Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/63

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

d’athshocraigh sé an seaicéad báistí a bhí caite siar ar a ghualainn aige ar nós tarbhadóra. A bhrístí, a bhróga bána rubair agus a sheaicéad báistí, caite siar go haerach thar a ghualainn mar a bhí, chuireadar cuma na hóige air. Mar sin féin, bhí a chorp tithe i bhfeoil timpeall a bhásta, bhí a chuid gruaige tearc agus liath agus, nuair a d’imíodh na cuilithíní mothúcháin óna aghaidh, fágadh aghaidh a raibh cuma chaite uirthi ina n-áit.

Nuair a bhí sé cinnte dearfa go raibh an spéic thart, rinne sé gáire gan fhuaim a mhair ar feadh leathnóiméid iomláin. Ansin, a deir sé:

“I nDomhnach... sáraíonn sin gach dár chualas riamh!”

Bhí easpa brí le sonrú ina ghlór; agus chun treise a chur lena fhocal, a deir sé le greann:

“Deirim nach bhfuil a shárú beag ná mór ná, go fiú, recherché ar sin”

D’éirigh sé ciúin agus tromaí nuair a bhí sin ráite aige. Bhí a theanga tuirseach mar chaith sé an iarnóin ar fad ag caint i dtigh tábhairne ar shráid Dorset.

Ba é tuairim fhormhór na ndaoine gur shúdaire é Lenehan ach, in ainneoin a chlú, choisc a chlisteacht agus a dheisbhéalacht a chairde ar dul d’aon leith ina éadan. Bhí dóigh chróga aige dul i láthair chomhluadar cairde leis i mbeár agus fanacht go luaineach ar an imeall go gcuirtí san áireamh é i gceannach dí. B’fhánaí barúil é le neart scéalta, luimneach agus tomhas ar bharr a theanga. Bhí sé beag beann ar gach sórt míchúirtéise. Ní fheadair aon duine conas a d’éirigh leis an dúshlán éadrócaireach a bhaineas le slí bheatha a bhaint amach dó féin, ach bhí a ainm luaite ar dhóigh éigin le blúirí rásaí capaill.