freisin thug súil tuirseach in airde ar an spéir. Shílfeá go raibh a chláirseach tuirseach freisin: tuirseach de shúile na ndaoine anaithnid agus do lámha a máistir. Bhí a clúdaigh tite síos faoina glúine ar nós cuma liom. Sheinn lámh amháin fonn Silent, O Moyle[1] ar shreanga dorda na cruite, agus rith an lámh eile tríd an tribil tar éis gach grúpa nótaí. Ba dheas domhain glan é glór na nótaí.
Shiúl an bheirt fhear suas an tsráid gan labhairt, an ceol brónach dá leanúint. Nuair a bhaineadar faiche Stiofáin amach, thrasnaíodar an bóthar. Anseo, torann na dtramanna, na soilse agus an tslua, scaoil óna dtost iad.
“Seo í,” ar Corley.
Bhí bean ina seasamh ag bun Shráid Hume. Bhí gúna gorm agus hata bán seoltóireachta á gcaitheamh aici. Ar chiumhais an chosáin a bhí sí, scáth gréine á luascadh ina láimh. D’éirigh Corley bíogúil.
“Gabhaimis ina láthair go bhfeice mé í,” ar Lenehan.
Thug Corley silleadh súl go leataobhach ar a chara agus leath meangadh gránna gáire air.
“An bhfuilir ag iarraidh theacht isteach orm?” a d’fhiafraigh sé.
“In ainm Chroim!’ ar Lenehan go teann, “ní gá cur mise in aithne dhi. Níl uaim ach amhairc uirthi. Ní íosfad í.”
“Ó... amhairc uirthi?’ ar Corley níos cairdiúla. "Well... céard faoi seo?: rachaidh mise anall a labhairt léi agus tig leatsa dul thar bráid.”
“Tá go maith!” ar Lenehan.
Bhí leathchos caite thar na slabhraí nuair a ghlaoigh Lenehan air:
- ↑ amhrán le Thomas Moore (1779-1852). Rinneadh roinnt bailiúchán de amhráin Moore i ndiaidh a bháis. Moore’s Melodies a chuirtear orthu. Bhí an-tóir ar na hamhráin in Éirinn. Is faoi Fhionnúala é an t-amhrán seo thuasluaite, duine den cheathrar pháistí i bhfinscéal ‘Oidhe Chlainne Lir’. Is é Moyle, Sruth na Maoile idir Éirinn agus Albain, ceann den trí áit ina gcaitheann páistí Lir trí chéad den 900 bliain mar ealta. Deir líne den amhrán go bhfuil Éire faoi shuan i ndorchadas (i. Dorchadas an phágánachais roimh theacht Bhriathar Dé).