Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/69

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
65
NIAṀ

“Is olc agus is dian olc an sgéal é sin,” arsa'n Legáid. “Éireóċaiḋ cogaḋ fuilteaċ as san má ġéillean Brian dóiḃ. Cad deir Murċaḋ?”

“Ní deir sé puínn,” arsa Colla. “Deir sé náċ ceart géilleaḋ i n-aon ċor dóiḃ aċ ar aon ċoinġíoll aṁáin.”

“‘Ar aon ċoinġíoll aṁáin.’ Cad ċuige an coinġíoll? Cad é an coinġíoll é? Conus ḟéadfaḋ aon ċoingíoll ceart a ṫaḃairt do Ḃrian ċun na h-Árdríġeaċta!” arsa'n Legáid.

“Deir Murċaḋ,” arsa Colla, “náċ ceart do Ḃrian toiliuġaḋ i n-aon ċor ċun na h-Árdríġeaċta do ġlacaḋ mura n-iaraiḋ Leaṫ Ċuinn agus Éire go léir d'aon ġuṫ air í ġlacaḋ. Agus deir Gormḟlaiṫ go ḃfuil an ceart aige.”

“Tá, an ceart aige,” arsa'n Legáid. “Aċ conus a ġeóḃfar amaċ an t-aonġuṫ san? Má ṫugan Brian aon ċluas do ċóṁairle na n-uasal san aireófar láiṫreaċ é ar fuaid na h-Éirean go léir. Glacfaid cáirde Ṁ'lṡeaċlainn arm. Glacfaid cáirde Ḃriain arm. Beiḋ se 'n-a ċogaḋ ḋearg againn. Ní mór dom dul ċun cainte le Brian agus le Murċaḋ. Téanam ort airís, a Ċolla. Go gcuiriḋ Dia ár ríġṫe ar a leas!”


CAIBIDIOL XIII.

FÁGTAR FÚM-SA FÉIN É.

Níor cuiṁniġeaḋ a ṫuille ar Aṁlaoiḃ ná ar an mbréig a ḃí innste aige, ná ar an eoċair. Do ġluais an Legáid agus Colla agus an gaḃa, ċóṁ tiuġ agus d'ḟéadadar cóir iompair a ḋ'ḟáġail, soir airís go Ceann Cora. Fuaradar