Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

AN TEACH LÓISTÍN


Ba iníon le búistéir í Mrs Mooney.[1] Ba bhean í a bhí breá ábalta coinneáil rudaí faoina fiacail: bean thiomanta a bhí inti. Phós sí maor a athar agus d’oscail siopa búistéara gar do Shráid Ghairdín an Tobair. A thúisce is a fuair a athair céile bás áfach, d’imigh an diabhail air. D’óladh sé, dhéanadh creach ar an scipéid agus chuaigh i ndiaidh a chinn i bhfiacha. Ba bheag an mhaith é iallach a chur air séanadh an óil i bhfianaise an tsagairt: thosódh sé arís i gceann cúpla lá. Throideadh sé lena bhean os comhair na gcustaiméirí agus cheannaíodh drochfheoil, rud a mhill a ghnó. Rinne sé iarracht ar a bhean le tua búistéara oíche amháin agus b’éigean di an oíche a chaitheamh i dtigh comharsan.

I ndiaidh na heachra sin, níor chuireadar fúthu faoin díon céanna. Chuaigh sí faoi bhráid an tsagairt agus fuair scaradh óna fhear le cúram na bpáistí aici féin uaidh. Ní thabharfadh sí airgead ná bia dhó ná ní ligfeadh sí faoin díon céanna léi dhó; agus b’éigean dó glacadh le post mar bháille dá dheasca. Ba mheisceoir beag giobach cromshlinneánach é le haghaidh bhán agus croiméal bán agus le mallaí bána crochta os cionn a shúile beaga, a bhí liathdhearg; agus chaitheadh sé an lá ar fad ina shuí in oifig an mhaoir ag fanacht ar dhualgas oibre.

  1. Bean [Inío]n Uí Maonaigh. Is é is dóchaí gurb as maon + ach a eascraíos an sloinne, mar leasainm ar dhuine balbh. Mar sin féin, dar le Surname Database, is leasainm muirnéise é maonach, nó leasainm ar dhuine shaibhir (i. Maoin). Ní dócha gur thoil Joyce an íoróin seo, ach cá bhfios?