Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
68
NIAṀ

D' innseadar airís cad a ṫug iad. Go raiḃ sé buailte isteaċ i n-aigne na poibiliḋeaċta go léir lastuaiḋ ná béaḋ raṫ ná séan ar Éirinn go dtí go mbéaḋ Brian i n' Árdríġ ar Éirinn. Go raiḃ M'lṡeaċlainn maiṫ go leór mar ríġ cúige, aċ gur léir do gaċ aoinne ná raiḃ an acfuinn aigne ann, ná an éirim aigne, ná an cumas gníṁ, ba ċeart a ḃeiṫ i n-Árdríġ Éirean. Ná raiḃ aon ḟear beó go raiḃ na tréiṫe sin ann an uair sin ċóṁ láidir agus ḃíodar i mBrian. D'á ḃríġ sin gur ḃ' éagcóir ar Éirinn gan Brian a ḃeiṫ i n' Árdríġ uirṫi. Go raiḃ fir Éirean ceapaiṫe ar Ḃrian do ċur sa n-Árdríġeaċt dá dtoiliġeaḋ Brian féin ċuige.

Ansan d' áiriġdar na cineaċa agus na tuaṫa agus na treaḃċasaí, ní h-aṁáin i Leaṫ Ċuinn aċ ar fuaid na h-Éirean go léir, a ḃí ar an aigne sin.

Nuair a ḃí deire ráiḋte ag na teaċtairíḃ do laḃair Brian.

“Beirig liḃ aḃaile, a uaisle,” ar seisean, “ag triall ar an muintir a ċuir anso siḃ, an freagra so. Glacfad-sa an Árdríġeaċt má ṫoiliġean M'lṡeaċlainn ċuige, agus is mé féin a raġaiḋ síos ag triall air agus a ċuirfiḋ ċuige an ċeist. Socarófar an sgéal idir mise agus M'lṡeaċlainn agus ní gaḋ d' aoinne eile beó a ṫuille cainte ḋéanaṁ 'n-a taoḃ.”

Níor laḃair aoinne eile. Do h-ollaṁuiġeaḋ dínnér mór dos na teaċtairíḃ agus do deineaḋ cúram mór díoḃ ar feaḋ trí lá agus trí oíḋċe, agus ansan d'ḟágadar slán agus beannaċt ag Brian agus agá ṫeiġlaċ, agus d' imṫiġdar óṫuaiḋ aḃaile.

Nuair a ḃíodar ar an sliġ ag dul aḃaile ḃíodar ag maċtnaṁ ar an ḃfreagra a ḃí fáġalta acu ó Ḃrian, aċ dá mbeidís ag maċtnaṁ go ceann bliana air ní ḟéadfaidís aon tuairim a ṫaḃairt do cad a ṫiocfaḋ as, agus 'n-a ṫeannta san a's eile níor ḃ’ ḟéidir dóiḃ aon loċt ḟáġail air. Ní lúġa 'ná mar ḟéadfaḋ an Legáid aon loċt ḟáġail air. Ní