Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

ar an chosán agus d’imir a méara scála breachnaithe ar na ráillí go neamh-aireach i ndiaidh gach grúpa nótaí.

Shiúl sé go díbheo timpeall Fhaiche Stiofáin agus ansin síos Sráid Grafton. Cé gur thug a shúile suntas i neart gnéithe den tslua a ndeachaigh sé tríd, is go gruama a thug. Na rudaí go léir a bhí ceaptha suairceas a chur air, is amhlaidh gur bheag leis iad, agus níor fhreagair sé na súile a caitheamh air, súile a thug fáilte roimh teanntás. Bhí a fhios aige go gcaithfeadh sé déanamh go leor cainte, go mb’éigean dó déanamh neart cumadóireachta chun dhéanamh siamsa don chuideachta, ach bhí a scornach agus a intinn ró-spallta do dhualgas dá shórt. Ba ábhar imní dó conas na huaireanta a chur thart go dtiocfadh Corley ar ais. Níor léir leis dóigh ar bith eile le caitheamh an ama ach amháin coinneáil leis ag siúl. Chas sé ar chlé nuair a tháinig a fhad le coirnéal Chearnóg Parnell agus d’airigh sé níos mó istigh ann féin sa tsráid chiúin dhorcha, ar fheil a dealramh gruama dá ghiúmar. Stad sé faoi dheireadh roimh fhuinneog siopa a raibh cuma bhocht air agus a raibh Refreshment Bar scríofa i gcló bán ós a chionn. Bhí dhá rud scríofa ar an fhuinneog: Ginger Beer agus Ginger Ale. Bhí ceathrú liamháis a raibh cúpla stiall gearrtha dhe ar taispeáint ar phláta mór gorm agus bhí slisne mearóg Nollag an-éadrom ar phláta i ngar dó. Dhearc sé go santach ar an bhia seo ar feadh achair agus ansin, i ndiaidh dó súil aireach a chaitheamh suas, síos an tsráid, chuaigh isteach de sciotán.

Bhí ocras air óir, cé is moite de roinnt brioscaí a d’iarr sé ó bheirt shéiplíneach, níor ith sé aon cheo ó bhí sé ina am chuid na maidine. Shuigh sé síos chun boird ag tábla adhmaid gan chlúdach, os comhair