Muintir Bhaile Átha Cliath/Beirt Bhuachaillí Báire

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Muintir Bhaile Átha Cliath  (2020)  by James Joyce, translated by Domhnall Nagreine
Beirt Bhuachaillí Báire
[ 58 ]

BEIRT BHUACHAILLÍ BÁIRE


Bhí an oíche bhreacdhorcha bhog de mhí na Lúnasa tithe ar an chathair, agus aer bog, aer a thug an samhradh chun chuimhne, chuaigh tríd na sráideanna. Bhí na siopaí dúnta faoi chomhlaí i gcomhair shos an Domhnaigh agus bhí na sráideanna faoi gach aon dath aerach luaineach le gluaiseacht an tslua iontu. Chaith na lampaí sráide a solas anuas ar an inneach beo fúthu ó mhullach a gcuaillí arda mar a bheadh péarlaí soilsithe iontu. D’athraigh cruth agus dealramh an tslua an t-am ar fad agus d’éirigh monabhar gan athrú gan stad aníos as in aer bog na hoíche léithe.

Tháinig beirt fhear anuas Cearnóg Pharnell. Bhí duine dhíobh ag rá an fhocal deiridh de mhonalóg fhada. An duine eile, a shiúl ar chiumhais an chosáin agus arbh éigean dó dul ar an bhóthar ó am go chéile mar gheall ar mhíbhéas a leathbhádóra, d’éist sé leis agus dreach an éisteora air. Ba fhear giortach le haghaidh chíríneach é. Bhí caipín luamhaireachta á chaitheamh i bhfad siar ar a cheann aige, agus an insint lena raibh sé ag éisteach, chuir sí a dhreach ag athrú ó fhoirceann a sróine, a súl agus a bhéil amach ar fud fad a aghaidh, mar a dhéanaidís cuilithíní ar uisce. Lean rachtanna beaga gáire cársánach a chéile as. Chaith sé súil ar ghnúis a chompánaigh gach ré nóiméad, súil a raibh loinnir an aoibhnis ghlic inti. Uair nó dhó, [ 59 ]d’athshocraigh sé an seaicéad báistí a bhí caite siar ar a ghualainn aige ar nós tarbhadóra. A bhrístí, a bhróga bána rubair agus a sheaicéad báistí, caite siar go haerach thar a ghualainn mar a bhí, chuireadar cuma na hóige air. Mar sin féin, bhí a chorp tithe i bhfeoil timpeall a bhásta, bhí a chuid gruaige tearc agus liath agus, nuair a d’imíodh na cuilithíní mothúcháin óna aghaidh, fágadh aghaidh a raibh cuma chaite uirthi ina n-áit.

Nuair a bhí sé cinnte dearfa go raibh an spéic thart, rinne sé gáire gan fhuaim a mhair ar feadh leathnóiméid iomláin. Ansin, a deir sé:

“I nDomhnach... sáraíonn sin gach dár chualas riamh!”

Bhí easpa brí le sonrú ina ghlór; agus chun treise a chur lena fhocal, a deir sé le greann:

“Deirim nach bhfuil a shárú beag ná mór ná, go fiú, recherché ar sin”

D’éirigh sé ciúin agus tromaí nuair a bhí sin ráite aige. Bhí a theanga tuirseach mar chaith sé an iarnóin ar fad ag caint i dtigh tábhairne ar shráid Dorset.

Ba é tuairim fhormhór na ndaoine gur shúdaire é Lenehan ach, in ainneoin a chlú, choisc a chlisteacht agus a dheisbhéalacht a chairde ar dul d’aon leith ina éadan. Bhí dóigh chróga aige dul i láthair chomhluadar cairde leis i mbeár agus fanacht go luaineach ar an imeall go gcuirtí san áireamh é i gceannach dí. B’fhánaí barúil é le neart scéalta, luimneach agus tomhas ar bharr a theanga. Bhí sé beag beann ar gach sórt míchúirtéise. Ní fheadair aon duine conas a d’éirigh leis an dúshlán éadrócaireach a bhaineas le slí bheatha a bhaint amach dó féin, ach bhí a ainm luaite ar dhóigh éigin le blúirí rásaí capaill. [ 60 ]“Agus cén áit ar landáil tú í, Corley?” a d’fhiafraigh sé.

