Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/80

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
"Is... raiteog mé.
Ní call a shéanadh:
tá 'fhios a’t é."

Ba chailín seang naoi mbliana dhéag d’aois í Polly; bhí gruaig mhín éadrom agus bhí béal beag bruasach aici. Súile liatha le hoiread na fríde de dhath glas a bhí aici. Bhí nós aici caitheamh sracfhéachana in airde nuair a labhraíodh sí le daoine, rud a chuir cuma Maighdine Muire bige saoibhe uirthi. Chuir Mrs Mooney a hiníon ag obair mar chlóscríobhaí in oifig cheannaí arbhair ar dtús ach, toisc go dtugadh maor míchlúiteach cúirt uirthi a iarraidh cead cúpla focal a rá lena iníon, thug sí a hiníon abhaile arís agus chuir i mbun obair an tí. As siocair gurbh an-spleodrach í Polly, ba é an rún a bhí ann, teacht gan srian ar na fir óga a thabhairt di. Thairis sin, taitníonn sé le fir nuair a bhíos bean óg ina measc. Ar ndóigh, rinne Polly spallaíocht leis na fir óga, ach bhí a fhios ag Mrs Mooney, arbh mheastóir maith daoine í, nach raibh i gceist ag na fir ach an t-am a mheilt: ní raibh duine ar bith díobh dáiríre fúithi. Is amhlaidh a lean rudaí ar aghaidh ar feadh i bhfad agus thosaigh Mrs Mooney ag machnamh ar Polly a chur ar ais ag obair mar chlóscríobhaí nuair a thug faoi deara go raibh rud éigean ar siúl idir Polly agus duine de na fir óga. Choimhéad sí ar an bheirt díobh agus choinnigh a hintinn aici féin.

Bhí a fhios ag Polly go raibh sí á coimhéad, ach fós ba bhreá shoiléir é céard ba bhrí le tost seasmhach a máthar. Ní dhearna an mháthair agus an iníon comhpháirteachas, comhar ná socrú, ní raibh tuiscint oscailte dá laghad eatarthu, ach fós féin, in ainneoin gur thosaigh daoine sa tigh ag