Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/62

From Wikisource
This page has been proofread.

BEIRT BHUACHAILLÍ BÁIRE


Bhí an oíche bhreacdhorcha bhog de mhí na Lúnasa tithe ar an chathair, agus aer bog, aer a thug an samhradh chun chuimhne, chuaigh tríd na sráideanna. Bhí na siopaí dúnta faoi chomhlaí i gcomhair shos an Domhnaigh agus bhí na sráideanna faoi gach aon dath aerach luaineach le gluaiseacht an tslua iontu. Chaith na lampaí sráide a solas anuas ar an inneach beo fúthu ó mhullach a gcuaillí arda mar a bheadh péarlaí soilsithe iontu. D’athraigh cruth agus dealramh an tslua an t-am ar fad agus d’éirigh monabhar gan athrú gan stad aníos as in aer bog na hoíche léithe.

Tháinig beirt fhear anuas Cearnóg Pharnell. Bhí duine dhíobh ag rá an fhocal deiridh de mhonalóg fhada. An duine eile, a shiúl ar chiumhais an chosáin agus arbh éigean dó dul ar an bhóthar ó am go chéile mar gheall ar mhíbhéas a leathbhádóra, d’éist sé leis agus dreach an éisteora air. Ba fhear giortach le haghaidh chíríneach é. Bhí caipín luamhaireachta á chaitheamh i bhfad siar ar a cheann aige, agus an insint lena raibh sé ag éisteach, chuir sí a dhreach ag athrú ó fhoirceann a sróine, a súl agus a bhéil amach ar fud fad a aghaidh, mar a dhéanaidís cuilithíní ar uisce. Lean rachtanna beaga gáire cársánach a chéile as. Chaith sé súil ar ghnúis a chompánaigh gach ré nóiméad, súil a raibh loinnir an aoibhnis ghlic inti. Uair nó dhó,