Ligh Mac Toirdhealbhaigh a bhéal uachtarach i bpreabadh na súl.

“Oíche amháin, bhíos ag siúl síos Sráid an Dáma agus leagas súil ar raiteog bhreá faoi chlog Waterhouse agus bheannaíos di, an bhfuil a fhios agat? Is amhlaidh gur chuamar ar siúlóid feadh na canála agus deir sí liom gur chailín aimsire í i dtigh ar Shráid Bhagóid. Chuireas mo lámh thairsti agus bheireas barróg uirthi an oíche sin. An Domhnach dár gcionn, a bhuachaill, bhí coinne agam léi. Chuamar amach go Domhnach Broc agus thugas isteach i ngort ann í. Dúirt sí liom go mbíodh sí ag dul amach le Fear bainne... bhí sé togh, a bhuachaill. Toitíní a thugadh sí liom gach oíche agus d’íocadh sise an turas ar an traein thall is abhus. Agus meas tú céard a thug sí dhom oíche amháin, ach dhá cigar! An fíor-rud féin go deimhin, an bhfuil a fhios agat? Na cinn a chaitheadh an seanleaid. Bhí eagla orm, man, go n-éiríodh sí torrach, ach bhí sí críonna cliste ar na dóigheanna le sin a sheachaint.”

“B’fhéidir go gceapann sí go bpósfaidh tú í,” a dúirt Lenehan.

“Dúras léi go rabhas ar díth fostaíochta,” a dúirt Corley. “Dúras léi go rabhas le Tigh Pim roimhe sin. Ní fios di cad is ainm dom. Bhí an iomarca baoil ag baint le sin a rá léi. Ach measann sí go bhfuilim sách galánta, an bhfuil ‘fhios agat?”

Rinne Lenehan gáire arís: gáire ciúin.

“De na heachtraí ar fad dár chualas riamh, buaileann sin gach aon cheann eile gan aon agó.”

Thug siúl scóipiúil Corley le fios gur thaitin an moladh leis. [ 61 ]Luascadh a chorp téagartha, chuir sé a chara ag caitheamh foléimeanna ar an bhóthar agus ar ais arís ar an chosán. Ba mhac le bleachtaire an Gharda Síochána é Corley agus thug sé leis cabhail agus siúl a athar. Shiúladh sé lena lámha ar a dhá thaobh agus a cheann in airde agus an ceann céanna ag luascadh anonn is anall. Bhí ceann mór cruinneogach agus olúil aige; soineann agus doineann, chuireadh sé allas; agus a hata mór ciorclach, a bhí curtha ar leathstuaic air, bhí sé cosúil le bleib phlanda a d’fhás as bleib eile. Stánadh sé díreach amach roimhe mar a bheadh sé ar paráid, agus nuair ba mhian leis breathnú siar ar dhuine sa tsráid, níor mhór dó a chabhail a chasadh timpeall óna chorróga aníos. Faoi láthair, bhí sé díomhaoin. Am ar bith a bhí post le líonadh bhí cara sa chúirt anseo nó ansiúd aige. Is minic a chonacthas é le Garda Síochána i ngnáthéadaí agus iad i mbun cainte dáiríre. Bhí an taobh istigh de chúrsaí gnó ar eolas aige agus bhí sé de nós aige tabhairt an bhreithiúnas deiridh ar scéal ar bith. Labhair sé lena chomrádaithe gan éisteacht leosan. Nuair a ríomhadh sé na comhráití seo, d’análaíodh an chéad litir dá ainm féin ar nós mhuintir Florence.[1]

Thairg Lenehan toitín dá chara. Agus an bheirt fhear ag siúl ar aghaidh tríd an slua, chas Corley timpeall ar uairibh chun dhéanamh aoibh gháire le roinnt de na cailíní a chuaigh thar a mbráid, ach bhí súile Lenehan greamaithe ar [ 62 ]an ghealach mhór fhann le dhá lios uirthi. Bhreathnaigh sé go staidéarach ar imeacht ghréasán liath clapsholais thar a haghaidh. Faoi dheireadh, dúirt sé:

“Sea, abair liom, is dóigh liom go dtiocfaidh leat cur i gcrích an bhirt, nach dtiocfaidh, há?”

