Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

féasóige rua trí lá amach ar a ghiall agus chruinnigh ceo ar a spéaclaí gach dhá nó trí nóiméad sa dóigh is go raibh air a mbaint de a ghlanadh le ciarsúr póca. Ábhar céasta aige ab ea cuimhne na hoíche roimhe sin; tharraing an sagart gach uile shonra seafóideach den scéal de agus rinne chomh mór marfach dá pheaca ag an deireadh go raibh sé buíoch den deis cúitimh a dheonaigh sé dhó. Bhí an dochar déanta anois. Céard eile a d’fhéadfadh sé déanamh anois ach a pósadh nó dul ar a theitheadh? Ní fhéadfadh sé éirí thuas ar a sháinn. Ba é ba dhóichí go mbeadh an scéal ina údar cainte agus níor mhó ná go bhfaigheadh a fhostóir gaoth dhe. Sin é a bhige is atá Áth Cliath: bíonn fios ag madraí an bhaile fút. D’éirigh a chroí ina bhéal agus é ag samhlú glór grágach Mr Leonard ag fógairt: “Cuir Mr Doran isteach chugam, le do thoil.”

A bhlianta fada seirbhíse go léir curtha ó mhaith! A dhlús oibre is a dhílseacht ar fad caite san aer! D’imir sé a bháire baoise agus é ina fhear óg, ar ndóigh; mhaíodh sé as saoirse a hintinne agus shéanadh Dia lena chomrádaí sna tithe tábhairne. Bhí sé réidh leis an tsaol sin ar fad anois áfach... beagnach. Cheannaíodh cóip den Reynold’s Newspaper gach seachtain fós ach chomhlíonadh a dhualgais reiligiúnacha agus chaitheadh gnáthshaol naoi ndeichiú den bhliain. Bhí dóthain airgid aige chun socruithe síos; níorbh í sin an fhadhb. Ach bheadh cor ina sróin ag a mhuintir chuici. I dtosach báire, bhí an t-athair míchlúiteach ann, agus ansin bhí teach lóistín na máthar ag tosú ag tarraingt