Jump to content

Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/70

From Wikisource
This page has been proofread.

“Agus ina dhiaidh? Cá bhfeicfimid a chéile arís?”

“Leath i ndiaidh a deich,” ar Corley, ag tarraingt na coise eile chuige.

“Cén áit?”

“Coirnéal Shráid Mhuirfean. Tiocfaimid ar ais.”

“Beir bua,” a d’fhág sé mar cheiliúradh dhe.

Níor thug Corley freagra dá laghad. Shiúl sé trasna an bhóthair ar a bhogstróc, a cheann ag bogadh anonn is anall. A chabhail mhór, a shiúl réchúiseach agus torann trom a bhróg, chuireadar cuma an chloíteora air. Tháinig sé ionsar an bhean óg agus, gan beannú dá laghad a thabhairt di, thosaigh ag caint léi. Thosaigh sise ag iompú a scáth báistí níos tapúla agus ag casadh leath-thimpeall ar a sáil. Uair nó dhó, nuair a labhair seisean bonn le bonn léi, rinne sí gáire agus chrom a ceann.

Choimhéad Lenehan orthu ar feadh chúpla nóiméad. Ansin shiúl go mear píosa amach uathu le taobh na slabhraí agus thrasnaigh an bóthar ar fiar. Ag teacht i ngar do choirnéal Shráid Hume dó, thug sé cumhra láidir san aer faoi deara agus rinne mionscrúdú gairid imníoch ar dhreach agus ar chorp na mná óige. Bhí sí feistithe go Péacógach ina cuid éadaí Domhnaigh. D’fháisc crios dubh leathar a gúna gorm saraiste faoin bhásta. Shílfeá go raibh búcla mór airgead a creasa ag teannadh isteach a láir agus é ag ceangail stuif éadrom a blúis ar nós bioráin. Bhí seaicéad gearr dubh le cnaipí néamhainn agus muince chifleogach cleite dubha á gcaitheamh aici. Bhí ciumhais a bóna fialsíoda