D’fháisc Corley súil amháin go tromchúiseach mar fhreagra.

“An bhfuil sé sin de misneach aici?’, a d’fhiafraigh Lenehan go hamhrasach, ‘is doiléir é meon mná’”

“Tá sí ceart go leor. Tá a fhios agam cén chaoi teacht laistigh dhi. Tá sí faoi gheasaibh agam.”

“Ní chuirfinn de chosúlacht leat ach Lothario aerach, ar Lenihan. ‘Agus an cineál ceart Lotáirió freisin!”

A dhóigh thláithíneach, maolaíodh í le oiread na fríde d’fhonóid. Mar chosaint air féin, ba é a nós ligean chiall an chleithmhagaidh lena phlámás. Níor ghrinn éirim an Toirdhealbhaigh áfach.

“Is iad na cailíní aimsire na mná is fearr,” a d’aontaigh sé. “Glac le mo chomhairlese faoi.”

“Is é comhairle an duine a bhain triall as na cailíní ar fad é,” a deir Lenehan.

“Ar dtús, bhínn ag siúl amach le cailíní, an bhfuil a fhios agat, anabaí; le cailíní as an Chuarbhóthar Theas. Thugainn amach áit éigean ar an tram iad, a bhuachaill, nó thionlacainn chuig banna ceoil nó chuig dráma san amharclann nó cheannaínn seacláidí agus milseáin nó rud éigean ar an chaoi sin dóibh. Chaithinn airgead orthu ceart go leor,” a dúirt de ghlór diongbháilte mar aguisín, mar a bheadh faitíos air nach gcreidfí é. [ 63 ]Ach bhí sé sin breá inchreidte do Lenehan; chlaon sé a cheann go sollúnta.

“Aithním an scéal sin,” a deir sé, ‘agus is é ealaín an mhothaolaí é.”

“Agus diabhal rud a fuaireas riamh dá bharr as,” ar Corley.

“Is é a dhála sin agamsa é,” ar Lenehan.

“Ach amháin as cailín amháin díobh,” ar Corley

Chuimil a theanga dá bhéal uachtair, dá fhliuchadh. Tháinig loinnir ina shúile leis an chuimhne. Faoi mar a rinne Lenehan, bhreathnaigh seisean ar éadan lag na gealaí, a bhí anois beagnach faoi choim scamaill, agus déarfá go raibh sé ag déanamh a mhachnaimh.

“Bhí sí... sách blasta,” a dúirt sé go haiféalach.

Ní raibh focal eile as. Ansin dúirt sé:

“Tá sí ag díol í féin ar a cuid anois. Chonaiceas ag dul síos Sráid an Iarla ar chóiste in éinfheacht le beirt dhiúlach oíche amháin.”

‘Is dóigh liom gur tusa is cúis leis sin,’ ar Lenehan.

‘Bhí sí le fir eile sula rabhasa léi,’ ar Corley go fealsúnach.

An uair seo, ba luaithe a chreidfeadh Lenehan nach raibh sé ag insint na fírinne. Chroith sé a cheann anonn is anall agus rinne aoibh an gháire.

“Ní thig leat an dallamullóg a chur ormsa, Corley,” a deir sé.

“Tugaim an leabhar ann!” ar Corley. “Nach é a béal féin a dúirt liom é?”

Chuir Lenehan gotha na tragóide air féin.

“A fhealltóir suarach!” a dúirt sé.

Agus iad ag siúl le taobh ráillí Choláiste na Tríonóide, léim Lenehan amach ar an bhóthar agus ghlinnigh suas ar an chlog. [ 64 ]“Fiche i ndiaidh,” a deir sé.

“Am trátha,” ar Corley. “Beidh sí ann, ceart go leor. Ligim dí fanacht píosa i gcónaí.”

Rinne Lenehan gáire ciúin.

“Muise, Corley, agatsa atá a fhios cén chaoi iad a láimhseáil,” a dúirt sé.

“Táim críonna ar a gcleasanna beaga uile,” a d’admhaigh Corley.

