Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

caint faoin chaidreamh, níor chuir Mrs Mooney isteach air. D’éirigh Polly pas beag coimhthíoch agus ba léir go raibh faitíos ar an fhear óg. Faoi dheireadh, nuair a mheas sí go raibh an nóiméad ceart tagtha, rinne sí rud faoi. Chaitheadh sí le fadhbanna morálta mar a chaitheas tua búistéara le feoil: agus sa chás seo bhí sé socair ina hintinn aici.

Maidin gheall thús an tsamhraidh a bhí ann agus bhí cosúlacht teasa uirthi ach bhí leoithne láidir gaoithe ag séideadh. Bhí gach aon fhuinneog sa tigh lóistín ar oscailt agus líon na cuirtíní lása i dtreo na sráide faoina saiseanna arda. Bualadh clog [Saint] George’s Church[1] arís agus arís eile agus thrasnaigh a lucht freastail an cóngar bóithre os a chomhair ina ngúpaí agus ina n-aonar. Ba léir a rún óna n-iompar stuama agus ó na leabhair bheaga ina lámha. Bhí cuid na maidine thart sa tigh lóistín agus bhí tábla an tseomra bricfeasta lán le plátaí a raibh stríoca buí uibhe agus ruainní beaga de shaill bhagúin agus de chraiceann bagúin orthu. Shoiprigh Mrs Mooney í féin sa chathaoir uilleann tuí gur amhairc ar Mary agus ise ag bailiú na ngréithe bricfeasta. D’ordaigh sí bailiú le chéile na gcrústaí agus an bhruscar aráin do Mary chun a gcurtha le harán ar bhainne Dé Máirt. Nuair a bhí an bord glanta, an bruscar aráin bailithe, an siúcra agus an t-im curtha faoi ghlas, thosaigh sí ag cuimhneamh siar ar an agallamh a bhí aici le Polly an oíche roimhe. Bhí rudaí faoi mar a mheas sí: níor chuir sí fiacail ina ceisteanna agus níor chuir Polly fiacail ina freagraí.

  1. seanteampall a bhain le hEaglais na hÉireann ar Shráid Hardwick (barr Shráid an Teampaill). Ní teampall níos mó an foirgneamh seo: díoladh é mar gheall ar cheall airgid chun a dheisithe.