Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

curtha in aimhréidh d’aon toisc aici agus bhí táth mór bláthanna dearga ceangailte dá blús agus a ngais in airde. Shonraigh Lenehan a corp íseal téagartha. Corp feidhmiúil, a mheas sé. Bhí luisne rúpach sláinte an bhradáin ina haghaidh agus ina leicne ramhra dearga agus bhí loinnir na sláinte ina súile gorma neamhchúthaile. Ba gharbh-chumtha a ceannaithe. Bhí poill mhóra sróine, béal sleabhctha a d’fhan ar oscailt i straois mhacnasach, agus corrfhiacla aici. Agus é ag dul thar a mbráid, bhain Lenehan de a chaipín, agus d'fhreagair Corley le comhartha san aer tuairim is deich soicind níos moille. Is é an chaoi a rinne sé seo, chuir a lámh in airde ar éigean agus shocraigh a hata go machnamhach.

Shiúl Lenehan a fhad leis an Shelbourne Hotel gur fhuirigh ansin. Tar éis tamaill gairid, chonaic sé iad ag teacht ina leith agus, nuair a chasadar ar dheis, lean iad, é ag siúl go héadrom síos taobh amháin de Chearnóg Mhuirfean ina bhróga bána. Agus é ag siúl ar aghaidh go mall, de réir a gcoiscéime siúd, bhreathnaigh ar cheann Corley, ag casadh gach ré nóiméad i dtreo na mná amhail úill móir ag tiontú ar mhaighdeog. Choinnigh sé faoi raon radhairc iad gur fhaca sé iad ag dul suas staighre thraein an Domhnach Broc; ansin chas ar a sháil agus d’fhill ar ais.

Anois ó bhí sé leis féin bhí dreach níos sine air. Déarfá gur thréig a aeracht é. Ag teacht ar na ráillí taobh le Plásóg Laighean dó, lig sé dá láimh cuimilt dóibh. Ghabh an port a d’imir an cruitire seilbh ar ghluaiseacht a chorp. Bhuail a bhróga ciúine an port