“Ach abair liom,” a dúirt Lenehan arís, “an bhfuil tú cinnte go bhféadfaidh tú cur i gcrích an bhirt ar fad. Tá a fhios agat gur bheart íogair é. Táid damanta dúnta faoin ghné sin. Hah?”

Bhreathnaigh a shúile beaga glice go grinn ar ghnúis a chompánaigh, ar thóir dearbhaithe. Luasc Corley a cheann anonn is anall mar a bheadh sé ag iarraidh fáil réidh le feithid dígeanta, agus tháinig muc ar gach mala aige.

“Cuirfead i gcrích é,” a deir sé. “Fág fúmsa, nach dtig leat sin a dhéanamh?”

Thost Lenehan. Níor mhaith leis cur círín ar a chara, go bhfógrófaí go dtigh an diabhail agus go ndéarfaí leis nach raibh iarraidh ar bith ar a chomhairle. Bhí call le beagán stuaime. Ach d’imigh na roic as éadan an Toirdhealbhaigh. Bhí a chuid smaointe ag rith i dtreo eile.

“Is raiteog dheas mhánla í,” a deir sé le sásamh; “gan aon agó.”

Shiúladar síos Sráid Nassau agus ansin chasadar isteach ar Shráid Chill Dara. Gar do phóirsí an chlub, bhí cláirseoir ina sheasamh i lár an bhóthair, agus é ag seinm d’fháinne beag éisteoirí. Tharraing sé go neamh-aireach ar na sreanga agus chaith súil luaineach ó am go ham ar aghaidh gach duine nua a tháinig i láthair agus [ 65 ]freisin thug súil tuirseach in airde ar an spéir. Shílfeá go raibh a chláirseach tuirseach freisin: tuirseach de shúile na ndaoine anaithnid agus do lámha a máistir. Bhí a clúdaigh tite síos faoina glúine ar nós cuma liom. Sheinn lámh amháin fonn Silent, O Moyle[2] ar shreanga dorda na cruite, agus rith an lámh eile tríd an tribil tar éis gach grúpa nótaí. Ba dheas domhain glan é glór na nótaí.

Shiúl an bheirt fhear suas an tsráid gan labhairt, an ceol brónach dá leanúint. Nuair a bhaineadar faiche Stiofáin amach, thrasnaíodar an bóthar. Anseo, torann na dtramanna, na soilse agus an tslua, scaoil óna dtost iad.

“Seo í,” ar Corley.

Bhí bean ina seasamh ag bun Shráid Hume. Bhí gúna gorm agus hata bán seoltóireachta á gcaitheamh aici. Ar chiumhais an chosáin a bhí sí, scáth gréine á luascadh ina láimh. D’éirigh Corley bíogúil.

“Gabhaimis ina láthair go bhfeice mé í,” ar Lenehan.

Thug Corley silleadh súl go leataobhach ar a chara agus leath meangadh gránna gáire air.

“An bhfuilir ag iarraidh theacht isteach orm?” a d’fhiafraigh sé.

“In ainm Chroim!’ ar Lenehan go teann, “ní gá cur mise in aithne dhi. Níl uaim ach amhairc uirthi. Ní íosfad í.”

“Ó... amhairc uirthi?’ ar Corley níos cairdiúla. "Well... céard faoi seo?: rachaidh mise anall a labhairt léi agus tig leatsa dul thar bráid.”

“Tá go maith!” ar Lenehan.

Bhí leathchos caite thar na slabhraí nuair a ghlaoigh Lenehan air: [ 66 ]“Agus ina dhiaidh? Cá bhfeicfimid a chéile arís?”

“Leath i ndiaidh a deich,” ar Corley, ag tarraingt na coise eile chuige.

“Cén áit?”

“Coirnéal Shráid Mhuirfean. Tiocfaimid ar ais.”

“Beir bua,” a d’fhág sé mar cheiliúradh dhe.

Níor thug Corley freagra dá laghad. Shiúl sé trasna an bhóthair ar a bhogstróc, a cheann ag bogadh anonn is anall. A chabhail mhór, a shiúl réchúiseach agus torann trom a bhróg, chuireadar cuma an chloíteora air. Tháinig sé ionsar an bhean óg agus, gan beannú dá laghad a thabhairt di, thosaigh ag caint léi. Thosaigh sise ag iompú a scáth báistí níos tapúla agus ag casadh leath-thimpeall ar a sáil. Uair nó dhó, nuair a labhair seisean bonn le bonn léi, rinne sí gáire agus chrom a ceann.

