Bhí beagán aiféaltais orthu beirt, ar ndóigh. Cuireadh aiféaltas uirthise óir níor mhaith léi go mbeadh cuma ró-fhuarchroíoch uirthi agus í ag éisteacht leis an nuacht ná go síltí gur lig lenar tharla d’aon turas, agus cuireadh aiféaltas ar Polly ní amháin de bhrí go gcuiridís tagairtí dá leithéid aiféaltas uirthi i gcónaí, ach freisin óir nár mhaith léi go síltí gur thomhais, agus a soineanta, críonna is a bhí sí, gur thomhais an rún taobh thiar de chaoinfhulaingt a máthar.
Le dúchas, chaith Mrs Mooney súil ar an chlog beag óraithe ar an mhatal a thúisce is a mhothaigh sí trína machnamh gur stop cloig George’s Church ag bualadh. Bhí sé seacht nóiméad déag tar éis a haon déag: bheadh neart ama aici chun dul i ngleic le Mister Doran[1] agus ansin bheith in am d’Aifreann Gairid Mheán Lae ar Shráid Mhaoilbhríde. Ise a bhuafadh, bhí sí cinnte dhe. Ar an chéad-dul síos, bhí tuairim an phobail ar fad léi: bá mháthair í a cuireadh le buile de bhrí go ndearnadh éagóir ar a hiníon. D’fháiltigh sí isteach ina teach féin é, ar an tuiscint gurbh fhear é a bhí scrupall ann, agus is amhlaidh gur tháinig sé i dtír ar a cineáltas. Bhí seisean cheithre nó chúig bliana déag is fichid d’aois, mar sin ní leithscéal ar bith dó baois na hóige ó tharla go raibh roinnt taithí aige ar an tsaol. Tháinig sé i dtír ar a óige is a bhí Polly agus ar a easpa cleachta ar an tsaol, sin a bhí faoi: ba shoiléir é. Ba í an cheist: cén cúiteamh a dhéanfadh sé?
Caithfear tabhairt cúitimh i gcásanna mar é. Is méanar don fhear: tig leis dul ar a bhealach faoi mar nár tharla tada, i ndiaidh dó baint