Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/83

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

a sheal suilt, ach is í an cailín is mó a bhios thíos leis. Is leor le roinnt máthar réiteach an scéil le suim airgid; bhí roinnt cásanna dá sórt ar eolas aici. Ní dhéanfadh sise amhlaidh áfach. Ní raibh ach aon chúiteamh amháin, dar léise, a d’íocfadh as an mhíchlú a tarraingíodh ar a hiníon: pósadh.

Mheas sí a cártaí go léir arís eile sular chuir sí Mary suas chuig seomra Mr Doran a rá leis gur mhian léi labhairt leis. Bhí sí cinnte go mbuafadh sí. Fear stuama a bhí ann, ní raibh sé ragairneach ná callánach mar a bhí an chuid eile dhíobh. Dá mba Mr Sheridan ná Mr Meade ná Bantam Lyons a bhí i gceist, bheadh obair níos déine aici. Níor dóigh léigh go dtabharfadh sé dúshlán bhéal an phobail. Bhí cur amach éigean ag na lóistéirí uile sa tigh faoin chaidreamh; cumadh sonraí le cuid díobh. Ar aon nós, bhí sé fostaithe ag oifig mhór Chaitliceach Cheannaí fíona le trí bliana déag anuas agus b’fhéidir go gcaillfeadh sé a phost dá dtéadh an scéal i mbéal an phobail. Dá ngéilleadh sé, seans go mbeadh gach aon rud ceart go leor áfach. Bhí a fhios aici go raibh slí bheatha mhaith aige agus bhí sí den tuairim go raibh roinnt airgid curtha i dtaisce aige.

Bhí sé nach mór leathuair tar éis! Sheas sí suas agus thug súil ghrinn uirthi féin sa scáthán piara. An dreach diongbháilte ar a haghaidh mhór chíríneach, thug misneach di agus smaoinigh sí ar roinnt máithreacha ar aithne aici nár éirigh leo cur i gcrích a gcúram iníonacha.

Bhí an-imní go deo ar Mr Doran an mhaidin Dé Domhnaigh seo. Rinne sé dhá iarracht ar a bhearradh ach bhí an oiread sin creathadh ina láimh is gurbh éigean dó éirí as. Sheas cluimhreach