Choimhéad Lenehan orthu ar feadh chúpla nóiméad. Ansin shiúl go mear píosa amach uathu le taobh na slabhraí agus thrasnaigh an bóthar ar fiar. Ag teacht i ngar do choirnéal Shráid Hume dó, thug sé cumhra láidir san aer faoi deara agus rinne mionscrúdú gairid imníoch ar dhreach agus ar chorp na mná óige. Bhí sí feistithe go Péacógach ina cuid éadaí Domhnaigh. D’fháisc crios dubh leathar a gúna gorm saraiste faoin bhásta. Shílfeá go raibh búcla mór airgead a creasa ag teannadh isteach a láir agus é ag ceangail stuif éadrom a blúis ar nós bioráin. Bhí seaicéad gearr dubh le cnaipí néamhainn agus muince chifleogach cleite dubha á gcaitheamh aici. Bhí ciumhais a bóna fialsíoda [ 67 ]curtha in aimhréidh d’aon toisc aici agus bhí táth mór bláthanna dearga ceangailte dá blús agus a ngais in airde. Shonraigh Lenehan a corp íseal téagartha. Corp feidhmiúil, a mheas sé. Bhí luisne rúpach sláinte an bhradáin ina haghaidh agus ina leicne ramhra dearga agus bhí loinnir na sláinte ina súile gorma neamhchúthaile. Ba gharbh-chumtha a ceannaithe. Bhí poill mhóra sróine, béal sleabhctha a d’fhan ar oscailt i straois mhacnasach, agus corrfhiacla aici. Agus é ag dul thar a mbráid, bhain Lenehan de a chaipín, agus d'fhreagair Corley le comhartha san aer tuairim is deich soicind níos moille. Is é an chaoi a rinne sé seo, chuir a lámh in airde ar éigean agus shocraigh a hata go machnamhach.

Shiúl Lenehan a fhad leis an Shelbourne Hotel gur fhuirigh ansin. Tar éis tamaill gairid, chonaic sé iad ag teacht ina leith agus, nuair a chasadar ar dheis, lean iad, é ag siúl go héadrom síos taobh amháin de Chearnóg Mhuirfean ina bhróga bána. Agus é ag siúl ar aghaidh go mall, de réir a gcoiscéime siúd, bhreathnaigh ar cheann Corley, ag casadh gach ré nóiméad i dtreo na mná amhail úill móir ag tiontú ar mhaighdeog. Choinnigh sé faoi raon radhairc iad gur fhaca sé iad ag dul suas staighre thraein an Domhnach Broc; ansin chas ar a sháil agus d’fhill ar ais.

Anois ó bhí sé leis féin bhí dreach níos sine air. Déarfá gur thréig a aeracht é. Ag teacht ar na ráillí taobh le Plásóg Laighean dó, lig sé dá láimh cuimilt dóibh. Ghabh an port a d’imir an cruitire seilbh ar ghluaiseacht a chorp. Bhuail a bhróga ciúine an port [ 68 ]ar an chosán agus d’imir a méara scála breachnaithe ar na ráillí go neamh-aireach i ndiaidh gach grúpa nótaí.

