainn gur ag magaḋ fúm a ḃíoḃair.”
“Ḃíomair lom dáiríriḃ, a Aṫair,” arsa Colla. “Neart ár gCreidiṁ a ċuir ḟiaċaiḃ orainn é sin a ḋéanaṁ.”
“Is fíor san,” arsa'n Legáid. “Tuigim anois go maiṫ é. Ag maċtnaṁ dom ar an sgéal isé rud adeirim liom féin 'ná gur ṁaiṫ an ḃail ar ċuid againn ṫeas dá mbéaḋ cuid d' ḃúr ḃfoṫram againn agus cuid de neart ḃúr gCreidiṁ, ar sgáṫ an ḟoṫraim.”
Ṫánadar ċun na mainistreaċ. D'eiriġ Colla go moċ ar maidin amáireaċ a ḃí ċúġainn ċun dul ṫar n-ais airís láiṫreaċ go Ceann Cora.
“Raġad-sa leat ċóṁ fada le Luimneaċ, a Ċolla,” arsa'n Legáid. “Tá raint gnóṫa agam le déanaṁ ann ameasg na sagart atá ann. Taḃair ḋom an eoċair úd an ḃosca iarainn n-a raiḃ an ċailís agat ann.”
Ṫug Colla an eoċair dó agus do ġluaiseadar. D'ḟan an Legáid i Luimneaċ agus ṫáinig Colla go Ceann Cora. Ḋein an Legáid an gnó a ḃí le déanaṁ aige ameasg na sagart. Ansan ċuir sé tuairisg Ṁeargaiġ, an gaḃa a ḃíoḋ ag déanaṁ na n-arm do Ḃrian. Do stiúruiġeaḋ é ċun na h-áite 'n-a raiḃ a ċeárta ag an ngaḃa. Ní ceárta a ḃí aige aċ fiċe ceárta, agus gaiḃní ag obair agus builg d'á séideaḋ agus iaran d'á losgaḋ agus d'á léasaḋ le h-órdaiḃ agus le casúraiḃ ins gaċ aon ċúinne. Ḃí claiḋṁte agus tuaġana agus pící agus sleáġana agus clogaid, agus gaċ aon tsaġas gleus cogaiḋ, caiṫte anso agus ansúd, cuid des na neiṫiḃ sin geall le ḃeiṫ críoċnuiġṫe, agus gan cuid acu aċ ar éigin tusnuiġṫe. Ḃí Meargaċ Gaḃa ag imṫeaċt