Jump to content

Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/66

From Wikisource
This page has not been proofread.
62
NIAṀ

anonn 's anall ameasg an luċt oibre agus a ṡúil ar gaċ aon rud agus é ag órdúċán agus ag stiúrúċán, ag molaḋ agus ag cáineaḋ, fé mar a déintí an obair ċun a ṫoile nó ar a ṁalairt de ċuma.

Ṫáinig an Legáid ċun cainte leis.

“Ta obair ṁór 'á ḋéanaṁ anso, a ḋuin'uasail,” arsa'n Legáid.

“Tá fáġaltas oibre 'á ḋéanaṁ ann, a Ṫiġearna Easboig,” arsa Meargaċ.

Ansan do rug sé an Legáid mór-ṫímpal tríd an obair agus ḃí sé ag taisbeáint gaċ aon rud dó agus ag míniuġaḋ gaċ aon rud dó. Fé ḋeire do ṫaraing an Legáid an eoċair as a ṗóca agus ṫaisbeáin sé ḋó í.

“Feuċ, a ḋuin'uasail,” ar seisean, “b'ḟéidir go ḃféadfá macṡaṁail do'n eoċair sin a ḋéanaṁ dom.”

“Ambasa aċ féadfad agus fáilte, a Ṫiġearna Easboig, arsa'n gaḃa. “Tá aiṫne ṁaiṫ agam ar an eoċair sin. Is mé a ḋein an eoċair sin do Ċolla. Fuair sé cailís ana ḋaor ó Ḃrian, agus d'iar sé orm-sa bosca iarainn a ḋéanaṁ do'n ċailís, agus glas a ċur ar an mbosca nár ḃ'ḟeídir a ḋ' osgailt aċ leis an aon eoċair aṁáin a ḋéanfainn féin do'n ġlas. Aċ ṁeasas gur ċuaiḋ an eoċair sin amú,” a Ṫiġearna Easboig,” ar seisean. “Ṫáinig teaċtaire anso ċúġam, tá suim aimsire ó ṡin ann, ó Ċolla féin, agus dúḃairt sé liom gur cailleaḋ an eoċair agus ná féadfaí an bosca ḋ' osgailt, agus d' ḟiafraiḋ sé ḋíom an ḃféadfainn, ó m' ċuiṁne, macṡaṁaila ḋéanaṁ do'n eoċair. Dúḃart go ḃféadfainn agus do ḋeineas.”

“Cé r' ḃ' é an teaċtaire?” arsa'n Legáid.

“Duine des na manaiġ, a Ṫiġearna Easboig,” arsa'n gaḃa.

“Ḃuail anso a leiṫ, a ḋuin'uasail, i dtreó ná h- aireóċaiḋ aoinne sinn.”