Page:Niamh - Peadar Ua Laoghaire.djvu/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
70
NIAṀ

saoġal air gur ḃ' aṁlaiḋ a ṫeiṫ Aṁlaoiḃ. Dar leis, má ḃí Aṁlaoiḃ beó ṫiocfaḋ sé ṫar n-ais ċun na mainistreaċ mura mbéaḋ go raiḃ rud éigin 'á ċosg ar ṫeaċt ṫar n-ais. Ṫoir i gCeann Cora do ċonacṫas go déanaċ é.

“Raġad soir,” ar seisean, “agus laḃarfad leis an mBanríġin agus má ṫáinig aon tuairisg ó n-a ṁuintir a ċuir ḟiaċaiḃ air cuaird a ṫaḃairt aḃaile neósfaiḋ sí ḋom é. Ḃí sí ana ṁór leis. Má tá aon droċ níḋ imṫiġṫe air ní ḟeadar cad a ḋéanfad.”

Is ar éigin ḟéadaḋ sé aon ḃlúire bíḋ a ċaiṫeaṁ ná aon neul de'n oíḋċe do ċodlaḋ. D'imṫiġ sé soir. Fuair sé caoi ar ċaint le Gormḟlaiṫ. Ḃí sí go h-ana ṡéiṁ leis, agus ḃí sí go h-ana ḃuarṫa mar ġeall ar gan aon tuairisg a ḃeiṫ aige ar Aṁlaoiḃ. Ní raiḃ aon tuairisg i n-aon ċor aici féin air. Ṁeas sí, níḋ nár ḃ'iongnaḋ, go raiḃ sé ṫiar sa ṁainistir. Ċuir sí a lán ceisteana ċun Taiḋg 'n-a ṫaoḃ. Ar ṫug sé fé ndeara le déanaiġe go raiḃ aon níḋ ag déanaṁ aon ḃuarṫa ḋó? An raiḃ aon trioblóid idir é féin agus Colla mar ġeall ar aon rud? Ar tugaḋ aon ṁilleán dó mar ġeall ar aon níḋ? Ċuir sí a lán ceisteana de'n tsórd san ċuige, agus ṫug sé fé ndeara go ḃféaċaḋ sí ana ġéar air le linn gaċ ceiste 'ċur.

Ḃí an ċuaird sin i n-aistear. Níor ḟéad Gormḟlaiṫ aon tsásaṁ aigne ṫaḃairt dó. Siúd óṫuaiḋ go h-Uíḃ Máine é feuċaint a' ḃfaġaḋ sé aon tuairisg ann. Ċoṁ luaṫ agus ċonaic Niaṁ é ba ḃeag nár ṫuit sí i laige, ḃí sé ag feuċaint ċóṁ h-olc san.

“Airiú, a Ṫaiḋg,” ar sise, “cad d'imṫiġ ort!”

D'inis sé ḋi.

“Is dóċa,” ar seisean, “gur b'aṁlaiḋ atá sé marḃ, agus cad a ḋéanfad!” agus siúd caise deór anuas ó n-a ṡúiliḃ.

Do leig sí ḋó ar feaḋ tamail, agus ní tirim a ḃí a súile féin. Fé ḋeire do laḃair sí.