Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

le cinntiú nach raibh aon duine ag amhairc air, rith sé trasna an bhóthair go díocasach. A imní agus a iarracht reatha, chuireadar saothar anála air. Ghlaoigh sé:

“Haló, Corley!”

Chas Corley a cheann timpeall chun féachana cé a ghlaoigh air agus ansin choinnigh sé ar a shiúl. Rith Corley ina dhiaidh agus é ag socrú a sheaicéad báistí ar a ghualainn le láimh amháin.

“Haló, Corley!” a ghlaoigh sé arís.

Tháinig sé taobh lena chara agus scrúdaigh a ghnúis. Ní fhaca sé comhartha dá laghad uirthi.

Well,” a deir sé, “ar oibrigh sé?”

Bhíodar tagtha chomh fada le coirnéal Phlás Íle. Gan focal uaidh ar feadh an achair, chas Corley go tobann ar chlé agus chuaigh suas taobhshráid. Bhí cuma stuama air. Choinnigh Lenehan bord ar bord lena chara agus saothar air. Bhí mearbhall air agus mailís le sonrú ina ghlór.

“Nach ndéarfá liom é?” a dúirt sé. “Ar iarrais uirthi?”

Stad Corley ag an chéad chuaille lampa agus é ag stánadh amach roimhe go dorrga. Ansin shín amach a lámh go tromchúiseach chuig an solas agus d’oscail go mall faoi shúile a dheisceabail. Leath aoibh an gháire air. Bhí bonn beag ór ag glioscarnach ina bhois.