Shiúl sé go díbheo timpeall Fhaiche Stiofáin agus ansin síos Sráid Grafton. Cé gur thug a shúile suntas i neart gnéithe den tslua a ndeachaigh sé tríd, is go gruama a thug. Na rudaí go léir a bhí ceaptha suairceas a chur air, is amhlaidh gur bheag leis iad, agus níor fhreagair sé na súile a caitheamh air, súile a thug fáilte roimh teanntás. Bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé déanamh go leor cainte, go mb’éigean dó déanamh neart cumadóireachta chun dhéanamh siamsa don chuideachta, ach bhí a scornach agus a intinn ró-spallta do dhualgas dá shórt. Ba ábhar imní dó conas na huaireanta a chur thart go dtiocfadh Corley ar ais. Níor léir leis dóigh ar bith eile le caitheamh an ama ach amháin coinneáil leis ag siúl. Chas sé ar chlé nuair a tháinig a fhad le coirnéal Chearnóg Parnell agus d’airigh sé níos mó istigh ann féin sa tsráid chiúin dhorcha, ar fheil a dealramh gruama dá ghiúmar. Stad sé faoi dheireadh roimh fhuinneog siopa a raibh cuma bhocht air agus a raibh Refreshment Bar scríofa i gcló bán ós a chionn. Bhí dhá rud scríofa ar an fhuinneog: Ginger Beer agus Ginger Ale. Bhí ceathrú liamháis a raibh cúpla stiall gearrtha dhe ar taispeáint ar phláta mór gorm agus bhí slisne mearóg Nollag an-éadrom ar phláta i ngar dó. Dhearc sé go santach ar an bhia seo ar feadh achair agus ansin, i ndiaidh dó súil aireach a chaitheamh suas, síos an tsráid, chuaigh isteach de sciotán.

Bhí ocras air óir, cé is moite de roinnt brioscaí a d’iarr sé ó bheirt shéiplíneach, níor ith sé aon cheo ó bhí sé ina am chuid na maidine. Shuigh sé síos chun boird ag tábla adhmaid gan chlúdach, os comhair [ 69 ]bheirt chailíní oibre agus meicneora. D'fhreastail cailín sraoilleach air.

“Cé mhéad ar phláta piseanna?” a d’fhiafraigh sé.

“Trí leathphingin, sir,” ar an cailín.

“Beir pláta piseanna chugam,” a dúirt sé, “agus buidéal bheoir sinséir.”

Labhair sé go garbh le ceilt a chuma ghalánta, óir stop an chaint nuair a tháinig sé isteach. Bhí lasadh ina ghrua. Shá sé a chaipín siar ar a cheann agus lig a uillinneacha anuas ar an bhord a chur i gcéill go raibh sé ar a shuaimhneas. Rinne an meicneoir agus an bheirt chailíní iniúchadh géar air sular fhilleadar ar a gcomhrá i nglór beag. Rug an cailín pláta piseanna glasa le piobar agus fínéagar chuige, chomh maith le foirc agus a bheoir shinséir. Phlac sé a bhia go santach agus thaitin sé chomh mór leis gur thogair teacht ar ais chuig an tsiopa céanna arís. Nuair a bhí na piseanna ar fad caite aige, bhlais sé a bheoir shinséir agus shuigh siar ar feadh scaithimh maith agus é ag smaoineamh faoi eachtra an Toirdhealbhaigh. Chonacthas beirt leannán ag siúl bóthair dorcha éigin dó; chualathas glór toll Corley agus é i mbun cluanaíochta bríomhaire dó agus d’athshamhlaigh sé cár teaspach gáire na mná óga. Mheabhraigh an íomhá seo a dhíth airgid agus anama féin go géar dó. Bhí sé tuirseach den mhangaireacht thart, de bheith ar bhalláin stéille an mhadra, bhí tuirseach de chora is de chleasa. Bheadh sé aon bhliain déag is fichead i mí na Samhna. Nach bhfaigheadh sé post maith riamh? Nach mbeadh a áras féin aige riamh? Ba mhéanar, a smaoinigh sé, dá mbeadh tine teolaí le suí lena hais aige agus [ 70 ]dinnéir ceart le suí síos chuige aige. Bhí a sháith aige de bheith ag siúl na sráideanna le cairde is le cailíní. Thuig sé luach na gcairde seo: bhí aithne aige ar na cailíní freisin. Dhóigh a thaithí ar an tsaol a chroí ann. Ní raibh deireadh dóchais bainte dhe áfach. D’airigh sé níos fearr tar éis an ghreim bia ná mar a d’airigh roimhe, ní raibh sé chomh tuirseach den tsaol, ní raibh a mheanma chomh cloíte. B’fhéidir go n-éiríodh leis fós socrú síos i gcúinne cluthar a mhaireachtáil go sona dá dtagadh sé ar chailín deas saonta a mbeadh beagán maoine aice.

