Page:1917 Dubliners by James Joyce.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

Stán sé go géar uaidh gach uair a stop tram ag an chúinne eile den chearnóg. Ní mó ná gur imíodar abhaile ar bhealach eile. Bhris páipéar a thoitín agus chaith sé ar an bhóthar agus eascaine uaidh.

Go tobann, chonaic sé iad ag teacht ina leith. Baineadh preab áthais as. Agus é ag fanacht i ngaobhar don chuaille lampa, rinne iarracht an toradh a léamh óna n-imeacht. Bhíodar ag siúl go gasta, an bhean óg ag tabhairt céimeanna tapa agus Corley lena taobh agus é ag dul dá chéimeanna móra. Ba chosúil go rabhadar ina dtost. Phrioc tuairim faoin toradh é mar a dhéanadh uirlis ghéar. Theipfí ar Chorley; bhí a fhios aige gur chath caillte é.

Chasadar síos Sráid Bhagóid agus lean sé ar an phointe boise iad ar an taobh eile den tsráid. Am ar bith a stopadar, stop seisean freisin. Labhraíodar le chéile ar feadh roinnt meandar agus ansin d’imigh an bhean óg síos céimeanna go fochlós tí. D’fhan Corley ina sheasamh ar chiumhais an chosáin, achar gairid ó na céimeannaibh. D’imigh roinnt maith nóiméad thart. Ansin osclaíodh an doras tosaigh go mall, cáiréiseach. Tháinig bean síos na céimeanna de rith agus rinne casacht. D’iompaigh Corley timpeall agus dhruid léi. Chuir corp leathan Corley a corp siúd faoi cheilt ar feadh scaithimh agus ansin nochtadh arís í agus í ag rith suas na céimeanna. Dúnadh an doras arís ina diaidh agus thosaigh Corley ag siúl go mear i dtreo Fhaiche Stiabhna.

Chuaigh Lenehan sa treo céanna chomh tiubh is a tháinig leis. Thit cúpla braon éadrom báistí anuas. Ghlac sé iad mar rabhadh agus, tar éis chaitheamh súil siar ar an teach inar chuaigh an bhean óg,