Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/79

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Ba fhorránach mór mná í Mrs Mooney. Bhailigh sí an méad airgid a bhí fágtha i ngnó na búistéireachta léi agus bhunaigh teach lóistín ar Shráid Hardwicke. Ba thurasóirí as Learpholl agus Oileán Mhanann agus, scaití, artistes as na hallaí ceoil iad a lóistéirí gearrthéarmacha. Maidir leis na lóistéirí fadtéarmacha, ba chléirigh as an chathair féin dóibh. Stiúr sí an teach go cliste, dian, daingean. Thuig sí cathain ligin cairde, cathain bheith dian agus cathain fulaingt le rudaí. The Madam a thugadh na lóistéirí fadtéarma uile uirthi.

D’íocaidís fir óga Mrs Mooney cúig scilling déag in aghaidh na seachtaine do bhia agus leaba (gan beoir ná leann dubh ag am dinnéir a chur san áireamh). Bhí dúil acu sna rudaí céanna, bhí an tslí bheatha céanna acu go léir agus bhíodar an-mhór lena chéile dá bharr. Phléidís seansanna roghanna an phobail sna rásaí capall agus seansanna na gcapall nach raibh tóir orthu. Jack Mooney, mac an Madam, ar chléireach ag gníomhaire coimisiúin ar Shráid na Toinne é, bhí sé de cháil air gur bhuachaill báire é. Bhí gach aon gháirsiúlacht ar bharr a theanga aige mar a bheadh ag saighdiúir: bhí sé de nós aige teacht abhaile i gcroílár na hoíche. Bhíodh scéal grinn aige dá chairde i gcónaí agus bhíodh eolas aige faoi rud dealraitheach i dtólamh – is é sin, capall nó artiste a raibh gealladh faoi. Bhí dorn maith aige i gceann troda freisin agus ghabhadh sé amhráin grinn. Ba mhinic teacht a bhíodh le chéile i seomra caidrimh Mrs Mooney ag aghaidh an tí. Sheinneadh ceoltóirí an halla ceol dóibh; agus sheinneadh Sheridan válsaí agus polcaí agus réthionlacain. Chanadh Polly Mooney freisin, iníon an Madam. Ghabhadh sí: