go maiṫ. Ní'l againn aċ Árdríġ éigin eile do ṡoláṫar. Ní ċoimeádfaimíd M'lṡeaċlainn a ṫuille pé cuma 'n-a mbeiḋ an sgéal againn.’ Curfar na teaċtairí céadna so ag triall ar ḟear éigin eile, ar ḟear éigin ná fuil ábalta ar Ġaeḋlaiḃ Éirean do ġleusaḋ fé aon smaċt aṁáin ċóṁ maiṫ agus 'tá Brian ábalta air. Ansan iseaḋ ḃeiḋ measgán mearaiḋe i gceart agat ar ḟearaiḃ Éirean. Ansan, ní 'n-a ḋá gcuid a ḃeid fir Éirean agat aċ 'n-a dtrí codaiḃ, 'n-a gceiṫre codaiḃ, agus iad ag marḃuġaḋ a ċéile, agus ní fios caṫin a déanfar aon neart aṁáin airís díoḃ. I dtaoḃ éagcóra: ní h-éagcóir ar ríġ ná ar Árdríġ má 's toil le n-a ḋaoine féin é ċur i leiṫ taoiḃ toisg gan an gnó a ṫugadar le déanaṁ dó a ḃeiṫ aige 'á ḋéanaṁ dóiḃ do réir a dtoile. Mura h-éagcóir d'á ḋaoine féin M'lṡeaċ- lainn do ċur as an Árdríġeaċt ní h-éagcóir do Ḃrian an Árdríġeaċt do ġlacaḋ.”
Do stad sé agus do ṡuiġ sé. Ċuaiḋ a ċaint i ḃfeiḋm go h-ana ḋaingean ar a raiḃ ag éisteaċt leis. Níor ċuiṁniġ aoinne acu, go dtí gur laḃair sé, ar cad a ṫuitfeaḋ amaċ dá n-iartí ar ḋuine éigin eile teaċt sa n-Árdríġeaċt i n-inead Ṁ'lṡeaċlainn.
“B'ḟéidir,” arsa Murċaḋ, “gur ṁaiṫ an rud glaoḋaċ isteaċ anso ar na teaċtairíḃ seo agus a ráḋ leó a ḋ'innsint dúinn go h-iomlán cad 'tá uaṫa. D'innseadar ċeana é, aċ is níḋ é seo náċ misde mórán cainte ḋéanaṁ 'n-a ṫaoḃ. Anois an t-am ċun na caint ḋéanaṁ. Is fearr feuċaint ar an uile ṫaoḃ de'n sgéal anois 'ná b’ḟéidir dearṁad a ḋéanaṁ nár ḃ'ḟéidir a leiġeas ar ball.”
Do glaoḋaḋ isteaċ orṫa.
“Ba ṁaiṫ linn, a uaisle,” arsa Brian, “go neósfaḋ siḃ anso airís, i láṫair an Easboig, an toisg a ṫug siḃ, agus na cúiseana a ḃí ag an muintir a ċuir ċúġainn siḃ le siḃ a ċur ċúġainn.”