Thug sé dhá phingin is leathphingin don tsraoill cailín agus d’fhág an siopa a thosú ar a fhánaíocht arís. D’iompaigh isteach ar Shráid Chéipil agus shiúl i leith Halla na Cathrach. Ansin chas isteach ar Shráid an Dáma. Ag coirnéal Shráid Sheoirse bhuail sé le beirt charad leis agus stop chun labhartha leo. Bhí sé bhuíoch den tsos ón tsíor-shráideoireacht. D’fhiafraígh a chairde dhe ar fhaca sé Corley agus cérbh í an nuacht ba dhéanaí leis. Is beag cainte a rinne a chairde. D'amharcadar le neamhshuim ar roinnt daoine sa tslua a chuaigh tharstu agus chaitheadar corrfhocal cáinteach. Dúirt duine amháin den bheirt gur fhaca sé Mac ar Shráid Westmoreland uair an chloig níos luaithe. Leis sin, dúirt Lenehan go raibh sé in éineacht le Mac an oíche cheana i dtigh Egan. D’fhiafraigh an fear a chonaic Mac ar Shráid Westmoreland arbh fhíor é gur bhuaigh sé roinnt airgid ar chluiche billéardaí. Ní raibh a fhios ag Lenehan: dúirt gur cheannaigh Holohan deochanna dhóibh i dtigh Egan. [ 71 ]D’fhág sé a chairde ag ceathrú chun a deich agus chuaigh suas Sráid Sheoirse Mhór Theas. Chas ar chlé ag Stuara Shráid Sheoirse agus shiúl ar aghaidh go Sráid Grafton. Bhí an slua cailíní is fear dulta i dteirce agus chuala sé go leor grúpaí is lánúineacha ag fágáil sláin ar a chéile don oíche ar a bhealach suas an tsráid. Stop sé ag clog Choláiste Ríoga na Máinlianna: bhí sé ar bhuille a deich a chlog. Shiúl sé leis go géar gasta ar feadh an taoibh ó thuaidh den Fhaiche ar fhaitíos go bhfilleadh Corley róluath. Nuair a shroich sé coirnéal Shráid Meirfean, sheas sé a fhuireach faoi scáth lampa agus tharraing amach ceann de na toitíní a choinnigh sé agus las é. Bhain sé taca as an chuaille lampa agus choinnigh a shúil ar an treo a raibh sé ag súil le Corley agus leis an bhean óg.

Bheoigh a inchinn arís. Ní fheadar ar éirigh le Corley. Ar chuir sé an cheist uirthi fós nó an bhfágfadh sé sin don nóiméad deireanach. D’airigh sé gach deann imní agus scleondair dar bhain le dála a charad, chomh maith le deanna a dhála féin. An chuimhne ar cheann Corley ag imrothlú timpeall go mall, thug sé sin iarracht éigin suaimhnis dó: bhí sé cinnte go mbéarfadh Corley an lá ceart go leor. Bhuail sé ina cheann go mb’fhéidir gur thionlaic Corley abhaile í ar bhealach eile agus gur thug cor dó. Ghrinnigh sé an tsráid: ní raibh tásc ná tuairisc orthu. Ach caithfear go raibh leathuair an chloig caite ó chonaic sé clog Choláiste na Máinlianna. An ndéanfadh Corley a leithéid de rud? Las sé a thoitín deiridh agus thosaigh dá chaitheamh go himníoch. [ 72 ]Stán sé go géar uaidh gach uair a stop tram ag an chúinne eile den chearnóg. Ní mó ná gur imíodar abhaile ar bhealach eile. Bhris páipéar a thoitín agus chaith sé ar an bhóthar agus eascaine uaidh.

Go tobann, chonaic sé iad ag teacht ina leith. Baineadh preab áthais as. Agus é ag fanacht i ngaobhar don chuaille lampa, rinne iarracht an toradh a léamh óna n-imeacht. Bhíodar ag siúl go gasta, an bhean óg ag tabhairt céimeanna tapa agus Corley lena taobh agus é ag dul dá chéimeanna móra. Ba chosúil go rabhadar ina dtost. Phrioc tuairim faoin toradh é mar a dhéanadh uirlis ghéar. Theipfí ar Chorley; bhí a fhios aige gur chath caillte é.

