Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
66
NIAṀ

Brian agus Murċaḋ agus Dúlainn Óg agus Gormḟlaiṫ i gcóṁairle, istiġ i seómra leó féin, agus na h-Ultaiġ i seómra eile ag feiṫeaṁ le freagra. Ċóṁ luaṫ agus ṫáinig an Legáid isteaċ do ċuir Brian fáilte roimis agus d'inis sé bunús an sgéil dó agus d'iar sé cóṁairle air.

“Ní'l agam le taḃairt duit, a ríġ,” arsa'n Legáid, “aċ an t-aon ċóṁairle aṁáin. Isé M'lṡeaċlainn an t-Árdríġ. Isé Árdríġ Éirean é i láṫair na h-uaire seo 'n-a ḃfuilimíd ag caint anso. Beart éagcóra iseaḋ é ċur as an Árdríġeaċt. Gaḃan an éagcóir sin i gcoinniḃ dlíġe Dé. Má tá Leaṫ Ċuinn corṫa de Ṁ'lṡeaċlainn cuireaḋ Leaṫ Ċuinn féin as an Árdríġeaċt é. Ansan má's toil le fearaiḃ Éirean Árdríġ a ḋéanaṁ de Ḃrian deinidís é. Ní ḃeiḋ Brian ag déanaṁ éagcóra ar aoinne an uair sin má ġlacan sé an Árdríġeaċt. Má géilltear anois dos na maiṫiḃ seo atá tagaiṫe anso ó Ċúig' Ulaḋ raġaid siad aḃaile agus neósfaid siad do gaċ aoinne gur géilleaḋ dóiḃ. Beiḋ sé i mbéal gaċ aoinne go ḃfuil Brian le ḃeiṫ i n' Árdríġ. Pé áit 'n-a ḃfuil cáirde Ṁ'lṡeaċlainn ar fuaid na h-Éirean glacfaid siad arm láiṫreaċ, agus glacfaid cáirde Ḃriain arm láiṫreaċ. Beid fir Éirean 'n-a ḋá gcamṫa agus iad ag marḃuġaḋ a ċéile. Loitfear agus leiġfear i n-aon lá aṁáin a ḃfuil de ṫairḃṫe déanta ag Brian i n-Éirinn ó'n gcéad lá a ṫóg se claiḋeaṁ.”

Do laḃair Dúlainn.

“Is maiṫ í do ċaint, a Ṫiġearna Easboig,” ar seisean, “agus is eagnaiḋe, aċ tá cúpla rud agus níor ṫugais aġaiḋ orṫa. Má curtar aḃaile na daoine seo atá tagaiṫe anso ó Ċúig' Ulaḋ ċúġainn, gan aon tsásaṁ i n-aon ċor a ṫaḃairt dóiḃ, cad is dóiċ leat a ḋéanfaid na daoine a ċuir anso iad? Is dóiḃ liom-sa go ḃfuil ḟios agam cad a ḋéanfaid siad. Raġaid siad i gcóṁairle. Neósfar dóiḃ ná glacfaḋ Brian an Árdríġeaċt. Déarfaid siad-san: ‘Tá