Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/73

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
69
NIAṀ

luġa 'ná mar a ḋ' ḟéadfaḋ M'lṡeaċlainn féin aon loċt a ḋ'ḟáġail ar an ḃfreagra dá n-airiġeaḋ sé é, agus is dóċa gur airiġ. Do ġlacfaḋ Brian an Árdríġeaċt — aċ ní ġlacfaḋ sé í i gcoinniḃ toile Ṁ'lṡeaċlainn féin. Cad é an loċt a ḃí le fáġail ag aoinne air sin?

Ċuir an freagra san cosg láiṫreaċ leis an ḃformad ar ar ṫráċt an Legáid. Ní raiḃ aon níḋ ċun carad Ṁ'lṡeaċ- lainn agus cáirde Ḃriain do ċur i gcoinniḃ a ċéile, mar do ċoimeád an freagra an gnó go léir idir Ḃrian agus M'lṡeaċlainn féin. Ní raiḃ aon ḃaoġal go raġaḋ aoinne ag tairisgint na h-Árdríġeaċta d'aon ḟear eile, mar ní dúḃairt Brian lom díreaċ ná glacfaḋ sé féin í. Ní raiḃ ag daoine ar gaċ taoḃ le déanaṁ aċ a suaiṁneas a ċeapaḋ agus fanṁaint go ḃfeicfidís cad a ḋéanfaḋ Brian.

D'imṫiġ Colla agus an Legáid siar go h-Inis Caṫaiġ. D'ḟiafraiġdar cá raiḃ Aṁlaoiḃ. Ní raiḃ aon tuairisg air. D'imṫiġ lá agus d'imṫiġ ḋá lá, agus níor ṫáinig sé. D'imṫiġ seaċtṁain agus níor ṫáinig sé. Do cuireaḋ teaċtaire soir go Ceann Cora feuċaint a' raiḃ sé ann. Ní raiḃ. Do ġluais tuille aimsire agus níor ṫáinig sé. Ansan ṫáinig neiṫe eile agus gnóṫaí eile crosta ar an mainistir agus ar na manaiġ, agus d'imṫiġ Aṁlaoiḃ as a gceann. Ní raiḃ aon ḟios acu ar ġuid na cailíse. Níor ḃ' aon iongnaḋ ró ṁór leó ógánaċ a ḋ'imṫeaċt mar sin leis féin as an mainistir. Níḋ ab eaḋ é do ṫuiteaḋ amaċ anois a's airís. Nuair a ṫuiteaḋ sé amaċ ní ḃíoḋ caṫuġaḋ ró ṁór orṫa 'n-a ṫaoḃ. Dar leó “b'ḟearr teiṫeaḋ maiṫ 'ná droċ ṡeasaṁ.” Agus d'á luaṫaċt a deintí an teiṫeaḋ b'eaḋ b'ḟearr é, dar leó, ó ḃí sé le déanaṁ i n-aon ċor. Dar leó, ba ṫruaġ nár ṫeiṫ Aṁlaoiḃ sar ar deineaḋ deacon dé.

Níor ġlac Taḋg Óg ua Cealla an sgéal ċóṁ neaṁ- ċorḃuaiseaċ san. Ní raiḃ aon ḟios aige ar ġuid na cailíse aċ ċóṁ beag le h-aoinne des na manaiġ, aċ ní áiteóċ' an