Chasadar síos Sráid Bhagóid agus lean sé ar an phointe boise iad ar an taobh eile den tsráid. Am ar bith a stopadar, stop seisean freisin. Labhraíodar le chéile ar feadh roinnt meandar agus ansin d’imigh an bhean óg síos céimeanna go fochlós tí. D’fhan Corley ina sheasamh ar chiumhais an chosáin, achar gairid ó na céimeannaibh. D’imigh roinnt maith nóiméad thart. Ansin osclaíodh an doras tosaigh go mall, cáiréiseach. Tháinig bean síos na céimeanna de rith agus rinne casacht. D’iompaigh Corley timpeall agus dhruid léi. Chuir corp leathan Corley a corp siúd faoi cheilt ar feadh scaithimh agus ansin nochtadh arís í agus í ag rith suas na céimeanna. Dúnadh an doras arís ina diaidh agus thosaigh Corley ag siúl go mear i dtreo Fhaiche Stiabhna.

Chuaigh Lenehan sa treo céanna chomh tiubh is a tháinig leis. Thit cúpla braon éadrom báistí anuas. Ghlac sé iad mar rabhadh agus, tar éis chaitheamh súil siar ar an teach inar chuaigh an bhean óg, [ 73 ]le cinntiú nach raibh aon duine ag amhairc air, rith sé trasna an bhóthair go díocasach. A imní agus a iarracht reatha, chuireadar saothar anála air. Ghlaoigh sé:

“Haló, Corley!”

Chas Corley a cheann timpeall chun féachana cé a ghlaoigh air agus ansin choinnigh sé ar a shiúl. Rith Corley ina dhiaidh agus é ag socrú a sheaicéad báistí ar a ghualainn le láimh amháin.

“Haló, Corley!” a ghlaoigh sé arís.

Tháinig sé taobh lena chara agus scrúdaigh a ghnúis. Ní fhaca sé comhartha dá laghad uirthi.

Well,” a deir sé, “ar oibrigh sé?”

Bhíodar tagtha chomh fada le coirnéal Phlás Íle. Gan focal uaidh ar feadh an achair, chas Corley go tobann ar chlé agus chuaigh suas taobhshráid. Bhí cuma stuama air. Choinnigh Lenehan bord ar bord lena chara agus saothar air. Bhí mearbhall air agus mailís le sonrú ina ghlór.

“Nach ndéarfá liom é?” a dúirt sé. “Ar iarrais uirthi?”

Stad Corley ag an chéad chuaille lampa agus é ag stánadh amach roimhe go dorrga. Ansin shín amach a lámh go tromchúiseach chuig an solas agus d’oscail go mall faoi shúile a dheisceabail. Leath aoibh an gháire air. Bhí bonn beag ór ag glioscarnach ina bhois.

Gluais[edit]

  1. Fuaimnítear ‘c’ mar a bheadh ‘h’ ann in Florence. D’fhuaimnigh Corley a ainm mar ‘horley’.
  2. amhrán le Thomas Moore (1779-1852). Rinneadh roinnt bailiúchán de amhráin Moore i ndiaidh a bháis. Moore’s Melodies a chuirtear orthu. Bhí an-tóir ar na hamhráin in Éirinn. Is faoi Fhionnúala é an t-amhrán seo thuasluaite, duine den cheathrar pháistí i bhfinscéal ‘Oidhe Chlainne Lir’. Is é Moyle, Sruth na Maoile idir Éirinn agus Albain, ceann den trí áit ina gcaitheann páistí Lir trí chéad den 900 bliain mar ealta. Deir líne den amhrán go bhfuil Éire faoi shuan i ndorchadas (i. Dorchadas an phágánachais roimh theacht Bhriathar Dé).
  This is a translation and has a separate copyright status from the original text. The license for the translation applies to this edition only.
Original:

This work is in the public domain in the United States because it was published before January 1, 1929.


The author died in 1941, so this work is also in the public domain in countries and areas where the copyright term is the author's life plus 80 years or less. This work may also be in the public domain in countries and areas with longer native copyright terms that apply the rule of the shorter term to foreign works.

Public domainPublic domainfalsefalse

Translation:

This work is licensed under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 Unported license.